Tús le cainteanna ballraíochta molta leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin

Dúirt Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, go raibh an-dul chun cinn déanta ag an mBoisnia agus an Heirseagaivéin maidir le caighdeáin an Aontais a bhaint amach

Tús le cainteanna ballraíochta molta leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin

Tá sé molta ag an gCoimisiún Eorpach go gcuirfeadh na ballstáit tús le cainteanna ballraíochta san Aontas Eorpach leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin.

Dúirt Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, go raibh an-dul chun cinn déanta ag an mBoisnia agus an Heirseagaivéin maidir le caighdeáin an Aontais a bhaint amach.

“Ó tugadh stádas iarrthóra don Bhoisnia agus an Heirseagaivéin is iontach go deo an dul chun cinn atá déanta. Is mó a rinneadh le cosamar bliana ná a rinneadh le breis is deich mbliana.

“An ndóigh is den riachtanas é go ndéanfaí an dul chun cinn sin más mian leis an tír ballraíocht a fháil san Aontas Eorpach. Tá sé á léiriú ag an tír go bhfuil ar a cumas na critéir bhallraíochta a éilíonn an tAontas a chomhlíonadh agus mian a cuid saoránach a bheith ina gcuid dár dteaghlach a fhíorú.

“San Aontas Eorpach seo againne atá todhchaí na Boisnia agus na Heirseagaivéine,” a dúirt von der Leyen.

Ní mór faomhadh a fháil do mholtaí an Choimisiúin ó gach ceannaire ar na 27 ballstát agus beidh a gcinneadh á dhéanamh acusan ag cruinniú mullaigh sa Bhruiséil an tseachtain seo chugainn.

Mí na Nollag 2022 a glacadh leis an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin mar iarrthóir ballraíochta san AE, ceann de na cúig thír Bhalcánach ar glacadh go hoifigiúil lena n-iarrthóireacht. Ise an t-aon tír de na cúig cinn sin nach raibh tús curtha fós leis an idirbheartaíocht a bhaineann le próiseas foirmiúil ballraíochta ach má ghlacann na ceannairí le moladh an lae inniu, beifear in ann tabhairt faoin bplé.

Ar na constaicí a bhí sa gcosán ar iarratas ballraíochta na tíre seo, bhí deighiltí ciníocha seanbhunaithe agus an mhoill a bhí ar leasuithe bunreachta, breithiúnacha agus toghcháin a dhéanamh, fad a bhí na ceithre thír eile ag tabhairt faoi ród na ballraíochta san AE.

Tá sé thír sna Balcáin Thiar atá ag céimeanna éagsúla lena n-iarratas ballraíochta san Aontas Eorpach faoi láthair. An Albáin, an tSeirbia, an Chosaiv (críoch leath-fhéinrialaitheach a d’fhógair í féin ina poblacht), Montainéagró, agus an Mhacadóin Thuaidh, agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin ar na bacáin.

Ní raibh dul chun cinn ar bith á dhéanamh ar na hiarratais seo le blianta ach chuir ionradh na Rúise ar an Úcráin dlús faoin bpróiseas.

“Tuigimid anois nach leor fanacht go mbeidh na Balcáin Thiar tagtha inár ngaobhar. Ní leor a rá leo go bhfuil an doras ar oscailt againn. Caithfimid freagracht a ghlacadh agus cuidiú leo ar aon bhealach is féidir linn agus iad ag tabhairt faoina n-aistear i dtreo na ballraíochta san AE,” a dúirt von der Leyen le Parlaimint na hEorpa.

Tá an Bhoisnia céasta ag deighiltí eitneacha ó réab an cogadh a bhí ansin sna 1990idí an tír as a chéile.

Bíonn próiseas fada dúshlánach le cur díobh ag aon tír ar mian léi a bheith ina ballstát den AE agus caithfear a dheimhniú go bhfuil dlíthe agus caighdeáin sa tír ag teacht lena leathchinn san AE. Ní mór a léiriú chomh maith go bhfuil institiúidí agus geilleagair na dtíortha sin ag cloí le riachtanais an daonlathais.

Údar iontais dá lán go gceadófaí iarratas ballraíochta ón Bhoisnia agus an Heirseagaivéin ó tharla gur áitíodh sa tuarascáil is deireanaí ar mhéadú an Aontais Eorpaigh gur teoranta go maith a bhí an dul chun cinn a bhí déanta sa tír, go háirithe chomh fada is a bhain le leasuithe toghcháin.

Is fada bagairtí á ndéanamh ag Milorad Dodik, an ceannaire Seirbiach ar Republika Srpska sa tír sin, go scarfadh sé ón gcuid eile den tír. Comhghuaillí de chuid Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin, é Dodik agus ní aontaíonn sé ach oiread go mbeadh an tír ina ball d’Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh [NATO].

 

Fág freagra ar 'Tús le cainteanna ballraíochta molta leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin'