Tús curtha le plean nua náisiúnta do na healaíona Gaeilge agus Gaeltachta

Tá plean ‘comhtháite’ nua á ullmhú mar fhreagra ar na moltaí i dtaobh na Gaeilge a bhí sa tuarascáil The Arts Matter

Tús curtha le plean nua náisiúnta do na healaíona Gaeilge agus Gaeltachta

An tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Josepha Madigan. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Tá tús curtha ag Roinn na Gaeltachta, TG4, Ealaín na Gaeltachta agus an Chomhairle Ealaíon le straitéis náisiúnta nua a fhorbairt do na healaíona Gaeilge agus Gaeltachta.

Dúirt an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Josepha Madigan go raibh an plean “comhtháite” nua á ullmhú mar fhreagra ar na moltaí i dtaobh na Gaeilge a bhí sa tuarascáil de chuid an Oireachtais, The Arts Matter.

Moladh sa tuarascáil sin a foilsíodh an mhí seo caite go mbunófaí eagraíocht nua nach mbeadh de dhualgas uirthi ach “na healaíona Gaeilge uile sa tír a reáchtáil”.

Dúradh chomh maith in The Arts Matter, gur ceist polasaí don Rialtas í cén fáth nach bhfuil eagraíochtaí náisiúnta, amhail Amharclann na Mainistreach, á ngríosú chun a thuilleadh saothar a dhéanamh trí Ghaeilge.

Moladh freisin sa tuarascáil ón gComhchoiste Oireachtais um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltacht  go ndéanfadh an Chomhairle Ealaíon “maoiniú mar is ceart” ar na healaíona Gaeilge chun daoine “a mhealladh ar ais” chucu. 

Dúradh gur údar díomá ag baill an choiste Oireachtais é nár léirigh Amharclann na Mainistreach aon dráma Gaeilge le fiche bliain anuas. 

Moladh go dtiocfadh eagraíochtaí ealaíona Gaeilge le chéile chun “comhiarratas” a dhéanamh ar mhaoiniú a mbainfeadh tograí i nGaeilge an tairbhe is mó as. 

Dúradh chomh maith sa tuarascáil gur chóir go bhféachfaí ar na healaíona mar dhlúthchuid den phleanáil teanga náisiúnta.

Fág freagra ar 'Tús curtha le plean nua náisiúnta do na healaíona Gaeilge agus Gaeltachta'

  • Mac an Mheiriceánaigh

    Is é mo thuairim féin gur cheart go mbeadh rialtas Shasana ag íoc as ealaín ar bith Béarla agus rialtas na tíre seo ag íoc as ealaíona Gaeilge amháin. Samhlaigh chugat rialtas na Fraince ag íoc as ealaíona nach raibh déanta as Fraincis!! Ní tharlódh sé.