‘A sheacht n-oiread maoinithe á thabhairt don opera is atá á thabhairt do na healaíona Gaeilge’

Rinneadh plé i dTithe an Oireachtais tráthnóna inniu ar cheist mhaoiniú na n-ealaíon Gaeilge

‘A sheacht n-oiread maoinithe á thabhairt don opera is atá á thabhairt do na healaíona Gaeilge’

Maíodh ag cruinniú de chuid an Choiste um Chultúr, Oidhreacht agus Gaeltacht go bhfuil “seacht n-oiread níos mó” airgid á chaitheamh ag an gComhairle Ealaíon ar mhaoiniú don opera ná mar atá á chaitheamh ar na healaíona Gaeilge agus Gaeltachta.

Ba é Darach Ó Tuairisg, bunaitheoir an chomhlachta drámaíochta Fíbín Teo, a thug an méid sin le fios ag an chruinniú i dTithe an Oireachtais tráthnóna, cruinniú a raibh ionadaithe ó Fhoras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta agus an Chomhairle Ealaíon i láthair ann chomh maith.

Dúirt Ó Tuairisg go raibh “scéal le hinsint” ag ealaíontóirí na Gaeilge ach go raibh “a nguth curtha ina thost” de bharr easpa maoinithe.

Dúirt sé chomh maith go raibh, dar leis, an Chomhairle Ealaíon i measc na n-eagras stáit a raibh “dearcadh diúltach” acu i leith na Gaeilge.

Rinne Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, agus Micheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, cur síos ar na ciorruithe atá déanta ar bhuiséid na n-eagraíochtaí sin le roinnt blianta anuas agus ar na ciorruithe dá bharr atá déanta ar an maoiniú do chur chun cinn na n-ealaíon Gaeilge.

Dúirt Seán Ó Coinn gur buiséad €19 milliún a bhí ag Foras na Gaeilge in 2002 i gcomparáid leis an €34 milliún a bhí ag an Chomhairle Ealaíon an bhliain chéanna.

Dúirt Príomhfheidhmeannach an Fhorais go raibh €68 milliún i mbliana ag an Chomhairle Ealaíon agus €17 milliún ag an Fhoras.

Dúirt Príomhfheidhmeannach an Údaráis Mícheál Ó hÉanaigh go raibh laghdú nach mór 50% tagtha ar bhuiséad na heagraíochta fiontraíochta don fhorbairt pobail, cultúir agus teanga le deich mbliana anuas agus gur i dtaobh le €3m a bhí an tÚdarás anois cé gur theastaigh €6m dá gcuid oibre.

Mar fhreagra ar ráiteas Dharach Uí Thuairisg faoin maoiniú a dhéanann an Chomhairle Ealaíon ar na healaíona Gaeilge i gcomparáid leis an opera, dúirt Val Ballance, Ceannasaí Ionaid agus Camchuairte na Comhairle Ealaíon, go mbíonn an maoiniú a chuireann an Chomhairle Ealaíon ar fáil ag brath ar chaighdeán na n-iarratas.

Dúirt sé go bhfuil an opera ar cheann de na healaíona a mbíonn an Chomhairle Ealaíon ag plé léi, ach nach bhféachtar ar an Ghaeilge mar ealaín inti féin. Dírithe ar “chaighdeán na healaíne” a bhíonn an Chomhairle Ealaíon seachas teanga na healaíne sin, a dúirt sé.

Dúirt Ballance go raibh gá le tuilleadh comhpháirtíochta maidir le cur chun cinn na n-ealaíon Gaeilge, “rud nár tharla” cé go bhfuil a leithéid molta sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Dúirt sé go mbíonn an Chomhairle Ealaíon ag plé leis na “healaíona gairmiúla amháin” agus go gcaithfeadh coimhlint a bheith ann le haghaidh maoinithe dá bharr.

Dúirt Ceannasaí Ionaid agus Camchuairte na Comhairle Ealaíon gurbh ionann agus “drochbhrionglóid é” go mbeadh ar leithéidí Fíbín cur isteach ar mhaoiniú ó eagraíochtaí éagsúla “nach bhfuil ag caint le chéile”.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Éamon Ó Cuív, gur maith ann an maoiniú don opera ach “go mairfeadh an opera fiú mura mairfeadh sé in Éirinn”, rud nach bhfuil fíor i gcás ealaíona na Gaeilge.

“Is ealaín ann féin labhairt na Gaeilge,” a dúirt Ó Cuív.

Mhol sé go gcuirfeadh an Coiste tuarascáil le chéile ina ndéanfaí moltaí faoi earnáil ealaíona na Gaeilge agus na Gaeltachta.

I measc na moltaí a bhí ag Ó Cuív, dúirt sé gur chóir go bhféachfaí ar roghanna éagsúla: go bhfágfaí cúram na n-ealaíon Gaeilge faoin Údarás nó faoi Roinn na Gaeltachta agus go méadófaí a mbuiséid dá réir, nó go gcuirfí 10% de bhuiséad na Comhairle Ealaíon ar leataobh do na healaíona Gaeilge.

“Mura gcuirfidh tú balla mór millteach timpeall ar airgead na Gaeilge bíonn contúirt mhór ann i gcónaí go dtabharfar an t-airgead sin do dhuine eile,” a dúirt Ó Cuív.

Dúirt an Seanadóir Marie-Louise O’Donnell gur chóir níos mó maoinithe a chur ar fáil do na healaíona Gaeilge, agus gur bealach iontach na healaíona sin an Ghaeilge a fhoghlaim.

Dúirt sí chomh maith go raibh sé “náireach” nár thug an Chomhairle Ealaíon aon mhaoiniú do Fíbín in 2016 ná in 2017. €80,000 a fuair Fíbín ón Chomhairle Ealaíon in 2018.

Dúirt Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge gur “oidhreacht mhaith” ar Bhliain na Gaeilge a bheadh ann dá dtabharfadh Roinn na Gaeltachta na heagraíochtaí éagsúla a bhfuil baint acu leis na healaíona Gaeilge a chur chun cinn le chéile chun straitéis aontaithe a leagan amach don earnáil.

Fág freagra ar '‘A sheacht n-oiread maoinithe á thabhairt don opera is atá á thabhairt do na healaíona Gaeilge’'

  • Mé Féin

    An bhfuil an méad sin ráite sna meáin Gallda?