Gá le heagraíocht náisiúnta nua a bhunú chun ealaíona na Gaeilge a stiúradh – tuarascáil Oireachtais

Déantar roinnt moltaí faoi na healaíona agus an Ghaeilge i dtuarascáil nua de chuid Choiste Cultúir Thithe an Oireachtais

Gá le heagraíocht náisiúnta nua a bhunú chun ealaíona na Gaeilge a stiúradh – tuarascáil Oireachtais

Moltar i dtuarascáil nua Oireachtais go mbunófaí eagraíocht nua nach mbeadh de dhualgas uirthi ach “na healaíona Gaeilge uile sa tír a reáchtáil”.

Deirtear chomh maith sa tuarascáil nua, The Arts Matter, gur ceist polasaí don Rialtas í cén fáth nach bhfuil eagraíochtaí náisiúnta, amhail Amharclann na Mainistreach, á ngríosú chun a thuilleadh saothar a dhéanamh trí Ghaeilge.

Moltar freisin sa tuarascáil nua ón gComhchoiste Oireachtais um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltacht  go ndéanfadh an Chomhairle Ealaíon “maoiniú mar is ceart” ar na healaíona Gaeilge chun daoine “a mhealladh ar ais” chucu. 

Deirtear gur údar díomá ag baill an choiste Oireachtais é nár léirigh Amharclann na Mainistreach aon dráma Gaeilge le fiche bliain anuas. 

Moltar go dtiocfadh eagraíochtaí ealaíona Gaeilge le chéile chun “comhiarratas” a dhéanamh ar mhaoiniú a mbainfeadh tograí i nGaeilge an tairbhe is mó as. 

Deirtear gur chóir go bhféachfaí ar na healaíona mar dhlúthchuid den phleanáil teanga náisiúnta.

I measc na n-eagraíochtaí a bhí os comhair an choiste Oireachtais agus a bhfuil cuid dá dtuairimí i dtaobh na n-ealaíon agus na Gaeilge ar fáil sa tuarascáil nua, tá Fíbín, Ealaín na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus an Chomhairle Ealaíon.

Maíodh ag cruinniú de chuid an Choiste um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltacht anuraidh go raibh “seacht n-oiread níos mó” airgid á chaitheamh ag an gComhairle Ealaíon ar mhaoiniú don opera ná mar atá á chaitheamh ar na healaíona Gaeilge agus Gaeltachta.

Ba é Darach Ó Tuairisg, bunaitheoir an chomhlachta drámaíochta Fíbín Teo, a thug an méid sin le fios ag cruinniú i dTithe an Oireachtais mí Bealtaine seo caite, cruinniú a raibh ionadaithe ó Fhoras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus an Chomhairle Ealaíon i láthair ann chomh maith.

Rinne Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, agus Micheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, cur síos ag an gcruinniú céanna ar na ciorruithe atá déanta ar bhuiséid na n-eagraíochtaí sin le roinnt blianta anuas agus ar na ciorruithe dá bharr atá déanta ar an maoiniú do chur chun cinn na n-ealaíon Gaeilge.

Dúirt Príomhfheidhmeannach an Fhorais go raibh €68 milliún in 2018 ag an Chomhairle Ealaíon agus €17 milliún ag an bhForas.

Mar fhreagra ar ráiteas Dharach Uí Thuairisg faoin maoiniú a dhéanann an Chomhairle Ealaíon ar na healaíona Gaeilge i gcomparáid leis an opera, dúirt Val Ballance, Ceannasaí Ionaid agus Camchuairte na Comhairle Ealaíon, go mbíonn an maoiniú a chuireann an Chomhairle Ealaíon ar fáil ag brath ar chaighdeán na n-iarratas.

Dúirt sé go bhfuil an opera ar cheann de na healaíona a mbíonn an Chomhairle Ealaíon ag plé léi, ach nach bhféachtar ar an Ghaeilge mar ealaín inti féin. Dírithe ar “chaighdeán na healaíne” a bhíonn an Chomhairle Ealaíon seachas teanga na healaíne sin, a dúirt sé.

I measc na bpríomhmholtaí in The Arts Matter, áitítear gur chóir an maoiniú a fhaigheann na healaíona a dhúbailt, mar atá geallta ag an Rialtas.

Fág freagra ar 'Gá le heagraíocht náisiúnta nua a bhunú chun ealaíona na Gaeilge a stiúradh – tuarascáil Oireachtais'

  • Colin Ryan

    Daoine a mhealladh ‘ar ais’ chun na n-ealaíon Gaeilge? An rabhadar meallta riamh? Seans go bhfuil pobal na Gaeilge ró-bheag chun na healaíona céanna a chothú, bíodh an maoiniú ann no as.