Ní bheidh aon reachtaíocht Ghaeilge ann fad is atá an Prótacal i bhfeidhm, a deir an DUP

Tuairiscíodh ar chlár The Nolan Show ar BBC Radio Ulster ar maidin nach dtabharfaidh an DUP an reachtaíocht teanga isteach go dtí go mbeidh na fadhbanna atá ag an bpáirtí leis an bprótacal socraithe

Ní bheidh aon reachtaíocht Ghaeilge ann fad is atá an Prótacal i bhfeidhm, a deir an DUP

Tá sé tugtha le fios ag an DUP nach ngéillfidh siad d’aon reachtaíocht teanga don Ghaeilge ó thuaidh mura bhfaighfear réidh leis an bPrótacal iarBhreatimeachta.

Tuairiscíodh ar an gclár The Nolan Show ar BBC Radio Ulster ar maidin nach dtacódh an DUP leis an reachtaíocht teanga a thabhairt isteach fad is atá an prótacál ann. Dúirt foinse ón DUP nach mbeadh aon ní dá shórt á tairiscint acu fad agus a bheadh an prótacal i bhfeidhm.

Tugadh geallúint maidir le reachtaíocht agus straitéis Ghaeilge sa chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua [New Decade, New Approach].

Tuairiscíodh an tseachtain seo caite go raibh baill shinsearacha sa DUP ag géilleadh go mbeidh reachtaíocht don Ghaeilge á tabhairt isteach an bhliain seo chugainn.

Tuairiscíodh an méid sin sin tar éis d’Arlene Foster a fhógairt in Stormont go dtabharfaí reachtaíocht Ghaeilge isteach faoi Bhealtaine na bliana seo chugainn. Dúirt sí gur bhain an reachtaíocht Ghaeilge leis an tacaíocht níos leithne atá geallta faoi chúrsaí cultúir agus féiniúlachta sa chomhaontú.

Is léir go bhfuil athrú tagtha ar an scéal ó shin, áfach, agus gléas troda déanta den Ghaeilge ag Aontachtaithe ina gcath in aghaidh an Phrótacail iarBhreatimeachta. Fágann an prótacal go bhfuil rialacha trádála an Aontais Eorapigh fós á leanúint sa Tuaisceart in ainneoin an Bhreatimeachta agus tá Aontachtaithe buartha go bhfágann a leithéid go bhfuil teorainn ar muir Éireann.

Dúirt Michelle O’Neill, ceannaire Shinn Féin ó thuaidh agus LeasChéad-Aire an Tuaiscirt ar maidin, nach bhféadfadh an DUP dul siar ar an méid a aontaíodh sa chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua.

Dúirt sí go gcaithfí na geallúintí a tugadh mar chuid den chomhaontú a chomhlíonadh agus nach mbeadh aon ath-idirbheartaíocht ná dul siar i gceist i gcás na ngealltanas a tugadh.

Níl aon ráiteas déanta faoin scéal go fóill ag Arlene Foster.

Fág freagra ar 'Ní bheidh aon reachtaíocht Ghaeilge ann fad is atá an Prótacal i bhfeidhm, a deir an DUP'