Aitheantas speisialta tugtha d’úrscéal Gaeilge i bPáras

Bhí Tadhg Mac Dhonnagáin ar dhuine de sheisear údar ar thug Gradam Litríochta an Aontais Eorpaigh 2022 aitheantas speisialta dóibh 

Aitheantas speisialta tugtha d’úrscéal Gaeilge i bPáras

Tugadh ‘aitheantas speisialta’ d’úrscéal Gaeilge ag Gradam Litríochta an Aontais Eorpaigh 2022 le déanaí. Madame Lazare, an chéad úrscéal le Tadhg Mac Dhonnagáin, a thuill an t-aitheantas sin ag Aonach Leabhar Pháras.  

Is iad Literature Ireland an eagraíocht a d’ainmnigh an t-úrscéal agus an t-údar le hionadaíocht a dhéanamh ar son na hÉireann ag Gradam an AE don Litríocht agus ba é Madame Lazare an chéad leabhar Gaeilge riamh a ainmníodh. Bhí sé ar cheann de cheithre leabhar déag ó cheithre thír déag a bhí san iomaíocht. 

Bronnadh aitheantas speisialta ar chúigear eile: Gaea Schoeters, an Bheilg; Slađna Nina Perković, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin; Jacobo Bergareche, an Spáinn; Eugenia Kuznetsova, An Úcráin agus buaiteoir na mórdhuaise,  Iva Pezuashvili, an tSeoirsia, dá úrscéal A Garbage Chute.

Scéal é Madame Lazare faoi bhean óg Francach, Levana, atá bródúil as a dúchas Giúdach agus as na mná láidre a chuaigh roimpi. Duine acu sin í Hana Lazare, seanmháthair Levana, a theith óna tír dhúchais i dtuaisceart na hEorpa nuair a bhí sí ina cailin óg, an t-aon duine dá muintir a tháinig slán ó shlad na Naitsíoch. De réir mar ghluaiseann an scéal ó Pháras go dtí an Bhruiséil go cósta thiar na hÉireann, druideann Levana leis an bhfírinne faoina seanmháthair agus leis an tubaiste ba chúis leis an saol rúnda atá caite ag Madame Lazare.

Bronnadh gradam An Post don Leabhar Gaeilge is Fearr ar Madame Lazare in 2021. 

Ag labhairt dó faoin ngradam dúirt Tadhg Mac Dhonnagáin “Is rímhór agam an onóir seo, ar an gcéad dul síos a bheith ainmnithe thar ceann na hÉireann agus anois a bheith roghnaithe i measc na n-údar don aitheantas speisialta seo. 

“Ceann de na príomhaidhmeanna atá leis an EUPL ná leabhair a chur á léamh taobh amuigh de na tíortha agus de na pobail teanga inar scríobhadh iad. Fíorú aislinge a bheadh ann dom a leithéid sin a fheiceáil ag tarlú le Madame Lazare.”

Is é Barzaz, inphrionta do dhaoine fásta de chuid an chomhlachta Futa Fata, a d’fhoilsigh Madame Lazare.

Fág freagra ar 'Aitheantas speisialta tugtha d’úrscéal Gaeilge i bPáras'

  • Eoghan Ó Néill

    Léigh mé an leabhar sin, bíonn tú tarraingte isteach ann ó na céad leathnaigh ar aghaidh. Scríobh sé ceann faoi Reaftaire blianta ó sin a bhí sár-mhaith fosta.

  • Pól Ó Braoin

    Comhghairdeas leat a Thadhg. Bhain mé an-spórt uilig as an gcaint a bhí ar súm againn leat le deireanaí agus gura míle maith agat as teacht isteach ag caint linn. Bhí neart agus níos mó le foghlaim uait agam. Tá mé ag baint an-súp uilig as do leabhar Madame Lazare is nár laga Dia go deo thú…

  • Mise Áine

    Comhghairdeachas ó chroí leis!

  • Fidelma

    Comhghairdeas ó chroi le Tadhg as an éacht seo.