Údar ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ faoi agallamh i Siopa Leabhar Kennys

GNÉ-ALT FÓGRÁIOCHTA: Beidh an t-údar Tadhg Mac Dhonnagáin faoi agallamh ag Doireann Ní Ghríofa i Siopa Leabhar Kennys i nGaillimh tráthnóna Dé hAoine seo chugainn

Údar ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ faoi agallamh i Siopa Leabhar Kennys

Is iontach go deo an moladh atá faighte agus á fháil ag Madame Lazare, an chéad úrscéal le Tadhg Mac Dhonnagáin, an chéad leabhar a d’fhoilsigh Barzaz. D’éirigh leis an leabhar seo do dhaoine fásta Leabhar Gaeilge na Bliana An Post 2021 a chrochadh leis agus “aitheantas speisialta” a shaothrú ag Gradaim Litríochta an Aontais Eorpaigh 2022, mar a raibh 41 saothar as 13 tír eile.

Chun an t-aitheantas idirnáisiúnta sin a cheiliúradh beidh Tadhg Mac Dhonnagáin i láthair i Siopa Leabhar Kennys ar an taobh thoir de chathair na Gaillimhe tráthnóna Dé hAoine seo chugainn. Ag comhrá leis ansin beidh an t-údar dátheangach agus an file aitheanta Doireann Ní Ghríofa, ar bhuaigh a leabhar iontach féin A Ghost in the Throat Leabhar na Bliana An Post in 2020, chomh maith le duaiseanna eile.

Litríocht Éireann a d’ainmnigh Madame Lazare ar son na hÉireann don ghradam Eorpach agus i mbliana an chéad uair ar ainmníodh leabhar Gaeilge don ghradam idirnáisiúnta sin. Is é is aidhm don duais litríocht na hEorpa a chur á haistriú agus á léamh ar fud na hEorpa.

Dúradh gur thuill Madame Lazare an t-aitheantas speisialta “as éacht liteartha an tsaothair agus é a bheith beag beann ar theorainneacha”.

Seo scéal mná óige de bhunadh Giúdach arbh éigean dá seanmháthair, Hana Lazare, teitheadh ó na Naitsithe ina hóige. Agus an aois buailte ar an tseanmháthair tá a gariníon sa tóir ar a scéal, tóraíocht a thugann go Páras, an Bhruiséil agus Árainn í.

Ar ndóigh tá aithne mhór ar Thadhg mar údar agus mar fhoilsitheoir. Thuill a dhá leabhar faoin bhfile Antaine Raiftearaí ardmholadh agus tá scripteanna scannáin agus amhráin scríofa aige chomh maith.

Beidh an ócáid cheiliúrtha seo ar siúl ag a 6.00pm, an Aoine 18 Samhain, sa siopa leabhar. Ócáid dhátheangach, Gaeilge agus Béarla, a bheidh ann agus beidh deoch le fáil roimh an ócáid saor in aisce seo.

Beidh cóipeanna den leabhar, Madame Lazare ar díol sa siopa. Is féidir ticéad a chur in áirithe ar Eventbrite [‘Eventbrite Tadhg Kennys’] nó siopa Kennys 091-709350.

Fág freagra ar 'Údar ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ faoi agallamh i Siopa Leabhar Kennys'