Tús inniu le scrúdú na hArdteistiméireachta agus an Teastais Shóisearaigh 2019

Scrúdú Béarla an chéad scrúdú a bheidh roimh dhaltaí Ardteiste na tíre ar maidin ach ní bheidh an chéad pháipéar Gaeilge acu go dtí Dé Luain seo chugainn

Tús inniu le scrúdú na hArdteistiméireachta agus an Teastais Shóisearaigh 2019

Cuirfear tús inniu le scrúdú na hArdteistiméireachta 2019.

Scrúdú Béarla an chéad scrúdú a bheidh roimh dhaltaí na tíre ag a 9.30 ar maidin agus Eacnamaíocht Bhaile a bheidh rompu tar éis lóin.

Beidh an dara páipéar Béarla acu tráthnóna amárach agus Innealtóireacht maidin amárach. Ní bheidh scrúdú na Gaeilge ar siúl go dtí an iarnóin Dé Luain seo chugainn agus maidin Dé Máirt seo chugainn a bheidh páipéar a dó ar siúl sa Ghaeilge.

Cuirfear tús le scrúdú an Teastais Shóisearaigh amárach chomh maith agus an Béarla an chéad scrúdú a bheidh rompusan freisin agus Oideachas Sóisialta, Sibhialta agus Polaitíochta san iarnóin. Déardaoin beidh dhá scrúdú Gaeilge acu mar tá an lá uilig tugtha don dá pháipéar Gaeilge a bheidh ag lucht Ardleibhéil agus ní bheidh ach páipéar amháin ar maidin ag daltaí an Ghnáthleibhéil.

54,440 atá cláraithe do scrúdú na hArdteiste agus scrúdú Ghairmchlár na hArdteiste i mbliana.

2,709 atá cláraithe chun aghaidh a thabhairt ar an Ardteist Fheidhmeach. 62,562 atá cláraithe don Teastas Sóisearach.

Tiocfaidh torthaí na hArdteiste amach Dé Máirt an 13 Lúnasa, lá níos túisce ná mar ba ghnách mar chuid de shocruithe nua atá á gcur i bhfeidhm chun go mbeadh fáil níos túisce ar thairiscintí CAO. Déanfar na chéad tairiscintí Déardaoin, an 15 Lúnasa.

Amach mí Mheán Fómhair a thiocfaidh torthaí an Teastais Shóisearaigh amach.

Fág freagra ar 'Tús inniu le scrúdú na hArdteistiméireachta agus an Teastais Shóisearaigh 2019'