Uirlis chuardaithe curtha ar fáil do scéalta Dúchas.ie

Is féidir, de thoradh uasdátú a rinneadh ar an suíomh béaloidis le deireanas, cuardach a dhéanamh ar fhocail sna scéalta a thras-scríobh Meitheal Dúchas.ie ó tosaíodh ar an obair i mí Feabhra na bliana seo

Duchas

Is féidir ‘cuardach téacs’ a dhéanamh feasta ar an suíomh béaloidis Dúchas.ie a ligfidh don léitheoir téacs na scéalta, i measc rudaí eile, a thras-scríobh Meitheal Dúchas.ie a chuardach de réir an fhocail.

Fágann sé go mbeifear in ann cuardach níos éifeachtaí a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla den bhéaldoideas agus den seanchas.

Tá trí chatagóir ar an suíomh ar féidir an cuardach a dhéanamh iontu: sonraí na scoileanna, sonraí na scéalta agus téacs na scéalta.

Is furasta aistriú ó chatagóir go catagóir san inneall cuardaigh ach na cluaisíní ar bharr an leathanaigh a chliceáil. Taispeántar ainm na scoile, ainm an mhúinteora ranga agus an áit a bhfuil an scoil faoin gcéad chluaisín; teideal an scéil, ainm agus gairm bheatha an bhailitheora agus an scéalaí agus chéad líne an scéil faoin dara cluaisín; agus téacs iomlán an scéil, más ann dó, faoin gcluaisín deiridh.

Ní féidir foirmeacha infhillte na bhfocal a chur san áireamh agus ní aithnítear leaganacha malartacha d’fhocail. Mar sin ní thaispeánfar ‘daoine’ má chuardaítear ‘duine’ agus ní aimseoidh ‘áiteacha[í]’ ‘áiteanna’.

Is féidir réaltóg (*) a chur ag deireadh na míre cuardaigh chun gach focal dár tús na míre sin a chuardach. Mar shampla, aimseoidh ‘áit*’

na focail ‘áite’, ‘áiteacha’, ‘áitiúil’ agus araile.

Tá 4,614 leathanach tras-scríofa ó cuireadh tús leis an togra Meitheal Dúchas.ie agus tuairim is 50,500 leathanach fós le déanamh. Iarradh ar an bpobal tras-scríobh a dhéanamh ar na scéalta a bailíodh sna ceantair Ghaeltachta mar chuid de Bhailiúchán na Scol sna 1930idí.

Tá leagan digitithe den ábhar ar fáil saor in aisce, scéalta agus amhráin ón mBlascaod Mór agus Conamara chomh maith le Gaeltacht Thír Chonaill ina measc, ar Dúchas.ie.

Nuair a bheidh an obair tras-scríofa curtha i gcrích, beifear in ann téacs na scéalta tras-scríofa a chuardach ina iomláine.

Fág freagra ar 'Uirlis chuardaithe curtha ar fáil do scéalta Dúchas.ie'