Turas tráthúil scanrúil siar bóithrín na smaointe

Clár tábhachtach é seo ach is mór an trua nár deineadh na fiacla a dhrannadh tuilleadh.

Turas tráthúil scanrúil siar bóithrín na smaointe

Éinne atá cúig bliana déag ar fhichid, nó os a chionn, cuimhníonn siad cá rabhadar ar an lá cinniúnach úd mí Mheán Fómhair 2001 nuair a tharla an sléacht i Nua-Eabhrac, Virginia agus Pennsylvania. Chuir ionsaithe sceimhlitheoireachta an lae úd sraith eachtraí sa tsiúl a bhfuil a n-iarmhairtí fós le brath ar fud an domhain. Dhein na Poncánaigh agus a gcomhghuaillithe ionradh ar an Afganastáin an bhliain chéanna agus ar an Iaráic ina dhiaidh sin. Nach míthráthúil agus nach cinniúnach go bhfuil comóradh fiche bliain ar 9/11 ag tarlú beagán sa bhreis ar sheachtain ó d’éalaigh Meiriceá go liobarnach, agus ar deireadh thiar thall, ó chíor thuathail na hAfganastáine. Fiche bliain in abar agus gan faic dá bharr ach scrios, náire agus na mílte curtha ar shlí na fírinne.

Cé gur clár staire é  9/11 Inside the President’s War Room (BBC1, Dé Máirt) tá tráthúlacht thar na bearta ag baint leis. Tá dhá scéal/téama fite fuaite tríd an gclár cumhachtach, tábhachtach seo. An chéad cheann acu sin ná súil siar a chaitheamh ar eachtraí fuilteacha an lae sin ar an talamh. An ceann eile ná cíoradh a dhéanamh ar ghníomhartha, comhráite agus cinntí an Uachtaráin Bush agus a ghiollaí; cuid mhaith de seo ag tarlú san aer agus an t-uachtarán ag teitheadh ó áit amháin go háit eile ar Air Force One.

Tá meitheal bhreá de chloigne cainte earcaithe, príomhphearsana an lae san áireamh: Colin Powell, Condoleezza Rice, Karl Rove, Dick Cheney agus an fear é féin, George W. Bush. Sé Bush ceann feadhna an chláir. Labhraíonn sé amach go réasúnta macánta agus réasúnta deisbhéalach. Tá cuma gheanúil, chairdiúil air (go mórmhór i gcomparáid leis an gcancrán mórchúiseach a bhí san oifig ubhchruthach le cúpla bliain anuas). Bíonn bá agat leis dá réir ag tús an chláir agus cur síos á dhéanamh ar an alltacht agus an sceimhle a bhain leis na hionsaithe. An rud is mó a bhí ag cur mearbhaill orthu ná go bhféadfadh an dara ráig d’ionsaithe a bheith ann i rith an lae. De réir a chéile agus de réir mar a ceapadh an ‘Bush Doctrine’ cuirtear abhaile orainn gurbh iad cinntí an lae sin ba chúis leis an sléacht sa Mheánoirthear.

Déantar sin a thógaint céim ar chéim go pointeáilte slachtmhar trí eachtraí an lae. An locht is mó atá ar an gclár, agus is dócha go bhfuil seo sa teideal, ná go bhfuil siad aontaobhach. Dearcadh na ndaoine ón taobh istigh. Ba mhór an trua nár dhein an t-agallóir na fiacla a dhrannadh, nó cloigne cainte eile a eagrú chuige sin.

Rinneadh sin ábhairín ag fíordheireadh an chláir nuair a cheistigh an t-agallóir Bush faoi fhiúntas a chuid cinntí. Dar leis-sean nach raibh aon ionsaithe eile ann agus go bhfuil sé compordach lena bhfuil déanta aige. Is fé na staraithe atá sé anois breith a thabhairt ar chúrsaí.

Níl deireadh ráite fós faoi 9/11 agus faoinar tháinig ina dhiaidh. Is ina thosach atáimid. Fiafraigh de lucht na hAfganastáine é.

Fág freagra ar 'Turas tráthúil scanrúil siar bóithrín na smaointe'