Uair na cinniúna do na hÉireannaigh agus bua de dhíth i mBúdaipeist

Ní bheidh Éire ag Corn an Domhain in 2026 mura bhfaigheann siad an bua in éadan na hUngáire i mBúdaipeist inniu

Uair na cinniúna do na hÉireannaigh agus bua de dhíth i mBúdaipeist

An Ungáir v Éire – Staid Puskás, 14:00 (Beo ar RTÉ)

Ardú croí agus meanman a bhí ann d’achan nduine tráthnóna Déardaoin nuair a fuair Éire an ceann is fearr ar an Phortaingéil 2-0 san Aviva. Bhí go leor daoine den tuairim go raibh rás na hÉireann rite agus gur ag brionglóidí a bhí na daoine a déarfadh go raibh deis de chineál ar bith ag foireann na hÉireann imirt ag Corn an Domhain 2026.

Níl aistear na hÉireannach sa bhfeachtas cáilithe thart go fóill, ach tiocfaidh deireadh tobann lena n-aistear mura bhfaigheann siad an bua in éadan na hUngáire i mBúdaipeist inniu.

Sa tríú háit i nGrúpa F atá Éire faoi láthair le seacht bpointe agus tá an Ungáir sa dara háit le ocht bpointe, mar sin má éiríonn le foireann na hÉireann trí phointe a aimsiú inniu, léimfidh siad chun tosaigh ar an Ungáir sa ghrúpa agus beidh áit bainte amach acu sna cluichí cáilithe a imreofar mí Márta 2026.

Tá seans ann go bhféadfadh Éire críochnú ar bharr an ghrúpa, má fhaigheann siad bua an-mhór in éadan na hUngáire agus má éiríonn leis an Airméin an ceann is fearr a fháil ar an Phortaingéil, ach drochsheans fo dtarlóidh sé sin!

Bheifeá ag súil go mbeadh imreoirí Hallgrímsson lánmhuiníneach roimh chluiche an lae inniu i ndiaidh dóibh an ceann is fearr a fháil ar fhir na Portaingéile, an cúigiú foireann is fearr ar domhan de réir rangú FIFA, cúpla lá ó shin, ach chan sin le rá go mbeidh cluiche furasta acu inniu.

Beidh muinín go leor ag fir na hUngáire chomh maith i ndiaidh dóibh an bua a fháil in éadan na hAirméine as baile tráthnóna Déardaoin agus pointe amháin a shaothrú in éadan na Portaingéile thart ar mhí ó sin nuair a fuair fear Liverpool Dominik Szoboszlai cúl cinniúnach in am breise.

Bhí deora áthais le lucht leanúna na hÉireann nuair a d’fhág siad slán le Ronaldo luath sa dara leath ar an Déardaoin agus cé gur chuidigh sé linn go raibh fear breise againn nuair a bhí na cosa trom tuirseach, léirigh foireann na hÉireann sa chéad leath, ach go háirithe, go raibh siad breá ábalta a bheith cliste ar an bhfrithionsaí, deiseanna móra a chruthú agus cosaint go maith.

Cúigear cosantóirí a d’imir in éadan na Portaingéile agus seans nach n-athróidh Hallgrímsson mórán inniu agus go mbeidh sé ag iarraidh cloí le leitheidí Finn Azaz, Chiedozie Ogbene a d’imir go maith tráthnóna Déardaoin agus dar ndóigh, Troy Parrott a fuair dhá chúl agus laoch na himeartha oíche Déardaoin.

Beidh ceisteanna ann faoi fhear Dhún na nGall, Séamus Coleman, mar sin féin. Cé go raibh cluiche ar dóigh aige cúpla lá ó shin, an mbeidh sé ábalta dhá chluiche a imirt taobh istigh de cheithre lá?

Bheifeá ag súil nach n-athróidh an Ungáir mórán ach an oiread ón bhua a bhí acu in éadan na hAirméine. Beidh ar chosantóirí na hÉireann súil ghéar a choinneáil ar Barnabás Varga, Dominik Szoboszlai agus Callum Styles.

Fág freagra ar 'Uair na cinniúna do na hÉireannaigh agus bua de dhíth i mBúdaipeist'