Turas mínáireach spraíúil trí fhoclóir gnéis na Gaeilge

Sa chlár faisnéise dátheangach ‘The Irish for Sex’ téann Bláithín de Búrca ar chamchuairt Éireann lena ‘Foclóir Brille’ a líonadh

Turas mínáireach spraíúil trí fhoclóir gnéis na Gaeilge

Seo chugainn RTÉ le saothair Sheachtain/Choicís na Gaeilge. Sa chlár faisnéise dhátheangach aon uaire The Irish for Sex (RTÉ1, Déardaoin) téann Bláithín de Búrca ar chamchuairt ó Dhoire go Ciarraí agus í i mbun taighde ar théarmaíocht na collaíochta agus na mball giniúna as Gaeilge. Is cinnte gur éirigh leis an teideal cuidsúlach mórán a mhealladh.

‘Slán leis an náire agus an breithiúnas,’ a dúradh linn agus Bláithín ag plé an ábhair go mínáireach, neamhleithscéalach, réchúiseach lena cuid aíonna. Dúradh linn go bhfuil an dearfacht faoin gcolainn agus an Ghaeilge in airde láin i láthair na huaire ach nach bhfuil an téarmaíocht chollaíochta is gnéis ar eolas aici, agus mórán eile nach í, as Gaeilge agus b’in a spreag í le dul ag tochailt agus a ‘Foclóir Brille’ faoina hascaill aici.

Sa clár éadromchroíoch, greannmhar seo labhair sí as Gaeilge is Béarla le fuirseoirí eile, lucht aitheantais, lucht léinn, baill den phobal LADTA+ agus muintir na Gaeltachta.

Bhailigh sí meascán mearaí d’fhocail agus nathanna, cuid acu cumtha as an nua, cuid acu i gcaint na ndaoine agus cinn eile i lámhscríbhinní ársa. A leithéid seo: Ribín an tSiabhrais, Bláth Banda, An Sáspan Dubh agus a thuilleadh eile nach iad.

Téarmaí agus nathanna na Gaeilge ag déanamh cur síos go neamhbhalbh ach go fileata is ceolmhar ar chúrsaí collaíochta is coirp.

Tá téamaí sollúnta le sonrú i gcaitheamh an chláir chomh maith, áfach. Meabhraíodh dúinn go bhfuil sé an-tábhachtach don phobal LADTA+ a bheith in ann a saol a phlé le chéile trí Ghaeilge. Chuige sin tá gá le focail is nathanna nua; rud nach bhfuil fuirist óir gur teanga mhionlaigh faoi bhagairt atá inti.

Mheabhraigh Máire Ní Chinnéide ó Chorca Dhuibhne dúinn an náire a bhain le cúrsaí collaíochta agus coirp tráth, go raibh na nithe sin peacúil. Cuimhin léi sochaí a bhí lán le heagla agus brúite fé chois. Fite fuaite leis sin ar fad tá an tuiscint go raibh guth agus eispéireas na mban fé cheilt.

Ar an dtaobh eile den scéal maíonn Toose Mac Gearailt nach dual don Ghael a bheith piúratánach agus go bhfuil an Ghaeilge níos tíriúla (agus níos saibhre) ná an Béarla agus gur dual di tagairt do nithe go hoscailte neamhbhalbh. Sé an piúratánachas a tháinig ó Shasana isteach, agus a shlog na “Sasanaigh bheaga” a chuir oscailteacht na Gaeilge fé chois. Thaitneodh sé liom dá mbeadh breis ionramhála déanta ar thuiscintí Mháire agus Toose.

Déanann Bláithín a cúram go paiteanta agus is í atá deas ar chlár a iompar. Láithreoir caithiseach í a chuireann a haíonna ar a gcompord. Turas mínáireach spraíúil tríd an bhFoclóir Brille.

Fág freagra ar 'Turas mínáireach spraíúil trí fhoclóir gnéis na Gaeilge'

  • jpmorley0@gmail.com

    Is ait liom nach ndearnadh aon tagairt don magnum opus ‘Ó Ghlíomáil go Giniúint’ (foclóir na collaíochta) le Dáithí Ó Luineacháin. Ba lom easnamhach aon taighde nó aon chlár nach dtarraingeodh as an tobar iontach luachmhar sin. Mór an peaca é bheith as cló le fada.