Tuar dóchais an 12 Iúil – réiteach inaimsithe?

Tá comharthaí ar aird na gaoithe go bhfuil fuascailt fhadtéarmach ar an gconspóid in Ard Eoghain inaimsithe

orange order

Lá mór na nOráisteach thart gan trioblóid. Bhí mórshiúlta an dara lá déag d’Iúil síochánta thairis mioneachtraí a tharlódh am ar bith a mbeadh sluaite amuigh. Ba mhór an faoiseamh é do lucht slándála, polaiteoirí, na hOráistigh agus lucht gnó, ní áirím an gnáthphobal. B’údar uchtaigh é sin agus na comharthaí ar aird na gaoithe go bhfuil fuascailt fhadtéarmach ar an gconspóid in Ard Eoghain inaimsithe.

Coicís ó shin, ar an suíomh seo, bhíos ag cur síos ar an díomá a bhí ann mar gur theip ar iarrachtaí chun a theacht ar chomhghéilleadh. Diúltaíodh do shocrú a chuirfeadh deireadh leis an anró faoi mháirseálacha in Ard Eoghain, le léirsithe, le círéibeacha agus le campa Twaddell, an agóid oráisteach atá ar siúl le trí bliana.

Trí lóiste oráisteacha ó thuaisceart na cathrach a éilíonn an ceart a dhul ar paráid trí Ard Eoghain ar a mbealach chun páirt a ghlacadh sa mhórmháirseáil agus filleadh abhaile an bealach céanna tráthnóna. Tá doicheall ag náisiúnaithe rompu agus stair fhuilteach na gcaismirtí idir an dá thaobh craolta ar fud na cruinne. Deir roinnt áitritheoirí nár cheart paráid ar bith a cheadú, éilíonn a thuilleadh go ngabhfadh an tOrd Oráisteach i gcomhairle leo ach dhiúltaigh an tOrd dó sin as éadan ar feadh i bhfad.

D’uireasa comhréitigh logánta, chuir Coimisiún na bParáidí bac ar an bparáid um thráthnóna in 2013 agus gach bliain ó shin. Is é an toirmeasc sin faoi ndear campa agóide Twaddell amach os comhair Ard Eoghain.

Cuireann an campa an saol sa cheantar as a riocht ar feadh na bliana go léir. Bhíothas ag súil an mhí seo caite gurbh fhéidir a theacht ar chomhghéilleadh idir Oráistigh agus áitritheoirí chun teacht as an tsáinn.

Dhiúltaigh lóiste amháin as na trí cinn don chomhréiteach agus tharraing CARA, cumann áitritheoirí, siar as an bpróiseas dá bhrí sin. (Tá grúpa áitritheoirí eile, GARC, naimhdeach do chomhréiteach) Díol suntais ab ea é nár tharla maslú ná achasáin nuair a theip ar na hiarrachtaí réitigh. Choinnigh an dá thaobh guaim orthu féin.

Dé Máirt seo caite chonacthas eachtra a cheaptar a d’eascair as an dea-chaidreamh a cothaíodh sna cainteanna. Go hiondúil, nuair a bhíonn na lóistí ag filleadh abhaile tráthnóna téann na trí cinn chomh fada le bacainní an PSNI agus déanann siad gearán mar nach scaoiltear go hArd Eoghain leo. An uair seo, chuaigh lóiste Bhaile na Saileán chomh fada leis na bacainní. Sheas siad ansin ag fanacht leis an bpéire eile ach ní raibh amharc ar bith orthusan – ba iadsan an dá lóiste a bhí toilteanach glacadh le comhréiteach. Sa deireadh rinne Baile na Saileán a ngearán féin agus d’imigh.

Shéan gach dream gur baghcat a bhí ann ach ba leor nod dá lán. Údar mór dóchais ab ea é. Taobh istigh de cheithre huaire fichead bhí casadh fíor-dhearfach curtha ar an gcor nua agus go leor cainte ar siúl faoi thús a chur le cainteanna réitigh an athuair. Is cosúil go n-aontaíonn an dá thaobh gur cheart tosú arís gan mhoill, gan a bheith ag fanacht leis an gcéad shéasúr máirseála eile. Ní haon ribín réidh é ach is fiú tabhairt faoi.

Fág freagra ar 'Tuar dóchais an 12 Iúil – réiteach inaimsithe?'