Údar ‘imní’ é nach bhfuil treoir fiú faighte ag aire faoi straitéis Gaeilge

Tugadh le fios ag cruinniú Choiste Pobal an fheidhmeannais le déanaí nach bhfuil aon treoir faighte fós ag an Aire Pobal faoin straitéis don Ghaeilge, a bhfuil dualgas dlí ar an fheidhmeannas í a thabhairt isteach

Údar ‘imní’ é nach bhfuil treoir fiú faighte ag aire faoi straitéis Gaeilge

Is “údar imní” agus “díomá mhór” nach bhfuil aon treoir maidir leis an straitéis Gaeilge ó thuaidh faighte ag an aire atá i gceannas ar an straitéis a thabhairt isteach.

Tugadh le fios ag cruinniú de Choiste Pobal Fheidhmeannas Stormont le déanaí nach bhfuil sonraí scéal na straitéise faighte fós ag an Aire Pobal Gordon Lyons faoin straitéis don Ghaeilge ó thuaidh, straitéis a bhfuil dualgas dlí ar an Fheidhmeannas a thabhairt isteach.

An feisire de chuid Shinn Féin, Colm Gildernew, Cathaoirleach an Choiste Pobal a chuir an cheist ar Colum Boyle, Buan-Rúnaí na Roinne Pobal, ag cruinniú de chuid an Choiste Pobal faoin dul chun cinn a bhí déanta i dtaca leis an straitéis don Ghaeilge a thabhairt isteach.

Dúirt Colum Boyle nach raibh na sonraí faoin straitéis faighte ag an Aire Pobal agus go raibh “plean oibre agus buiséad” fós le socrú sula leagfaí “tosaíochtaí” na Roinne amach don chuid eile den bhliain.

Dúirt Daniel Holder, stiúrthóir An Coiste um Riarachán Dlí agus Cirt (CAJ) le Tuairisc gur “údar imní” é don eagraíocht chearta daonna ó thuaidh nach bhfuil an Feidhmeannas ag gníomhú ar cheist atá “práinneach”.

“Is údar imní an chaint seo. Is dualgais dlí iad straitéis na Gaeilge agus an straitéis i gcoinne na bochtaineachta atá práinneach ach atá fós le comhlíonadh cé go raibh an obair go léir déanta orthu faoin mhandáit deiridh (2020-22).

“I gcás na Gaeilge tá plean cuimsitheach ann cheana féin faoi cad é ba chóir a bheith sa straitéis teanga a raibh lámh ag cainteoirí Gaeilge ann agus a chuir siad chun cinn, mar sin níl aon chúis le moill a chur ar an straitéis.”

Tá aighneas ar siúl le fada maidir le gealltanais a rinneadh faoin Ghaeilge i gComhaontú Chill Rímhinn in 2006 a chomhlíonadh.

In 2017 agus arís in 2022, cinneadh san Ard-Chúirt go raibh an Feidhmeannas ag sárú a dhualgas dleathach faoin Acht um Thuaisceart Éireann 1998 agus faoin mhargadh Ré Nua Cur Chuige Nua straitéis a thabhairt isteach don Ghaeilge sa tuaisceart.

Dúirt Holder go bhfuil an baol ann go dtabharfar tuilleadh cásanna dlí i gcoinne an Fheidhmeannais má bhíonn tuilleadh moille le foilsiú na straitéise.

“San athbhreithniú breithiúnach deiridh a rinneadh, bhí na cúirteanna an-soiléir nach bhfuil am gan teora ag an bhFeidhmeannas leis an straitéis sin a fheidhmiú sula mbeidh siad ag gníomhú go neamhdhleathach.

“Bhí an rialú deireanach an-láidir, nuair a dúradh go mbeadh airí aonair a chuirfeadh moill ar an straitéis freagrach as an moill sin” a dúirt sé.

Dúirt Pádraig Ó Tiarnaigh, Bainisteoir Cumarsáide le Conradh na Gaeilge, go bhfuil “díomá mhór” ar an Chonradh nach bhféadfadh an Roinn Pobal “coimitmint” níos láidre a thabhairt i leith na straitéise Gaeilge.

“Tá díomá mhór orainn nach raibh Buan-Rúnaí na Roinne ábalta coimitmint nó uasdátú níos fearr a thabhairt don Choiste Pobail an tseachtain seo. Chuige sin ní léir dúinn gur tosaíocht í seo don Roinn nó don Aire úr.

“Níl an méid atá feicthe againn ag teacht leis an dearbhú a thug an Breitheamh an 2022, gur cheart go mbeadh aon Fheidhmeannas úr ag plé le feidhmiú na Straitéise gan mhoill.”

“Deirtear linn go bhfuil roinnt céimeanna le déanamh sa phróiseas sula mbainfidh aon dréachtstraitéis bord an Aire úir, Gordon Lyons, amach. Ansin beidh cead an Fheidhmeannais de dhíth sula dtéann sé amach le haghaidh comhairliúcháin phoiblí,” a dúirt Ó Tiarnaigh, atá ina Chomh-Chathaoirleach ar an Choiste Comh-Dheartha don Straitéis Ghaeilge ó thuaidh.

In 2021, bhunaigh an tIar-Aire Pobal Deirdre Hargey Coiste Comh-Dheartha le moltaí a chur chun cinn don straitéis Ghaeilge.

“Cé gur cuireadh ár gcuid oibre i gcrích i mí na Samhna 2023, i ndiaidh dúinn dhá bhliain iomlán a chaitheamh ag plé le beartais shainiúla a ullmhú, is cúis ollmhór frustrachais do Chonradh na Gaeilge nach bhfuil amscála soiléir ag an Roinn Pobail maidir le dréachtú na Straitéise sin,” a dúirt Pádraig Ó Tiarnaigh.

Fág freagra ar 'Údar ‘imní’ é nach bhfuil treoir fiú faighte ag aire faoi straitéis Gaeilge'