Tús áite do scoileanna lán-Ghaeilge ag laghdú an rogha oideachais – Educate Together

Tá easpa acmhainní don oideachas trí Ghaeilge aragus ceist faoi shárú cearta bunreachtúla tarraingthe anuas ag Educate Together leis an Aire Joe McHugh

Tús áite do scoileanna lán-Ghaeilge ag laghdú an rogha oideachais – Educate Together

Tá scríofa ag an eagraíocht oideachais Educate Together chuig an Aire Oideachais agus Scileanna Joe McHugh lena n-imní a chur in iúl dó faoin gcinneadh dhá scoil lán-Ghaeilge a fhorbairt i gcontae Bhaile Átha Cliath.

Maíonn Educate Together go mbaineann an cinneadh sin de chearta de thuismitheoirí an cheantair agus go laghdaíonn sé an rogha oideachais a bheidh ar fáil dóibh.

Mar chuid dá gcás dúirt Educate Together, a dhéanann pátrúnacht ar scoileanna neamh-shainchreidmheacha Béarla, nach raibh dóthain acmhainní ann le hoideachas trí Ghaeilge ar ardchaighdeán a sholáthar.

Tá rogha nua curtha ar an gclár oibre freisin ag Educate Together mar chomhréiteach – go bhféadfaidís féin agus scoil lán-Ghaeilge faoi phátrúnacht eile a bheith ar aon champas scoile amháin.

Thug an Roinn le fios níos luaithe an tseachtain seo go raibh pátrúin á lorg acu do cheithre cinn de bhunscoileanna nua sa dá bhliain seo romhainn – trí cinn acu i mBaile Átha Cliath, i nDomhnach Bat, sa Naigín/Coill na Silíní agus i dTeach Sagard/Iarthar na Cathrach agus ceann amháin i gcontae Chorcaí i gCarraig Uí Leighin.

Threoraigh an Roinn gur oideachas trí Ghaeilge a chuirfí ar fáil sna scoileanna i nDomhnach Bat agus i dTeach Sagard/Iarthar na Cathrach mar nach bhfuil aon ghaelscoil eile ag feidhmiú sna ceantair sin.

Dúirt Educate Together go mbíonn an Roinn Oideachais ag maíomh go mbíonn rogha na dtuismitheoirí i gceartlár an phróisis acu agus pátrúin do scoileanna nua á roghnú acu ach go bhfuil cinneadh déanta cheana féin acu gur oideachas trí Ghaeilge a bheidh ar fáil sa dá scoil nua seo.

Tá scoileanna Béarla ag Educate Together gar do na ceantair atá i gceist ach tá na scoileanna sin lán agus i gcás na scoile i gceantair an Chaisleáin Nua/Ráth Cúil/Teach Sagard, tá liosta feithimh 160 dalta acu cheana féin. Tá 90 dalta ar an liosta feithimh sa dá scoil i gceantair Dhomhnach Bat. Níl i gceist ag Educate Together iarratais a dhéanamh ar phátrúnacht do na scoileanna lán-Ghaeilge.

Tuigtear gur thagair Educate Together sa chás atá déanta acu leis an Aire Joe McHugh do cheart na dtuismitheoirí faoi Airteagal 42 den Bhunreacht gan ceangal a bheith orthu a bpáistí a chur chuig cineál ar leith scoile.

Deir siad nach mbeidh aon rogha ag páistí as Domhnach Bat ach freastal ar scoil lán-Ghaeilge mar nach mbeidh aon scoil eile ar fáil dóibh sa cheantar sin.

Tá os cionn 30,000 dalta ag freastal ar 92 bunscoil agus 17 iar-bhunscoil de chuid Educate Together faoi láthair.

Dúirt an Roinn Oideachais agus Scileanna go raibh an córas nua a thugann tús áite do scoileanna lán-Ghaeilge i gcásanna ar leith á chur i bhfeidhm le dul i ngleic leis an ‘éagothroime’ a bhí ann maidir le soláthar oideachais trí Ghaeilge. Dúradh gur chreid an tAire go mbeadh tuilleadh roghanna ag tuismitheoirí agus ag daltaí de bharr an chinnidh sin agus go gcuirfeadh sé cinnteacht ar fáil maidir le hoideachas trí Ghaeilge.

“Dul chun cinn suntasach” a thug an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Dónaill ar fhógra an Aire Oideachais faoi na critéir nua do bhunú Ghaelscoileanna nuair a fógraíodh iad anuraidh.

In imscrúdú a rinne a oifig sa bhliain 2017 cinneadh gur sháraigh an Roinn Oideachais agus Scileanna forálacha teanga de chuid an Achta Oideachais, 1998, nuair a diúltaíodh d’iarratas ar phátrúnacht do bhunscoil lán-Ghaeilge i gceantar pleanála scoile Dhroim Conrach/Marino/Bhaile Átha Cliath 1. Dúirt an Coimisinéir Teanga ag an am gur fhág polasaí nua na Roinne mar thoradh ar an imscrúdú sin gur chóir go mbeadh an t-oideachas lán-Ghaeilge “le fáil mar rogha amach anseo i gceantair ina bhfuil scoil nua le bunú agus nach ann don rogha sin cheana”.

Dúirt Rónán Ó Dónaill le Tuairisc.ie inniu gur ceist do na pátrúin aonair í an ndéanfaidh siad iarratas faoin bpróiseas pátrúnachta nua ach gur léirigh an t-imscrúdú a rinne sé go raibh gá “athrú a dhéanamh ar an gcóras pátrúnachta a bhí ann” chun cloí leis na dualgais reachtúil teanga atá san Acht Oideachais. “Sin atá ag tarlú anois,” a dúirt sé.

Fág freagra ar 'Tús áite do scoileanna lán-Ghaeilge ag laghdú an rogha oideachais – Educate Together'

  • Sibéal

    Scoil Bhéarla agus Gaelscoil ar an gcampas céanna? Cur amú airgid agus fuinnimh.
    Níor chóir monaplacht a bheith ag “Educate Together” ar ab earnán oideachas ilChreidmheach. Ba chóir go ndéanfaí cinnte de go mbeadh pátrúnacht le heiteas ilchreidmheach faoi leith ann do Ghaelscoileanna ilchreidmheacha.