An Roinn Oideachais le dul i mbun comhairle le Roinn na Gaeltachta faoi chúrsa Gaeilge nua Ardteiste

Níl an tAire Oideachais sásta a rá go fóill cé acu an dtabharfar nó nach dtabharfar marcanna bónais isteach do scrúdú nua Gaeilge don chainteoir líofa

An Roinn Oideachais le dul i mbun comhairle le Roinn na Gaeltachta faoi chúrsa Gaeilge nua Ardteiste

Tá tugtha le fios ag an Aire Oideachais nach bhfuil cinneadh ar bith déanta go fóill maidir le pointí bónais a chur ar fáil dóibh siúd a roghnóidh cúrsa Gaeilge níos deacra a dhéanamh don Ardteist.

Tá ráite ag an Aire Norma Foley go bhfuil an Roinn Oideachais ag déanamh meastóireachta faoi láthair ar “bhearta” a spreagfadh daltaí le tabhairt faoin gcúrsa níos deacra don Ardteist. Dúirt sí go rachfar i mbun comhairle le Roinn na Gaeltachta chun na bearta sin a mheas tuilleadh.

Tá an Roinn Oideachais agus an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA) i mbun comhairliúcháin faoi láthair faoi dhá shiollabas nua a thabhairt isteach do scrúdú Gaeilge na hArdteiste – sonraíocht T1 do dhaltaí i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta agus sonraíocht T2 do scoileanna Béarla.

Tá go leor saineolaithe den tuairim gurb é an teip a bheidh i ndán don chúrsa nua Gaeilge do chainteoirí líofa mura mbeidh marcanna breise ar fáil as tabhairt faoi.

I bhfreagra ar cheist Dála ó Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin, dúirt an tAire Foley go bhféadfadh go mbeadh athrú ar na sonraíochtaí nua bunaithe ar an aiseolas a gheofar le linn an phróisis chomhairliúcháin.

Dúirt sí go raibh roinnt tuairimí faighte cheana féin ó “na páirtithe leasmhara” faoin tslí is fearr chun daoine a spreagadh chun an cúrsa nua T1 a dhéanamh.

Bhí bearta éagsúla chun cainteoirí líofa a spreagadh chun an cúrsa níos dúshlánaí á meas ag oifigigh a Roinne, a dúirt an tAire Oideachais.

Dúirt sí go ndéanfar a leithéid de bhearta a mheas “i gcomhchomhairle” leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, ós rud é go bhfuil an dá roinn ag obair le chéile ar bheartais éagsúla oideachais atá luaite sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.

D’fhiafraigh Ó Snodaigh den Aire cén fáth a roghnódh dalta scoile nó scoil cúrsa T1 in ionad cúrsa T2 nuair nach mbeidh “buntáiste ar bith” le fáil as an dúshlán breise, dar leis. Dúirt Ó Snodaigh go mbeadh sé níos deacra do dhaltaí marcanna arda a bhaint amach sa chúrsa T1 “toisc an scrúdú a bheith níos deacra agus an caighdeán iomaíochta a bheith níos airde”.

Dúirt urlabhraí oideachais Shinn Féin, an Teachta Dála Donnchadh Ó Laoghaire, cheana nach mbacfadh daltaí ardchumais Gaeilge an cúrsa T1 a dhéanamh mura mbeadh cúiteamh ann dóibh.

Dúirt urlabhraí oideachais Pháirtí an Lucht Oibre Aodhán Ó Ríordáin go mbeadh ciall le marcanna bónais a chur ar fáil do dhaltaí a thugann faoin gcúrsa T1 ach go bhfuil amhras mór air go mbeidh rath ar an gcinneadh dhá shiollabas nua a thabhairt isteach.

Tugadh isteach sonraíochtaí idirdhealaithe T1 agus T2 don tSraith Shóisearach den chéad uair in 2017. Seoladh curaclam teanga idirdhealaithe na Bunscoile in 2017.

Ní hiad na marcanna bónais an t-aon údar gearáin atá ag eagraíochtaí teanga agus oideachais leis na cúrsaí nua don Ardteist.

D’éiligh 13 móreagraíocht teanga agus oideachais go gcuirfí ar athló an próiseas comhairliúcháin atá tosaithe faoi na cúrsaí Gaeilge nua nó go mbeidh athbhreithniú déanta ar na cúrsaí Gaeilge nua a tugadh isteach don Teastas Sóisearach.

Dúradh nach féidir “breithiúnas oibiachtúil” a dhéanamh ar an bplean don dá chúrsa gan athbhreithniú a bheith déanta ar dtús ar conas mar atá ag éirí lena macasamhail ag leibhéal an Teastais Shóisearaigh.

Dúradh go bhfuil an Ardteist “róthábhachtach mar scrúdú le go ndéanfaí cinntí faoi shonraíochtaí agus faoi chúrsaí measúnachta nach bhfuil “fianaisebhunaithe”.

Luadh freisin na deacrachtaí atá cruthaithe ag an bpaindéim agus an brú atá ar phríomhoidí, scoileanna

agus múinteoirí i láthair na huaire.

Dhiúltaigh an tAire Oideachais stop nó síneadh ama a chur leis an bpróiseas, áfach, agus dúirt go raibh i bhfad níos mó ama ná mar is gnáth curtha ar leataobh don phróiseas, sé mhí ar fad ó mhí Feabhra go dtí deireadh mhí Lúnasa i mbliana.

Fág freagra ar 'An Roinn Oideachais le dul i mbun comhairle le Roinn na Gaeltachta faoi chúrsa Gaeilge nua Ardteiste'

  • Sinéad

    An bhfuil feidhm a thuilleadh ag an 13 móreagraíocht Gaeilge? Is léir nach bhfuil maidir leis an Oideachas Gaeltachta. Má tugadh an chluas bhodhar dóibh ar ábhar chomh tábhachtach, níl feidhm acu i dtodhchaí Oideachais na Gaeilge. Milliúin le sábháilt ag an Stáit fáil réidh leo láithreach agus Eagraíocht amháin a dhéanfas freastal cuí ar Phobail na Gaeltachta seachas mar atá i láthair na huaire.