‘Arlene will have to sell it to the country’ – reachtaíocht Ghaeilge pléite ag cruinniú de chuid an DUP

Is cosúil go bhfuil an DUP ag géilleadh faoi dheireadh don gheallúint maidir le reachtaíocht agus straitéis Ghaeilge don Tuaisceart

 ‘Arlene will have to sell it to the country’ – reachtaíocht Ghaeilge pléite ag cruinniú de chuid an DUP

Glacadh leis ag cruinniú de chuid an DUP le deireanaí go mbeidh reachtaíocht don Ghaeilge á tabhairt isteach an bhliain seo chugainn.

De réir miontuairiscí ón gcruinniú a sceitheadh leis na meáin, tá an DUP ag géilleadh faoi dheireadh don gheallúint maidir le reachtaíocht agus straitéis Ghaeilge a tugadh sa chomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua [New Decade, New Approach].

De réir scéil faoi na miontuairiscí a foilsíodh sa News Letter, dúradh ag an gcruinniú le deireanaí, “Arlene needs to sell it to the country!”

Tagairt ab ea é sin don obair a síleadh a bheidh le déanamh ag ceannaire an pháirtí, Arlene Foster, má tá sí chun a chur ina luí ar aontachtaithe glacadh le reachtaíocht teanga.

Dúirt Arlene Foster in Stormont an tseachtain seo caite go dtabharfaí reachtaíocht Ghaeilge isteach faoi Bhealtaine na bliana seo chugainn. Dúirt sí gur bhain an reachtaíocht Ghaeilge leis an tacaíocht níos leithne atá geallta do chúrsaí féiniúlachta sa chomhaontú.

De réir na miontuairiscí ón gcruinniú príobháideach a bhí ag an DUP, léirigh baill shinsearacha den pháirtí imní mhór faoina bhfuil i ndán dóibh sa toghchán tionóil atá le bheith ann an bhliain seo chugainn.

“Unionism is turning on itself,” a dúradh agus measadh go raibh baol mór ann go gcaillfeadh an páirtí Feisirí Parlaiminte, Comhaltaí den Tionól Reachtach agus comhairleoirí sna toghcháin.

Measadh go raibh seans ann nach é an DUP a bheidh ar an bpáirtí is mó ó thuaidh i ndiaidh thoghchán Stormont na bliana seo chugainn. 

Rinneadh an plé ag cruinniú de chuid chumann an DUP i dtoghcheantar Aontroma Theas.

Bhí 18 ball den pháirtí i láthair ag an gcruinniú a reáchtáladh ar líne ar an 25 Feabhra, an Feisire Parlaiminte Paul Girvan agus beirt chomhaltaí de Thionól Stormont, Trevor Clarke agus Pam Cameron, ina measc.

Tá beartais don Ghaeilge geallta ag an bhfeidhmeannas in Stormont mar chuid den phlean Ré Nua, Cur Chuige Nua, ach tá fearg léirithe ag lucht na Gaeilge ó thuaidh faoin moill atá le cur i bhfeidhm na mbeartas.

Nuair a rinne Conradh na Gaeilge cur i láthair don Choiste um Fhorfheidhmiú Chomhaontú Aoine an Chéasta an mhí seo, dúradh go raibh sé i gceist ag an gCoiste Oireachtais iarraidh ar an Aire Gnóthaí Eachtracha agus ar Státrúnaí Thuaisceart Éireann geallúintí a tugadh maidir leis an nGaeilge ó thuaidh a chomhlíonadh gan a thuilleadh moille.

Cé nach acht teanga don Ghaeilge amháin, mar a bhí á éileamh ag lucht feachtais, atá sa phlean ‘New Decade, New Approach’, tá roinnt beartas ann a chuirfeadh le stádas na teanga ó thuaidh.

Tá beirt Choimisinéirí, ceann don Ghaeilge agus ceann don Ultais, agus oifig chultúir agus féiniúlachta mar chuid de phlean nua an dá rialtas d’athbhunú an fheidhmeannais in Stormont trí bliana ó thit sé.

Fág freagra ar ' ‘Arlene will have to sell it to the country’ – reachtaíocht Ghaeilge pléite ag cruinniú de chuid an DUP'