Tugtar aitheantas don luch nach bhfaigheann an ceann is fearr ar an leon…

Tá mórán a d’fhéadfaimis a fhoghlaim ón aitheantas a thugtar i Meiriceá do na gaiscígh spóirt nach mbaineann an t-ardán is mó amach…

Tugtar aitheantas don luch nach bhfaigheann an ceann is fearr ar an leon…

Lá dár saol ba ea an Satharn seo a d’imigh tharainn, agus iontaisí á bhfeiscint againn ar an ngort caide. Bhíomar ag faire ar laochra an Chláir agus filí caocha á dhéanamh acu d’fhoireann Ros Comáin. Chonaiceamar gaiscígh Thiobraid Árainn agus spior spear á dhéanamh acu d’iarrachtaí cróga pheileadóirí Dhoire. Sa mhullach ar an dráma sin ar fad bhí turas agam ar na hurdy gurdys istigh i mbaile an Daingin an tráthnóna céanna. Cheapas ná seasódh an jacaí spleodar an lae in aon chor.

Ní haon rún é gur maith le muintir na hÉireann an fód a sheasamh le Dáibhí i gcoinne Ghóiliat agus is fearr ná san linn nuair a fhaigheann an luch an lámh in uachtar ar an leon. Is minic gur sinn féin a bhíonn i mbád na mbeag. Nuair a fheicimid Gary Brennan agus na deora ag sileadh leis toisc áit a bheith bainte amach ag a fhoireann sna babhtaí ceathrú ceannais den gCraobh, is gaire dár gcroíthe é ná Ciarraíoch nó fear Chill Chainnigh bheith ag ardú an Choirn a trí nó a ceathair de bhabhtaí i ndiaidh a chéile. Go deimhin dhuit, is beag Ciarraíoch a bheadh ag olagón má bhuann na Cláirínigh orainn an Domhnach seo chugainn – thabharfainn an leabhar go mb’fhearr linn é sin ná dá bhfaigheadh Áth Cliath an lámh in uachtar orainn sa chluiche leathcheannais.

Rud a rith liom agus mé ag faire na caide ná go bhféadfaí i bhfad níos mó aitheantais a thabhairt d’iarrachtaí imreoirí ‘na gcontaetha laga’ mar a thugtar orthu. In aon spórt ar fud an domhain ní bhíonn ach dornán beag imreoirí go mbíonn an bonn is uachtaraí sa spórt sin acu – bonn Uile-Éireann sa chaid nó sna camáin nó bonn shraith na seaimpíní sa sacar, cuirim i gcás – agus is amhlaidh a bheidh go deo. Mar shampla, níl an Superbowl buaite ach ag 2.5% díobh siúd a d’imir san NFL. Ní fhaigheann gach bliain ach 1.6% de na himreoirí sinsir atá ag imirt na peile Meiriceánaí i gcoláistí an NCAA conarthaí san NFL.

Cé go bhfuil col agam le roinnt gnéithe de spórt Mheiriceá (an tsíorfhógraíocht agus ollsmacht na staitisticí), is breá liom bheith ag faire ar an NFL agus an NBA. Dhá spórt iontacha is ea an pheil Mheiriceánach agus an chispheil, agus is sna comórtais thuasluaite atá mol na spórt úd agus scoth na n-imreoirí le fáil. Rud a dheineann an dá shraith níos fearr ná mórán eile is ea an gradam agus an t-aitheantas a thugtar d’imreoirí ná baineann an chraobh amach in aon chor.

Tugtar gradam MVP (An tImreoir is Luachmhaire) amach faoi dhó san NFL agus NBA – ceann amháin don imreoir is luachmhaire dá fhoireann sa ‘ghnáthshéasúr’ agus ceann eile sa Superbowl nó sna cluichí ceannais. Is annamh ar fad a bhuann an t-imreoir céanna an dá ghradam sa séasúr céanna, agus tugann a leithéid de ghradam aitheantas cuí d’imreoirí a bhíonn ar a gcroí díchill ó cheann ceann na bliana.

B’fhiú gradaim MVP a thabhairt amach sna cluichí seo againne. Dá ndéanfaí ‘gnáthshéasúr’ den séasúr idir thús na sraithe agus deireadh na mbabhtaí cáilithe agus dá dtabharfaí ‘buaic-chluichí’ ar na cluichí craoibhe ina dhiaidh sin, d’fhéadfaí gradaim a dháileadh dá réir. Cé a cheilfeadh gradam MVP ar Gary Brennan nó ar Peter Harte an tráth seo bliana? Agus cá bhfios cé a bhuafadh MVP na gcluichí ceannais?

Tugtar gradaim eile amach sna spóirt úd chomh maith – Cosantóir na Bliana, Tosaí na Bliana, Ionadaí na Bliana, Bainisteoir na Bliana, An tImreoir is Mó Feabhas, An Imreoir is Féaráilte ….

Tóg Dan Marino mar shampla. Tá sé áirithe i measc na n-imreoirí is fearr a d’imir peil Mheiriceánach riamh. Cé nár éirigh leis an Superbowl a bhuachaint, bronnadh iliomad gradam air ina measc, MVP, Imreoir Óg na Bliana agus Ionsaitheoir na Bliana. Roghnaíodh ar fhoireann an bliana naoi n-uaire é, agus bhuaigh sé Fear na Bliana i 1998. Agus sin ar fad gan trácht ar na sár-iarrachtaí pasála a bhain sé amach sna seacht mbliana déag a raibh sé ag imirt.

Rud eile gur fiú dúinn aithris a dhéanamh air ná na cluichí ina gcuirtear scoth na n-imreoirí ag imirt ar fhoirne le chéile – Cluiche All-Stars an NBA agus Pro-Bowl an NFL. Pioctar All Stars sna cluichí seo againne gach bliain agus tugtar ar scaidht thar lear iad le cluiche a imirt os comhair dornán éigin daoine. Cinnte taitníonn an turas leis na himreoirí agus é tuillte go maith acu, ach d’fhéadfaí i bhfad Éireann níos mó a dhéanamh ach é a phacáistiú i gceart, fé mar a dhéantar sna cluichí Meiriceánacha. Imrítear cluiche All-Stars an NBA ar bhonn tíreolaíoch Thiar-Thoir, agus tá feithicil an-oiriúnach againne chun amhlaidh a dhéanamh – Corn an Iarnróid, sraith atá in umar na haimléise agus ar leaba an bháis le táir.

Shamhlóinn deireadh seachtaine i lár an tséasúir (ar nós an NBA) nó ag deireadh an tséasúir (ar nós an NFL) mar cheiliúradh ar scoth na n-imreoirí ós na ceithre hairde – ag imirt a chéile ar fhoirne cúigí (nó b’fhéidir Leath Choinn i gcoinne Leath Mhogha), na himreoirí roghnaithe ag iar-imreoirí, an preas agus lucht tacaíochta. D’fhéadfaí iliomad comórtas eile a imirt mar pháirt den ócáid: comórtas cic fada, comórtas ciceanna saora ón talamh, (nílim in ann macasamhail an chomórtais Slam Dunk a shamhlú go fóill, ach fág liom é).

Dhéanfaí athbheochan ar fad ar Chorn an Iarnróid agus ócáid nótálta a bheadh ann chun aitheantas a thabhairt dár n-imreoirí. Líonfaí Páirc an Chrócaigh. Bheadh fonn ar éinne Gary Brennan agus Peter Acheson a fheiscint ag imirt i lár an ghoirt le chéile agus iad á fhéachaint le Aidan O’Shea agus Seán Cavanagh, nó aonad tosaigh le leithéidí Paul Geaney, Michael Quinlivan agus Jamie Malone. Mura mbeadh aon rud eile ag baint leis, nach dtabharfadh sé seans do Chorcaíoch nó dhó imirt i bPáirc an Chrócaigh?!

Ná íocfá aon airgead chun Bryan Sheehan agus Michael Murphy a fheiscint i gcomórtas lena chéile féachaint cé acu is fearr a lascálfadh an chaid ón dtalamh (nó b’fhéidir go dtiocfadh Cinnéideach an tí seo thar n-ais chun dúshlán na beirte a thabhairt?)

Fógraíodh pacáiste nua dár luach €6.5m idir CLG agus Cumann na nImreoirí Gaelacha an tseachtain seo, agus roinnt aidhmeanna agus spriocanna spéisiúla aontaithe eatarthu chun aire níos fearr a thabhairt d’imreoirí idirchontae. Nach mbeadh cúpla pingin le spáráil acu chun gradaim agus deireadh seachtaine dá leithéid seo a eagrú?

Ar a shon san is eile b’fhéidir go mb’fhearr dúinn nach bhfuil a leithéid d’ócáid ann. Thitfeadh an t-anam asainn siúráilte leis an ­excitement ar fad.

Fág freagra ar 'Tugtar aitheantas don luch nach bhfaigheann an ceann is fearr ar an leon…'