Údair imní go leor ó thuaidh ach an tsíocháin á ceiliúradh um Nollaig

Breis agus 700 lá ó thit Stormont is mó conspóid agus dúshlán atá ann

Údair imní go leor ó thuaidh ach an tsíocháin á ceiliúradh um Nollaig

Pictiúr: Mark Stedman/RollingNews.ie

Nós seanbhunaithe roimh Nollaig is ea ‘Santa dubh’ Bhéal Feirste ina shuí taobh amuigh ar chéimeanna Ardeaglais Naomh Anna ag bailiú airgid do charthanais sa bhaile agus i gcéin. Baineann an ‘dubh’ leis na clócaí a chaitheann an ministir mar chosaint in aghaidh na doininne. Chuir déan nua Bhéal Feirste, an tUrramach Stephen Ford tús lena chéad sheisiún i bhfeighil an chúraim ar an Luan, tráth a bhfuil níos mó daoine ná ariamh ag triall ar bhancanna bia agus ar na heagraíochtaí carthanachta.

Bhí mionradharc eile i ndráma fadálach an Bhreatimeachta ar siúl sa Pharlaimint in Westminster agus is údar imní é sin do mhóramh an phobail ach níorbh é sin an t-aon chúis bhuartha. Bhí imní ar an déan faoi dhaoine gan dídean, faoin gcóras leasa shóisialaigh a bheith briste agus faoin gcontúirt a bhaineann leis an bhfolús polaitiúil abhus.

Breis agus 700 lá ó thit Stormont is iad an scannal in ionad do dhaoine atá faoi mhíchumas agus tuarascáil scanrúil faoin bhail atá ar an tseirbhís sláinte an gad is giorra don scornach. Tá an PSNI agus Iontaobhas Sláinte agus Cúram Sóisialta Bhéal Feirste ag fiosrú drochíde in ionad i Maigh Chomair, Contae Aontroma. Tá trí dhuine dhéag den fhoireann altranais curtha ar fionraí, beirt bhainisteoirí ar shaoire bhreoiteachta agus teaghlaigh chuid de na hothair ag éileamh fiosrú poiblí.

Ghabh Ard-Rúnaí na Roinne Sláinte Richard Pengelly leithscéal le gaolta an tseachtain seo agus dúirt nach raibh rogha ar bith curtha as an áireamh aige faoina thuilleadh fiosraithe. Maítear nach féidir fiosrú poiblí a chur sa tsiúl gan cinneadh Aire. D’fhéadfadh an Státrúnaí Karen Bradley é a ordú ach ní dual di gníomhú ar na cúrsaí seo. Tá na daoine a d’fhulaing drochíde i ndílleachtlanna, institiúidí stáit agus eaglasta, sa chéad seo caite fós ag fanacht le gníomh beagnach dhá bhliain ó d’ordaigh fiosrú poiblí an Bhreithimh Hart cúiteamh agus cabhair dóibh.

Cé go bhfuil a lán daoine amhrasach faoi cad ab fhiú Stormont a athnuachan i bhfianaise a bhfuil nochta ag fiosrú poiblí an RHI faoin réimeas ó 2007 go dtí 2017, tá beart á éileamh acu faoi na fadhbanna móra sa chóras oideachais agus sláinte. Tá scoileanna ar an ngannchuid, cuid acu ag iarraidh síntiúis ar thuismitheoirí chun páipéar leithris a cheannach, roinnt ag tabhairt foláirimh gur gearr go mbeidh siad bancbhriste.

An tseachtain seo d’fhoilsigh an tArd Reachtaire Cuntas agus Ciste, Kieran Donnelly tuarascáil ar an bhfiosrú a rinne sé ar an gcóras sláinte. Go hachomair chinn sé nach bhfuil an córas inmharthana gan leasuithe radacacha. Nuair a thit Stormont bhíothas in ainm is a bheith ag atheagrú an chórais ó bhonn. Bhí moltaí déanta ag saineolaithe agus tacaíocht traspháirtí ag Aire na linne, Michelle O’Neill, Sinn Féin, chun iad a chur i bhfeidhm. Cheal Aire le dhá bhliain geall leis, níl athrú curtha i bhfeidhm agus is é breithiúnas an Ard-Reachtaire nach bhfuil aon cheann de na cúig Iontaobhas Sláinte in ann déileáil leis an éileamh ar sheirbhísí. Gan atheagar ó bhonn titfidh an tseirbhís as a chéile.

Níorbh í an ghéarchéim sláinte an t-aon fhadhb a bhí ag déanamh tinnis do dhaoine i mbéal na Nollag. Thar aon ní is údar imní é an bochtanas agus sciar mór den phobal i gcruachás de bharr moille sa chóras leasa shóisialaigh nua agus daoine fágtha gan íocaíocht ar feadh suas le sé seachtaine fad atá athruithe á ndéanamh ar nósanna imeachta. Bhí fostóirí ag gearán faoi na tionscnaimh atá curtha ar an méar

fhada. Bhí caiteachas £2 bhilliún beartaithe ar scéimeanna bonneagair ach níl tada déanta. I measc na dtograí sin, tá péire ar bhain conspóid leo – an t-idirnascaire leictreachais theas/thuaidh agus Páirc Mhic Easmainn. Ina dteannta sin bhí stáisiún ginte fuinnimh i mBéal Feirste agus pleananna iompair beartaithe.

Sa mhullach ar sin tá éiginnteacht faoina bhfuil i ndán don phobal de bharr an Bhreatimeachta. Ach tá carúil á gcanadh sna scoileanna agus daoine ag roinnt a gcoda le comharsana agus eagraíochtaí carthanachta. Tá na sluaite idir Phrotastúnaigh agus Chaitlicigh ag triall ar ‘Dheaidí dubh na Nollag’ ag Ardeaglais Naomh Anna chun cuidiú le daoine atá i dtrioblóid, a bhformhór buíoch beannachtach as an tsíocháin.

Is fiú cuimhneamh air sin. Dá dhonacht iad an bochtanas, easpa deiseanna agus an phairilis pholaitiúil is bua í an tsíocháin a ghuímis ar gach duine faoi Nollaig.

Fág freagra ar 'Údair imní go leor ó thuaidh ach an tsíocháin á ceiliúradh um Nollaig'