Uachtarán Chomhairle Oilimpeach na hÉireann gafa sa Bhrasaíl

Tá sé curtha i leith Pat Hickey ag póilíní na Brasaíle gur thug sé cúnamh do dhream a bhí ag mangaireacht ticéad

Uachtarán Chomhairle Oilimpeach na hÉireann gafa sa Bhrasaíl

Uachtarán Chomhairle Oilimpeach na hÉireann, Pat Hickey. INPHO/James Crombie

Gabhadh Uachtarán Chomhairle Oilimpeach na hÉireann sa Bhrasaíl Pat Hickey go luath ar maidin inniu in óstán in Rio de Janeiro agus é curtha ina leith ag póilíní na tíre sin gur thug sé cúnamh do dhream a bhí ag mangaireacht ticéad.

De réir tuairiscí sa Bhrasaíl tá sé curtha i leith Hickey chomh maith go raibh baint aige le “ambush marketing” agus “cruthú buíne coiriúlaí”.

Is cosúil gur tháinig lagar ar Hickey agus é á ghabháil agus gur theastaigh cúnamh leighis uaidh. 

Tá sé san ospidéal faoi láthair, an tOspidéal Samaritano da Barra, gar don bhaile Oilimpeach i Rio de Janeiro.

De réir tuairisce ón BBC, rinne Hickey iarracht teitheadh ó na póilíní a ghabh ar maidin é agus rith sé isteach i seomra béal dorais san Óstán Windsor Marapendi sa cheantar Barra da Tijuca.

Maíonn na póilíní go bhfuil fianaise acu go raibh baint ag Uachtarán Chomhairle Oilimpeach na hÉireann leis an gconspóid ticéad a tháinig chun solais ag tús na gCluichí. Gabhadh ar an 5 Lúnasa Kevin Mallon, stiúrthóir de chuid an chomhlachta THG, a raibh ticéid a tugadh do Chomhairle Oilimpeach na hÉireann ina sheilbh aige.

Tá sé á mhaíomh ag na póilíní gurb é an comhlacht Pro 10 a thug na ticéid do THG, a dhíol ar phraghsanna an-ard iad agus suas le 8,600 dollar á lorg acu ar thicéad don searmanas oscailte.

Deir na póilíní gur tugadh na ticéid do Chomhairle Oilimpeach na hÉireann le dáileadh ar fheidhmeannaigh na Comhairle, ar iomaitheoirí na hÉireann agus a ngaolta, agus ar lucht urraíochta. Ní raibh sé i gceist, a deirtear, go ndíolfaí na ticéid leis an bpobal.

Deir an comhlacht THG nach raibh bunús ar bith leis na líomhaintí i gcoinne Mallon agus nach raibh sé i gceist aige riamh ticéid a dhíol. Bhí na ticéid á gcoinneáil le go mbaileodh cliaint Pro 10 iad.

Fág freagra ar 'Uachtarán Chomhairle Oilimpeach na hÉireann gafa sa Bhrasaíl'