‘Uafás níos measa fós’ i ndán do mhuintir Gaza – na Náisiúin Aontaithe

Ó chlis an sos cogaidh Dé hAoine seo caite tá arm Iosrael ceann ar aghaidh ag tabhairt faoin leath ó dheas a cheansú

‘Uafás níos measa fós’ i ndán do mhuintir Gaza – na Náisiúin Aontaithe

Tá grúpaí fóirithinte idirnáisiúnta an-bhuartha go deo faoi chúrsaí in Gaza agus deir siad dá dhonacht dá bhfuil cúrsaí sna críocha sin gur in olcas a ghabhfas siad mar go bhfuil sé beagnach dodhéanta acusan aon chúnamh a chuir ar fáil don phobal agus iad á n-aslonnú arís eile.

D’ordaigh Iosrael don phobal bailiú leo as tuaisceart Ghaza nuair a thosaigh an cogadh seo mí Deireadh Fómhair agus ar mhaithe lena sábháilteacht aistriú go dtí an deisceart. Ach tá ordú faighte anois acu bogadh arís go dtí ceantair faoi leith, beag beann ar na seirbhísí a bheas ansin rompu.

An chúis atá tugtha leis an ordú is déanaí seo ag údaráis mhíleata Iosrael go bhfuil rún acusan gníomh “ionsaitheach” a dhéanamh ansin in aghaidh Hamas agus grúpaí armtha eile a deir siad atá in Khan Younis i ndeisceart Gaza.

Ó chlis an sos cogaidh, is le dhá lá anuas a rinne arm Iosrael cuid den bhuamáil is measa agus is leanúnaí ó thosaigh an cogadh seo.

“Má tá níos millteanaí ann, tá uafás níos measa fós i ndán dóibh, agus d’fhéadfadh nach mbeidh na hoibríochta daonnúla in ann freastal air,” a dúirt Lynn Hastings, comhordaitheoir fóirithinte na Náisiún Aontaithe sna críocha Palaistíneacha.

Deir an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go bhfuil na sluaite daoine atá tinn agus leonta ag plódú isteach sa gcúpla ospidéal atá fós ag feidhmiú.

Baol mór eile go bhféadfadh an géarú ar an mbuamáil agus an troid ceangal idirlín na n-ionad leighis a bhriseadh.

“Chonaiceamar céard a tharla i dtuaisceart Gaza. Níl sé ceart go mbeadh an plean céanna i gceist sa deisceart,” a dúirt urlabhraí na hEagraíocht Domhanda Sláinte.

Tuairiscítear gur tugadh ordú do dhaoine i gceantair ina bhfuil cónaí ar 600,000 duine go gcaithfidís ar fad imeacht.

De réir mar atá arm Iosrael ag déanamh a bhealaigh isteach sa gceantar deireanach a atá faoi smacht Hamas, tá an pobal sibhialtach á ndíbirt go dtí áiteanna agus gan a fhios acu an mbeidh siad sábháilte ansin.

D’éirigh le hIosrael smacht a fháil cuid mhaith ar thuaisceart Gaza an mhí seo caite. Ó chlis an sos cogaidh Dé hAoine seo caite tá arm Iosrael ceann ar aghaidh ag tabhairt faoin leath ó dheas a cheansú.

Maraíodh 1,200 duine nuair a thug Hamas ruathar thar teorainn ar Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair agus fuadaíodh thart ar 240 duine idir óg is aosta mar ghialla.

Deir aireacht sláinte Gaza atá faoi cheannas Hamas go bhfuil breis is 15,800 duine, thart ar 6,000 páiste ina measc, curtha den saol ó shin in ionsaithe díoltais Iosrael.

Fág freagra ar '‘Uafás níos measa fós’ i ndán do mhuintir Gaza – na Náisiúin Aontaithe'

  • jpmorley0@gmail.com

    Cinedhíothú gan taise gan trócaire gach nóimeat, gach lá. Beirthe sa chúngrach ar na truáin stollta stiúgtha gur deacair a bhfulaingt a shamhlú. Is deacra fós a shamhlú go bhfuiltear ag ligean don sléacht seo tarlú agus, i gcásanna áirithe, go bhfuiltear ag cuidiú agus ag seasamh leis.

  • Ruán Ó Gliasáin

    @jpmorley0@gmail.com Tá sé brónach Aontaím leat!