‘Gan chiall’ cúrsa Gaeilge níos deacra a chur ar fáil don Ardteist gan daltaí a chúiteamh – Sinn Féin

Deir an Roinn Oideachais nach bhfuil aon chinneadh déanta go fóill maidir le pointí bónais a chur ar fáil dóibh siúd a roghnódh cúrsa Gaeilge níos deacra a dhéanamh don Ardteist

‘Gan chiall’ cúrsa Gaeilge níos deacra a chur ar fáil don Ardteist gan daltaí a chúiteamh – Sinn Féin

Urlabhraí oideachais Shinn Féin, Donnchadh Ó Laghaoire. Pictiúr:Leah Farrell/Rollingnews.ie

Tá ráite ag Sinn Féin nach mbeadh aon chiall le cúrsa Gaeilge níos dúshlánaí a thabhairt isteach don Ardteist gan buntáiste éigin a chur ar fáil do dhaltaí as an gcúrsa sin a roghnú.

Tá an Roinn Oideachais i mbun comhairliúcháin faoi láthair faoi dhá shiollabas nua a thabhairt isteach do scrúdú Gaeilge na hArdteiste – sonraíocht T1 do dhaltaí i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta agus sonraíocht T2 do scoileanna Béarla.

Cé go bhfuil saineolaithe go leor den tuairim gurb é an teip a bheidh i ndán don chúrsa nua Gaeilge do chainteoirí líofa mura mbeidh marcanna breise ar fáil as tabhairt faoi, deir an Roinn Oideachais nach bhfuil aon chinneadh déanta go fóill maidir le pointí bónais a chur ar fáil.

Dúirt urlabhraí ón Roinn le Tuairisc.ie go mbreithneofar “bearta” éagsúla chun scoláirí i scoileanna Gaeltachta agus Gaeilge “a spreagadh” chun tabhairt faoi shonraíocht T1 don Ardteist.

Tá amhras léirithe ag lucht an fhreasúra faoi ghnéithe de phlean nua na Roinne, chomh maith.

Agus é ag labhairt le Tuairisc.ie, dúirt urlabhraí oideachais Shinn Féin, an Teachta Dála Donnchadh Ó Laoghaire, nach mbacfadh daltaí ardchumais Gaeilge an cúrsa T1 a dhéanamh mura mbeadh cúiteamh ann dóibh.

“Dá mbeadh muid ag iarraidh ar scoláirí cúrsa níos deacra a dhéanamh agus gan aon bhuntáiste a bheith ann ó thaobh pointí nó rud éigin eile de, ní dóigh liom go dtógfadh mórán daoine an rogha sin.”

Deir Ó Laoghaire gur maith an rud é go bhfuil plé á dhéanamh ar shiollabas Gaeilge nua don Ardteist chun freastal ar chainteoirí dúchais agus ar scoileanna lán-Ghaeilge, ach deir sé nach mbeidh aon mhaitheas ann mura mbeidh daltaí sásta é a roghnú.

Deir Ó Laoghaire nach bhfuil aon chinneadh deiridh déanta ag Sinn Féin go fóill maidir le cé acu ba cheart marcanna bónais a thabhairt nó réiteach éigin eile a fháil chun na daltaí a chúiteamh.

“An bhfuil rogha eile ann seachas pointí breise? Ní ritheann aon cheann liom faoi láthair ach b’fhéidir go bhfuil slí eile trínar féidir buntáiste a thabhairt do scoláirí,” arsa Ó Laoghaire. “Cinnte, ní dhéanann sé ciall go mbeadh ábhar níos deacra ann do scoláirí d’ardchumas gan buntáiste a bheith ann dóibh.”

Deir urlabhraí oideachais Pháirtí an Lucht Oibre Aodhán Ó Ríordáin go mbeadh ciall le marcanna bónais a chur ar fáil do dhaltaí a thugann faoin gcúrsa T1 agus “an chuma ar an scéal,” a deir sé, go bhfuil an cur chuige sin ag obair ó tugadh isteach don Mhatamaitic é in 2012.

Urlabhraí oideachais Pháirtí an Lucht Oibre Aodhán Ó Ríordáin. Pictiúr: Leah Farrell/Rollingnews.ie

Deir Aodhán Ó Ríordáin go bhfuil sé sásta deis a thabhairt don Roinn Oideachais tabhairt faoin bpróiseas comhairliúcháin, ach go bhfuil amhras mór air go mbeidh rath ar an gcinneadh dhá shiollabas nua a thabhairt isteach.

“Is léir go bhfuil deacrachtaí ag daoine leis an gcur chuige ach is fiú díospóireacht a bheith againn. Níl mé ag iarraidh an Roinn a cháineadh as rudaí nua a chur os comhair an phobail.

“Má théann siad ar aghaidh leis an smaoineamh seo, áfach, ní dóigh liom go n-oibreoidh sé.”

Deir Ó Ríordáin go bhfuil fadhbanna móra ann leis an nGaeilge sa chóras oideachais sula mbaineann daltaí an Ardteist amach in aon chor agus go bhfuil gá le hathrú “réabhlóideach” chun na fadhbanna sin a réiteach.

Tá tugtha le fios ag Ó Ríordáin agus Ó Laoghaire go mbeidh Páirtí an Lucht Oibre agus Sinn Féin ag cur aighneachtaí isteach mar chuid den chomhairliúchán poiblí ar na dréachtsonraíochtaí nua atá tosaithe ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA).

Tá iarrtha ag 13 móreagraíocht teanga agus oideachais stop a chur “láithreach bonn” leis an bpróiseas comhairliúcháin sin, áfach, agus iad ag éileamh go gcuirfí ar athlá é go dtí i ndiaidh na paindéime le go mbeidh deis an scéal “a phlé i gceart sa phobal”.

Aontaíonn na Teachtaí Ó Ríordáin agus Ó Laoghaire gur cheart an próiseas comhairliúcháin a chur siar chun deis cheart a thabhairt do na páirtithe leasmhara agus don phobal i gcoitinne an scéal a phlé.

Deir Donnchadh Ó Laoghaire go bhfuil an baol ann nach dtabharfar tosaíocht mar is ceart don scéal agus an brú atá ar gach duine in earnáil an oideachais de dheasca na paindéime.

“Tá sé seo ráite ag daoine eile ach is am an-ait é seo chun an próiseas comhairliúcháin a thosnú, le gach rud atá ag tarlú le scoileanna. An mbeidh sé de chumas ag príomhoidí, boird bhainistíochta agus na heagraíochtaí go léir an aird agus an smaoineamh a dhéanamh ar an ábhar seo mar ba chóir?”

I ráiteas a cuireadh ar fáil do Tuairisc.ie, dúirt urlabhraí de chuid na Roinne Oideachais gur chuir siad fáilte roimh “oscailt an chomhairliúcháin thábhachtaigh seo” agus roimh an deis atá tugtha do gheallsealbhóirí a bheith rannpháirteach sa phróiseas.

“Breithneoidh an Roinn agus gníomhaireachtaí ábhartha ábhair maidir le cur i bhfeidhm na sonraíochtaí nua do Ghaeilge na hArdteistiméireachta. I measc na nithe a bheidh le breithniú beidh bearta chun scoláirí i scoileanna Gaeltachta agus Gaeilge a spreagadh chun tabhairt faoi shonraíocht T1 don Ardteist. Níor thángthas ar aon chinneadh maidir le pointí bónais a thabhairt isteach mar bheart dreasachta chun staidéar ar an tsonraíocht T1 a chur chun cinn,” a dúirt urlabhraí na Roinne.

Léirigh Conradh na Gaeilge imní cheana nach raibh aon rud luaite sna dréachtsonraíochtaí chun daoine a mhealladh i dtreo na gcúrsaí níos dúshlánaí agus mheas Gaeloideachas go gcaithfear aghaidh a thabhairt ar conas scoláirí a chúiteamh as an obair bhreise a bheadh i gceist leis an gcúrsa T1.

Tá iarrtha ag 13 móreagraíocht teanga agus oideachais ar an NCCA stop a chur “láithreach bonn” leis an bpróiseas comhairliúcháin atá tosaithe faoi na cúrsaí Gaeilge nua atá le tabhairt isteach don Ardteist.

Fág freagra ar '‘Gan chiall’ cúrsa Gaeilge níos deacra a chur ar fáil don Ardteist gan daltaí a chúiteamh – Sinn Féin'