Údar sásaimh ag muintir Chorca Dhuibhne agus gradam nua don Congressman Richard E. Neal

Tá gradam nua i  dTeach na nIonadaithe fachta ag  an Congressman Richard E. Neal, a bhfuil rútaí láidre aige i gCorca Dhuibhne

Údar sásaimh ag muintir Chorca Dhuibhne agus gradam nua don Congressman Richard E. Neal

Ábhar mór sásaimh d’imircigh Chorca Dhuibhne agus a sliocht i gceantar Springfield, i Massachussets, sna Stáit Aontaithe, agus go deimhin dona lán anseo  i gCiarraí Thiar,  is ea an gradam nua i  dTeach na nIonadaithe atá fachta ag  an Congressman Richard E. Neal, Daonlathach, ó chathair Springfield. Le déanaí to rinne a chomhghleacaithe é a thoghadh mar ‘The Ranking Minority Member of the Ways and Means Committee of the U.S. House of Representatives.’

Tá an Coiste seo ar na cinn is cumhachtaí i gComhdháil na Stát Aontaithe agus tugann sé aird ar leith ar  chúrsaí cánach, trádála, cúram sláinte agus slándáil shóisialach (tacaíocht ioncaim d’aosaigh).

Ina ról nua, beidh sé i gceannas ar fhreasúra na nDaonlathach i gcoinne iarrachtaí an Uachtaráin nuacheaptha, Donald J. Trump, scéim Obamacare a bhaint as a chéile agus na hathruithe a theastaíonn ó Trump a dhéanamh ar chúrsaí Slándála Sóisialaí, Medicare (cúram sláinte d’aosaigh) agus Medicaid (cúram sláinte do bhochtáin) a chur i leith a gcúil. Beidh Neal ag faire amach, chomh maith, d’iarrachtaí Trump chun cánacha ar an dream saibhir a laghdú ar chostas na meánaicme.

Toghadh Neal chun na comhdhála ar dtús i 1988 agus bhí sé tráth ina Mhéara ar Springfield. Is ionadaí é ar cheann de na Ceantair Chomhdhála (Congressional Districts) is mó a bhfuil daoine de shliocht Gael ina gcónaí agus ina measc sin tá  sliocht  imirceánach ó Chorca Dhuibhne agus, go deimhin, ón mBlascaod Mór.  Thug sé roinnt cuairteanna ar Chorca Dhuibhne agus le linn cheann de na turais sin do bhronn an staraí ó Cheann Trá, an Dr. Breandán Ó Cíobháin, craobh ghinealaigh a athar ar Neal.  Go deimhin, is ó Thuaisceart Éireann a shinsir ó thaobh a mháthar agus is ó pharóiste Fionntrá, in Iarthar Duibhneach, a shinsir ó thaobh a athar.

Tá sé le blianta fada ina chomh-chathaoirleach ar ‘The Friends of Ireland Caucus’ agus do bheadh ról mór aige, dá bhrí sin, ag tabhairt aire don slua mór imirceoirí atá ag maireachtaint go ‘mídhleathach’ sna Stáit Aontaithe. I dteannta gach rud eile, tá Neal gníomhach i ngluaiseacht na síochána I dTuaisceart Éireann le blianta.

Fág freagra ar 'Údar sásaimh ag muintir Chorca Dhuibhne agus gradam nua don Congressman Richard E. Neal'