Éileamh déanta go gcuirfí stop ‘láithreach bonn’ le próiseas comhairliúcháin faoi Ghaeilge na hArdteiste

Tá tuairimí an phobail á lorg faoi láthair faoi mholtaí atá déanta faoi dhá chúrsa nua Gaeilge – ceann do dhaltaí i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta agus ceann do scoileanna Béarla

Éileamh déanta go gcuirfí stop ‘láithreach bonn’ le próiseas comhairliúcháin faoi Ghaeilge na hArdteiste

Tá iarrtha ag 13 móreagraíocht teanga agus oideachais ar an NCCA stop a chur “láithreach bonn” leis an bpróiseas comhairliúcháin atá tosaithe faoi na cúrsaí Gaeilge nua atá le tabhairt isteach don Ardteist.

Foilsíodh eolas an mhí seo caite faoin dá chúrsa nua Gaeilge – ceann do dhaltaí i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta agus ceann do scoileanna Béarla – agus tá tuairimí an phobail á lorg anois faoi na moltaí.

I litir a seoladh go dtí an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, éilítear go gcuirfí ar athló an próiseas sin nó go mbeidh athbhreithniú déanta ar na cúrsaí Gaeilge nua a tugadh isteach don Teastas Sóisearach. 

Cuireadh cóip den litir chuig Airí na Gaeltachta Catherine Martin agus Jack Chambers chomh maith.

Deirtear chomh maith sa litir gur chóir an próiseas a chur siar go dtí i ndiaidh na paindéime le go mbeidh deis an scéal “a phlé i gceart sa phobal”.

I measc na n-eagraíochtaí atá luaite leis an litir tá Údarás na Gaeltachta, Conradh na Gaeilge, Gaeloideachas, Gael Linn, CONCOS, Tuismitheoirí na Gaeltachta, Gael Taca agus Ógras,

Tá an litir sínithe chomh maith ag An Foras Pátrúnachta, Aontas na Mac Léinn in Éirinn agus Aontas na nDaltaí Iarbhunscoile, Gréasán Náisiúnta na Múinteoirí Gaeilge agus SEALBHÚ, lárionad taighde DCU don oideachas Gaeilge.

Tá grúpa oibre bunaithe ag na heagraíochtaí go léir ar mhaithe le dul i mbun stocaireachta faoi cheist na sonraíochtaí nua, a dtugtar T1 agus T2 orthu.

Deirtear sa litir nach féidir “breithiúnas oibiachtúil” a dhéanamh ar an bplean don dá chúrsa gan athbhreithniú a bheith déanta ar dtús ar conas mar atá ag éirí lena macasamhail ag leibhéal an Teastais Shóisearaigh.

Deirtear go bhfuil an Ardteist “róthábhachtach mar scrúdú le go ndéanfaí cinntí faoi shonraíochtaí agus faoi chúrsaí measúnachta nach bhfuil fianaisebhunaithe”.

Mar chuid den phróiseas sin is féidir suirbhé ar líne a líonadh isteach go dtí an 28 Bealtaine. Beidh fócasghrúpaí agus cruinnithe le heagraíochtaí ar leith mar chuid den phróiseas chomh maith agus beifear ag glacadh le haighneachtaí go dtí an 31 Lúnasa.

Ní théitear i ngleic sa suirbhé le ceann de na ceisteanna is bunúsaí faoin gcúrsa nua do dhaltaí i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta, is é sin cé acu an mbeidh nó nach mbeidh marcanna bónais ar fáil as é a dhéanamh.

Tá saineolaithe go leor den tuairim gurb é an teip a bheidh i ndán don chúrsa nua Gaeilge do chainteoirí líofa mura mbeidh marcanna breise ar fáil as tabhairt faoi.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge go raibh tacaíocht léirithe go dtí seo ag gach eagraíocht sa ghrúpa oibre nua don éileamh go mbeadh marcanna bónais le fáil as an gcúrsa níos dúshlánaí a dhéanamh.

“Cén fáth go ndéanfadh aon dalta an tsonraíocht T1, mar atá molta sa chomhairliúchán faoi láthair, gan a leithéid?” a d’fhiafraigh de Spáinn.

Tá saineolaithe ar an oideachas Gaeilge agus Gaeltachta ag éileamh le blianta fada go dtabharfaí isteach cúrsa breise don Ardteist a thabharfadh aird ar riachtanais an chainteora dúchais.

Ach tá imní agus iontas léirithe ag roinnt saineolaithe faoi ghnéithe de na cúrsaí nua, nó na sonraíochtaí T1 agus T2 mar a thugann an Roinn Oideachais orthu.

Bhí iontas ar roinnt daoine faoina chosúla lena chéile is a bhí cur chuige an dá shiollabas.

Fág freagra ar 'Éileamh déanta go gcuirfí stop ‘láithreach bonn’ le próiseas comhairliúcháin faoi Ghaeilge na hArdteiste'

  • Mary Haslam

    Cá bhfuil an suirbhé seo le fáil?

  • Elaine Hammond

    * Tá aird na meán dírithe ar lucht na Gaeltachta agus na ngaelscoileanna ach tá éagóir á déanamh ar dhaltaí Gaeilge na ngallscoileanna chomh maith.
    *Tá an iomarca litríochta le déanamh sa chúrsa nua (tá an iomarca litríochta le déanamh sa chúrsa atá againn faoi láthair mar atá sé anois)
    *Déanann 40% de dhaltaí arteiste na tíre gnáthleibhéal faoi láthair agus déanfaidh 90% gnáthleibhéal má leantar ar aghaidh leis na pleananna seo..
    *Scríobhann daltaí ardteiste timpeall 3,000 focal as scrúdú scríofa Gaeilge-scríobhann daltaí na fraincíse timpeall 300 focal as a stuaim féin-déanfar fraincís/gearmáinis srl ar ardleibhéal agus gnáthleibhéal sa Ghaeilge
    * Déarfaidh lucht na seafóide go bhfuil Gaeilge á foghlaim ag daltaí le 8 mbliana sula dtosaíonn siad sa mhéanscoil-táid ag cur an dallamullóg orthu féin-bíonn caighdeán difriúil ag gach dalta as chéad bhliain agus is iomaí dalta nach bhfuil ach cúpla focal acu toisc an bhunscoil easnamhach ónar tháinig siad.
    *Tosaigh sna bunscoileanna mar tá an Ghaeilge ina praiseach ann.
    *Ní gá an scrúdú a dhéanamh níor deacra do lucht na Gaeltachta/na ngaelsoileanna-tá sé deacair go leor-féach ar na staitiaticí-ní fhaigheann an chuid is mó de dhaltaí ann H1 sa tslí céanna nach bhfaigheann gach dalta ón nGalltacht H1-3 sa Bhéarla cé go bhfuil siad líofa ann. Ná gearr píonós ar daltaí na Gaeltachta ná na ngaelscoileanna.
    * Deisigh an Teastas Sóisearach ar dtús-ní féidir ceist amháin fiú a ullmhú, bhí an t-aon páipéar samplach amháin a fuaireamar chomh teibí. Tá siad ag dul chuig an ngnáthleibhéal ina dtáinte cheana féin.
    * An bhfuil an Roinn ag súil go ndéanfar praiseach den dá chúrsa ionas gur féidir leo deireadh a chur leis an ábhar ar fad?
    * Déan iarracht daltaí a mhealladh i dtreo na Gaeilge in ionas fuath a chothú iontu di. Tá deis agaibh daltaí a spreagadh inti-ná scrios an deis sin mar atá déanta sa Teastas Sóisearach.

  • Catherine McCraith

    Tá praiseach ceart déanta acu den Teastas Sóisearach. Pádraig Piarais bocht agus a leithéidí a throid d’ár dteanga dúchais. . Is masla é seo dóibh. Caithimid stop a chur leis an seafóid seo. Tá sé that am dúinn an fód a sheasamh ar son ár dteanga.

  • Éamonn

    “Ní gá an scrúdú a dhéanamh níor deacra do lucht na Gaeltachta/na ngaelsoileanna-tá sé deacair go leor-féach ar na staitiaticí-ní fhaigheann an chuid is mó de dhaltaí ann H1 sa tslí céanna nach bhfaigheann gach dalta ón nGalltacht H1-3 sa Bhéarla cé go bhfuil siad líofa ann. Ná gearr píonós ar daltaí na Gaeltachta ná na ngaelscoileanna.”
    Tá iontas orm faoi sin, nach bhfaigheann beagán gach dalta Gaeltachta/Gaelcholáiste H1 nó H2. Cá bhfuil na staisiticí sin ar fáíl?

    “An bhfuil an Roinn ag súil go ndéanfar praiseach den dá chúrsa ionas gur féidir leo deireadh a chur leis an ábhar ar fad?”
    Sin é go díreach é, Elaine. Nach léir é anois do chuile dhuine go bhfuil an stát ag iarraidh fáil réidh leis an nGaeilge agus leis an gcultúr Gaelach ar fad?

  • Fachtna

    Cén fáth nach bhfuil nasc don suirbhé sa scéal?

  • Tomás Mac Aodhbhui

    Táim go huile agus go hiomlán i gcoinne dhá chóras éagsúil don Ghaeilge san Árdteist. Cén fáth go ndéanfai an scrúdú níos deacraí do dhaltaí ó scoileanna Gaeltachta nó ó Gaelscoileanna. Dá leanfaí le polasaí mar seo , caithfear dhá chóras éagsúil a bheith sa Bhearla. Agus ar chóir scrúdú Fraincíse difriúil a chur ós cómhair dalta a chaith seal ina cónai sa Fhrainc ?