N’fheadar aon duine ach na hiontais atá romhainn i gcraobh 2026 – scaoil chugainn iad!

Ar fhianaise na sraithe agus gach aon slat tomhais eile a bheadh againn ar an dá fhoireann ó thús na bliana, níor cheart go mbuafadh Tír Eoghain ar Ard Mhacha

N’fheadar aon duine ach na hiontais atá romhainn i gcraobh 2026 – scaoil chugainn iad!

Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Seachtain ón lá inniu, ar an Satharn an 18ú Aibreán, scaoilfear chughainn ar shuíomh Chartlann Náisiúnta na hÉireann, na taifid go léir a deineadh mar chuid de Dhaonáireamh na bliana 1926.

Bhí an stát nua, ina bhunóic céad bliain ó shin agus sa bheagán le cois fiche bliain idir 1924 agus 1945, tháinig dúbailt ar líon na bhfochumann a bhí cláraithe le Cumann Lúthchleas Gael ó tuairim is míle go tuairim is dhá mhíle.

Bunaíodh na Sraitheanna Náisiúnta Peile agus Iomána céad bliain ó shin chomh maith – Laois ag buachtaint sraith na peile agus Corcaigh Sraith na hiomána i 1926.

Sa chraobh féin, d’éirigh le Corcaigh corn Liam Mhic Cárthaigh a bhuachtaint don gcéad uair ach ní bheadh sé i ndán do Laois aon ní cóir a dhéanamh sa chraobh peile agus go deimhin fhéin, bheadh fiche bliain sara mbuafaidís craobh Laighean agus trí fichid bliain eile ann sara mbuafadh Laois an tSraith Náisiúnta peile an athuair.

Bhíos ag cuimhneamh ar bhua sraithe sin Laoise i 1986 an tseachtain seo. Bhíos im gharsún óg aon bhliain déag d’aois ag an am agus b’fhuraist dom leithéid a bheith tógtha leis an nuaíocht a bhain leis na fir lár tíre. Bhí seana-thaithí againn ar ár gcleas féin, Ciarraí, a bheith i bPáirc a’ Chrócaigh ach b’eo chughainn dream nua ar fad, iad lán de cheol is de theaspach agus iad ag buachtaint ar Mhuineachán a bhí tar éis oiread de phreab a bhaint as Chiarraí sa chraobh an bhliain roimis sin.

Thaibhseofaí dhuit an uair úd ag tús na craoibhe, iad ina gcuradh sraithe go raibh Laois ar thairseach nó ar thairmtheacht de shórt éigin. Ní raibh le déanamh acu ach buachtaint ar Chill Mhantáin i mbabhta ceathrú ceannais na craoibhe i gCúige Laighean agus bheidís ar a sodar arís sa chraobh. Ní mar a shíltear a bítear idir shraith agus chraobh, áfach. Treascraíodh in Eachroim tamaillín ina dhiaidh sin plúr agus scoth na n-imreoirí a bhí riamh ag Laois agus níor thángadar as. An difríocht idir sraith is craobh.

Beidh ocht gcontae dhéag ag cur tús leis an gcraobh an deireadh seachtaine seo, Laois agus Cill Mhantáin ina measc, ach ní dóigh liom gur baol d’aon cheann de na piardaí móra gurb é dán Laoise a dh’imeoidh orthu an deireadh seachtaine seo. Tá an gaol idir sraith agus craobh níos dlúithe ná mar a bhíodh agus is annamh anois a beirtear amuigh ar an té atá ag teacht amach as an tsraith mar a bhí Laois daichead bliain ó shin.

Is é an réamhbhabhta idir Ard Mhacha agus Tír Eoghain i bPáirc na Lúthchleasaíochta cluiche mór an deireadh seachtaine gan aon agó. Ar fhianaise na sraithe agus ar na haon slat tomhais eile a bheadh againn ar an dá fhoireann ó thús na bliana, níor cheart go mbuafaí ar Ard Mhacha.

B’fhéidir gurbh ait le daoine é go mbeadh Ciarraíoch ag cur Tír Eoghain as an áireamh chomh pras sin, ach caithfear a bheith dílis don bhfianaise a bhí i gcaitheamh an earraigh againn. Níor bhuaigh Tír Eoghain ach dhá chluiche sraithe agus ba chóngaraí iad do bhun na sraithe i Roinn 2 ná don mbarra.

Bhí éachtaintí ina gcluiche i mbabhta a sé na sraithe in aghaidh na Mí i bPáirc a’ Chrócaigh ná fuil Tír Eoghain i bhfad ón marc, ach fiú sa chluiche céanna agus toradh na himeartha idir dhá cheann na meá, dhein imreoirí Thír Eoghain dhá bhotún ná luafá tamall ó shin leo. Ghéill an seanfhondúir Frank Burns cic saor gan dealramh agus ón gcic amach a lean, agus seilbh na caide buaite acu, ghéill Tír Eoghain cic saor dhá phointe tar éis sárú neafaiseach ar riail an triúir chun tosaigh. Ní dual ná ní béas do Thír Eoghain a leithéid a dhéanamh agus, anuas ar na himreoirí a bhí ag teacht is ag imeacht ón bpainéal le tamall, b’fhéidir gur léiriú eile é ar aicíd níos righne gur gá a leigheas. Chífimid.

An t-aon aicíd nó galar a bhí ag déanamh tinnis d’Ard Mhacha i gcaitheamh a bhfeachtais i Roinn 1 na sraithe san earrach ná an galar cam a bhí i mbéal an bháide orthu. Murach iad a bheith chomh leachta le hiarrachtaí ar chúil ins na seacht gcluiche a bhí acu, tá gach seans gurb iad Ard Mhacha seachas Ciarraí a bheadh le Dún na nGall i gcluiche ceannais na sraithe coicíos ó shin. Níor aimsigh Ard Mhacha ach ceithre bháide ar fad sa bhfeachtas sraithe agus bhí laethanta ann gur tháinig an támáilteacht san os comhair an chúil idir iad agus an bua.

Dhá chluiche a cailleadh le pointe amháin, ceann le trí phointe agus ceann eile le ceithre phointe. Tá an obair bhaile atá le déanamh ag Tír Eoghain de dhroim ceachtanna na sraithe i bhfad níos duaisiúla ná mar atá ag Ard Mhacha agus dá réir, is deacair dul thairis fir Kieran McGeeney amárach.

Nuair a bheidh deireadh déanta in Ard Mhacha amárach, beidh ocht gcontae leagtha amach as a gcraobhacha cúige ach ní bheidh deireadh déanta go fóill mar na mílte míle thar bóchna, beidh a bhfleadh bhliantúil ag CLG Nua-Eabhrac agus iad ag cur fáilte roimis Ros Comáin i bPáirc na nGael. Ní bheidh ach aon toradh amháin ar an gcluiche sin, ach ní fhágann san ná beidh cuimhní geala ag Gaeil Nua-Eabhrac a chothóidh bliain eile iad agus iad ag cur na gcluichí chun cinn.

B’fhearr de sheans a bheadh ag Nua-Eabhrac ar chraobh na hÉireann a bhuachtaint aimsir an Daonáirimh céad bliain ó shin agus scata imreoirí breátha ar a dteitheadh ón Saorstát nua. Is ag teitheadh an treo eile atáid inniu ach ní fhágann san nach bhfaigheann siad blaiseadh de dhraíocht na craoibhe tar éis bheith ceal cluichí sraithe i gcaitheamh an earraigh ar fad.

Cúig seachtaine déag as seo go deireadh na craoibhe. N’fheadar aoinne ach na hiontaisí atá romhainn. Scaoil chughainn iad!

Fág freagra ar 'N’fheadar aon duine ach na hiontais atá romhainn i gcraobh 2026 – scaoil chugainn iad!'

  • Pádraig

    “N’fheadair aon duine…”

  • Pádraig

    N’fheadair éinne, n’fheadair sé/sí….etc
    N’fheadar mé/N’fheadar, N’fheadarsa=
    Níl fhios agam.
    N’fheadair sé= Níl fhios aige
    Nóta; Ní dó’ liom go b’é Dara a scríobh ach duine éigint eile ná fuil cur amach aige/aici ar chanúint na Mumhan.

  • Seán

    Sea, “N’fheadair éinne” a déarfaí.