Tuismitheoirí i gConamara ‘ag smaoineamh’ ar a gcuid gasúr a chur chuig scoileanna Béarla chun scrúdú níos dúshlánaí a sheachaint

Chas Sinn Féin le grúpaí oideachais agus Gaeilge le deireanaí chun na hathruithe atá beartaithe ar shiollabas Gaeilge na hArdteiste a phlé

Tuismitheoirí i gConamara ‘ag smaoineamh’ ar a gcuid gasúr a chur chuig scoileanna Béarla chun scrúdú níos dúshlánaí a sheachaint

Tá imní léirithe go ndéanfadh cúrsa nua Gaeilge don Ardteist “éagóir” ar dhaltaí ón nGaeltacht agus ó Ghaelcholáistí mura mbíonn marcanna bónais ag dul leis.

Tá an Roinn Oideachais agus an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA) i mbun comhairliúcháin faoi láthair faoi dhá shiollabas nua a thabhairt isteach do scrúdú Gaeilge na hArdteiste – sonraíocht T1 do dhaltaí i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta agus sonraíocht T2 do scoileanna Béarla.

Deir Sinn Féin go bhfuil siad ag cur aighneacht le chéile le “moltaí praiticiúla” a dhéanfadh an teanga agus muintir na Gaeltachta “a chosaint” faoin gcóras nua.

Chas na Teachtaí Dála Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta an pháirtí; Donnchadh Ó Laoghaire, urlabhraí oideachais Shinn Féin, agus Mairéad Farrell le grúpaí oideachais agus Gaeilge le deireanaí chun an scéal a phlé.

Bhí an grúpa nuabhunaithe Tuismitheoirí Chonamara, atá go láidir in aghaidh na n-athruithe atá beartaithe do scrúdú na Gaeilge, ar cheann de na dreamanna ar bhuail ionadaithe Shinn Féin leo.

“Chuir siad ina luí orainn go bhfuil cur chuige na Comhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta ag teacht salach ar chearta páistí, agus níl siad ag iarraidh go mbeadh páistí na Gaeltachta faoi mhíbhuntáiste agus scrúdú níos deacra acu ná mar a bheidh ag páistí sa chuid eile den tír,” a dúirt Aengus Ó Snodaigh.

Dúirt Ó Snodaigh go raibh Conradh na Gaeilge agus Tuismitheoirí na Gaeltachta i measc na ngrúpaí eile a bhí míshásta nach bhfuil aon chúiteamh do dhaltaí a roghnódh an scrúdú T1 a dhéanamh luaite i bpleananna na Roinne Oideachais go dtí seo.

Thug an tAire Norma Foley le fios an tseachtain seo caite go raibh a Roinn ag déanamh meastóireachta faoi láthair ar bhearta a spreagfadh daltaí le tabhairt faoin gcúrsa níos deacra.

Dúirt sí, áfach, nach bhfuil sé i gceist síneadh ama a chur leis an bpróiseas comhairliúcháin a gcuirfear deireadh leis mí Lúnasa.

Dúirt Aengus Ó Snodaigh gur mhol na grúpaí a chas le Sinn Féin gur cheart níos mó ama a chur ar fáil don phróiseas toisc go bhfuil an oiread brú ar mhúinteoirí agus ar scoileanna faoi láthair de bharr na paindéime. Tá Sinn Féin ag tacú leis an moladh sin.

Tá an grúpa nua Tuismitheoirí Chonamara ag cur go láidir i gcoinne na n-athruithe atá beartaithe do Ghaeilge na hArdteiste agus iad den tuairim go mbeidh earnáil na gColáistí Samhraidh agus an teanga trí chéile i mbaol dá rachfaí ar aghaidh leis na hathruithe atá á bplé.

Deir siad go bhfuil tuismitheoirí i gConamara cheana féin ag smaoineamh ar a gcuid gasúr a chur chuig scoileanna Béarla ionas nach mbeidh orthu an scrúdú níos dúshlánaí a dhéanamh.

“Tá go leor againn ag cuimhneamh ár gcuid gasúr a chuir ag scoil Béarla chun go mbeidh siad in ann páipéar T2 Gaeilge a dhéanamh ar bheagán struis agus marcanna arda a bhaint amach dá réir,” a deir Siobhán Ní Chonghaile ó Thuismitheoirí Chonamara.

Má tharlaíonn sé sin, deir Ní Chonghaile go bhfuil an baol ann go gcuirfear deireadh leis an nGaeltacht go deo.

Sa ghearrthéarma, deir Tuismitheoirí Chonamara go bhféadfadh go mbeadh “impleachtaí ollmhóra” ag na siollabais nua do Ghaeilge na hArdteiste d’earnáil na gColáistí Samhraidh.

Tá imní ar an ngrúpa go bhfágfadh scrúdú Gaeilge níos éasca nach mbeadh an t-éileamh céanna ar na coláistí samhraidh amach anseo.

“Is mná agus fír tí go leor againn a thógann scoláirí chuile bhliain. Tá muid den tuairim go dtitfidh líon na scoláirí a bheidh ag freastal ar choláistí Gaeilge mar gheall go mbeidh siad ag fáil Páipéar Gaeilge T2, sé sin páipéar níos éasca i nGaeilge,” a deir Ní Chonghaile.

Ceapann sí go gcuirfidh tuismitheoirí a ngasúir chuig coláistí Fraincise nó chuig coláistí eile sa samhradh má bhíonn an scrúdú Gaeilge nua ró-éasca agus mura mbíonn aon chall dóibh barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge i rith an tsamhraidh.

Fág freagra ar 'Tuismitheoirí i gConamara ‘ag smaoineamh’ ar a gcuid gasúr a chur chuig scoileanna Béarla chun scrúdú níos dúshlánaí a sheachaint'

  • Áine

    Maith sibh. Tá glór ag Tuistí na Gaeltachta & ag ár bpáistí fé dheiridh. Tá seo rí-thábhachtach dúinne atá ag tógáil ár gcuid páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht. Fé dheiridh, ní hiad eagruis an Ardchathair lena gcur i gcéill atá ag labhairt ar ár son. Treise libh Tuistí Chonamara.

  • Dónall

    Is droch scéala é seo go deimhin. Táimid ag feiscint bás na Gaeilge agus cás an Bhéarlachais inniu maidir le Roinn na Gaeltachta! Tá an Cadhnach, an Ríordánach & an Direánach ag iompú ina nuaigheanna.

    Mise Éire…..go deimhin…..

  • Eoghan

    Bíonn an da scrúdú ann sa Tuaisceart agus sa Bhreatain -sonraíochtaí ar leith do ‘English’ agus ‘English Literature’. Sa Tuaisceart, tá ‘Irish’ ann agus ‘Gaeilge’. Déanann lucht na Gaelscolaíochta scrúdú Irish go luath, agus bliain nó dhó ina dhiaidh sin, ‘Gaeilge’. Nach féidir le daltaí na Gaeltachta/Gaeloideachais scrúdú ‘ T2 a dhéanamh go luath (Transition?) agus ‘Gaeilge’ ina dhiaidh sin. Ar an dóigh sin, tabharfar aiheantas don dátheangachas/ilteangachas, rud atá ina aidhm ag an Roinn (Languages Connect/Déanann Teangacha Nasc, srl).
    I dtaca leis an dátheangachas de, léirítear buntaiste an dátheangachais i gcás na nuaÉireannach/inimirceach, nuair a chuirtear scrúdú ar fáil i bPolainnis, srl. Gurab amhlaidh din Ghaeilge!

  • S. Mac Muirí

    Mura mbeidh aon tairbhe sa mbreis le baint as an T1 a dhéanamh thar an T2, beidh sé ag teacht salach ar chearta dhaltaí an T1 faoin mbunreacht.