Tús maith leath na hoibre do Jurgen Klopp agus Liverpool

Imreoidh Liverpool a gcéad chluiche faoi cheannas Jurgen Klopp inniu agus beidh an Gearmánach ag iarraidh tús maith a chur lena thréimhse bhainistíochta in Anfield, rud nach bhfuil déanta ag mórán

Bainisteoir nua Liverpool, Jurgen Klopp. Pictiúr le Tim Reckmann
Bainisteoir nua Liverpool, Jurgen Klopp. Pictiúr le Tim Reckmann

an oiread cloiste againn faoi bhainisteoir nua Liverpool Jurgen Klopp le cúpla lá anuas go n-aireofá go raibh an Gearmánach sa phost le seacht mbliana seachas seacht lá. An Satharn beag seo, ar deireadh, tabharfaidh sé aghaidh ar a chéad chluiche agus Liverpool ag imirt in aghaidh Tottenham sa tsraith.

Toisc na ceannairí iontacha a bhí ag Liverpool tráth den saol – fir ar nós Bill Shankly, Bob Paisley agus Kenny Dalglish – taibhsítear do lucht tacaíochta an chlub go mbíonn caidreamh speisialta eatarthu féin agus an bainisteoir.Ar an dtaobh eile den scéal, nuair a bhíonn cúpla drochthoradh ann, bíonn brú chomh mór céanna ar bhainisteoir is a bheadh ar bhainisteoir aon áit eile.

Is é Klopp an cúigiú bainisteoir nua atá tagtha go Liverpool ó thús na mílaoise agus beidh sé ag iarraidh tús maith a dhéanamh chun an lucht leanúna a shásamh, rud nach bhfuil déanta ag mórán de na fir a bhí sa phost roimhe.

Brendan Rodgers – 2012-2015

An bhfuil Brendan Rodgers i mbaol? Pictiúr: INPHO/James Crombie
Brendan Rodgers, an fear is déanaí a d’fhág slán le Anfield. INPHO/James Crombie

go raibh Rodgers i gceannas do réamhbhabhta Shraith Europa ag tús mhí Lúnasa, ba é an cluiche in aghaidh West Brom sa Phríomhroinn an chéad scrúdú ceart a bhí aige agus d’fhéadfá a nach raibh an tús aige a raibh lucht tacaíochta Liverpool ag súil leis.

Bua 3-0 a bhí ag West Brom, a bhuíochas do chúil ó Zoltan Gera, Peter Odemwingie agus Romelu Lukaku. Choinnigh cúrsaí orthu ag gabháil in olcas do Rodgers sa chéad chluiche eile, nuair a scóráil Carlos Tevez sa nóiméad deireanach chun comhscór a bhaint amach do Manchester City. I bhfianaise cailliúintí in aghaidh Arsenal agus Manchester United, chomh maith le comhscór eile in aghaidh Sunderland, is fíor-dhrochthús a chur Rodgers lena thréimse i Liverpool. Bhí deireadh mhí Dheireadh Fómhair sroichte faoin am gur bhuaigh sé a chéad chluiche le Liverpool, in aghaidh Norwich.

Kenny Dalglish – 2011-2012

Laoch Anfield, Kenny Dalglish. NPHO/Getty Images
Laoch Anfield, Kenny Dalglish. NPHO/Getty Images

Laoch an Kop, chuaigh Dalglish i gceannas ar an bhfoireann arís ag tús mhí Eanáir 2011 tar éis don chlub an ruaig a chur ar Roy Hogdson. Sa chéad chluiche a bhí ag Dalglish, bhí air taisteal chuig Old Trafford i gCorn an FA agus chuaigh United chun cinn taobh istigh den chéad nóiméad le cic éirice ó Ryan GIggs.

Chaill Liverpool an cluiche sin agus is beag feabhas a tháinig ar chúrsaí sa tsraith ach an oiread. Chaill Liverpool in aghaidh dhá cheann de na foirne is measa sa Phríomhroinn ag an am, Blackpool agus Blackburn. Ar deireadh, i ndiaidh cluiche comhscóir in aghaidh Everton, d’éirigh le ‘King Kenny’ bua a fháil in aghaidh Wolves.

Roy Hodgson – 2010-2011

Níor fhan Roy Hodgson i bhfad i Liverpool. INPHO/Morgan Treacy
Níor fhan Roy Hodgson i bhfad i Liverpool. INPHO/Morgan Treacy

Fearacht Rodgers, bhí Hodgson i gceannas le haghaidh cúpla cluiche in aghaidh foireann éigin gan dealramh sa tSraith Europa sular thug a fhoireann aghaidh ar chluiche ceart in aghaidh Arsenal ar an gcéad lá de shéasúr na Príomhroinne. Is beag nár chuir Roy Hodgson tús den scoth lena sheal mar bhainisteoir agus Liverpool cúl chun cinn in am gortaithe. Ach scóráil Pepe Reina cúl tuathail chun an obair mhaith a a chur ar ceal.

go raibh an bua ag Hodgson agus Liverpool in aghaidh West Brom cúpla seachtain ina dhiaidh sin, thosaigh cúrsaí ag dul in olcas agus níor bhuaigh siad cluiche go ceann dhá mhí ina dhiaidh. Nuair a chaill Liverpool 2-0 in aghaidh Everton, dúirt Hodgson go raibh “an taispeántas is fearr den bhliain” tugtha uathu ag a fhoireann. Ba léir nach mbeadh an Sasanach i bhfad eile sa phost.

Rafa Benitez – 2004-2010

An Spainneach, Rafael Benitez. INPHO/Getty Images
An Spainneach, Rafael Benitez. INPHO/Getty Images

Fear eile a raibh cúpla cluiche aige san Eoraip sular thosaigh an séasúr i gceart do Liverpool. Ní cuimhin le daoine mórán de na cluichí sin seachas gur léirigh siad go raibh ré Michael Owen istigh mar imreoir Liverpool. Níor imir sé oiread is nóiméad sa dá chluiche in aghaidh Grazer AK.

Dála cás Klopp inniu, ba iad Tottenham an chéad fhoireann ar chas Benitez leo sa sraith. Chuir an fear nua, Djibril Cissé, Liverpool chun cinn ach chríochnaigh an cluiche 1-1. Tús measartha a chuir Benitez leis an séasúr sin – trí bhua agus trí chailliúint a bhí aige sa sé chluiche ina dhiaidh sin. aDar ndóigh, is san Eoraip is mó a bhí rath air.

Fág freagra ar 'Tús maith leath na hoibre do Jurgen Klopp agus Liverpool'