Tuairisc ón Tuirc: Dhá thír ardmhíleata i mbun mionchogadh eacnamaíoch

Creideann an Rúis go bhfuil an Tuirc ag iarraidh an stát Ioslamach a chosaint, agus tá rialtas na Tuirce ag bagairt tréimhse saoil sa phríosún ar iriseoir Turcach a léirigh fianaise go raibh an Tuirc ag soláthar armlóin don Stát Ioslamach

(FILES) A file picture taken on October 3, 2015 shows a Russian Sukhoi Su-24 bomber taking off from the Hmeimim airbase in the Syrian province of Latakia. Russia said on November 24 that the military plane Turkey shot down at the Syrian border was a Russian Sukhoi Su-24 jet, adding that the jet did not enter Turkish space. AFP PHOTO / KOMSOMOLSKAYA PRAVDA / ALEXANDER KOTS *RUSSIA OUT* / AFP / KOMSOMOLSKAYA PRAVDA / ALEXANDER KOTS

‘An Rúis gach am muir mheánach teastaíonn’.

Aistriúchán gonta ar chomhréir shainiúil na Tuircise san abairt a thug fear mar fhreagra ar mo cheist agus é ag síneadh chugham muga çay fé ghrian gheal riviera na Tuirce. Abairt chliste ab ea í a chuir gníomhartha deireanacha na Rúise i gcomhthéacs na sprice stairiúla a bhí riamh ag an tír sin ceannas a ghabháilt ar chalafoirt dheisceartacha na meánmhara thoir, mar ar chuas-sa ag iascach le m’athair gach aon lá den tseachtain seo a d’imigh tharainn.

Maidin inné, ar an bpaiste céanna den mheánmhuir, 22km ón oileán Gréigeach Lemnos, scaoil long chogaidh Rúiseach ar bhád iascaigh Turcach chun an ruaig a chur air. Timpeall le coicíos roimhe sin, bhuamáil na Rúisigh fiche leoraí Turcach arna bhfilleadh dóibh ar a dtír dhúchais ón tSiria. An tseachtain roimhe sin in Ulyanovsk na Rúise, ionsaíodh oifigí Efes, grúdlann Thurcach, cúpla uair a’ chloig tar éis do na Turcaigh an scairdeitleán Rúiseach úd a leagan.

Dhá thír mhóra ollchumhachtacha ardmhíleata, anois i mbun mionchogadh eacnamaíoch. B’ait leat an Rúis a bheith ag dul i mbun cogaidh leis an Tuirc. Is í an tír is mó a cheannaíonn gás nádúrtha uathu, gan trácht ar phíopa mór fada luachmhar a bheith leagtha fé thalamh na Tuirce lena thuilleadh gáis a sholáthar don chuid eile den Eoraip. Ach más fíor do Recep Tayyip Erdoğan a deir nach bhfuil an dara rogha ag an Tuirc ach gás Rúiseach a cheannach, bheadh rogha fhairsing ann ó thaobh íle a cheannach, rud a ardóidh ceisteanna móra i leith na Tuirce má éiríonn leis na Rúisigh a chruthú go bhfuil íle á ceannach acu ón Stát Ioslamach a mhaoiníonn a bhfeachtas sceimhlitheoireachta ar an tslí seo.

Go deimhin, d’eisigh gréasán faisnéise na Rúise píosaí scannáin coicíos ó shin ina bhfuil leoraithe Turcacha le feiceáil go soiléir ag teacht agus ag imeacht ón tSiria gan aon stró. Líomhain is ea í nach bhfuil séanta ag Recep Tayyip Erdoğan nach ndúirt ach go mbeadh sé ag éirí as mar uachtarán dá gcruthófaí go raibh aon fhírinne inti.

Creideann an Rúis go bhfuil an Tuirc ag iarraidh an stát Ioslamach a chosaint, agus go deimhin, tá rialtas na Tuirce ag bagairt tréimhse saoil sa phríosún ar Can Dündar, iriseoir Turcach a léirigh fianaise go raibh an Tuirc ag soláthar armlóin don Stát Ioslamach. Cuireadh go leor iriseoirí eile sa phríosún roimhe siúd, agus gabhadh a thuilleadh ó shin, cuirim i gcás Ertugrul Ozkok, a ghlaoigh deachtóir ar uachtarán a thíre.

Ar mhaithe leis féin a bhíonn an cat ag crónán. Má tá fonn anois ar na Rúisigh deireadh a chur leis an Stát Ioslamach i dtreo is go mbeadh smacht acu ar uiscí teolaí na Mheánmhara thoir, cad a thabharfadh ar na Turcaigh cabhair a thabhairt don namhaid is mó atá tagtha ar an stáitse idirnáisiúnta le cuimhne na gcat?

Bhuel, má tá dhá dhream a bhain tairbhe as an gcoimhlint a thosaigh sa tSiria in 2011, tá an Stát Ioslamach ar cheann acu, agus an YPG ar an dream eile, is é sin, eite mhíleata Choirdínigh na Siria. Níorbh fhada go raibh an dá fhórsa sin ag tabhairt aghaidh ar a chéile, agus tá an YPG ag díbirt an Stáit Ioslamaigh de réir a chéile, á thiomáint amach as bailte beaga i bhfoisceacht don Tuirc.

Cúis áthais, ba dhóigh leat, do chairde an chine dhaonna, ach is grúpa eitneach iad na Coirdínigh atá le fáil sa Tuirc, san Iaráin, san Iaráic, agus sa tSiria, agus neamhspleáchas á lorg acu sna ceantair go léir ina bhfuil siad le fáil. Dá n-éireodh leis an YPG stát a bhunú do Choirdínigh na Siria, is é an eagla a bheadh ar na Turcaigh ná go ndíreoidís ar an taobh Turcach den teorainn an uair sin, agus is í an eagla sin is cúis le scirmisí beaga is móra idir údaráis na Tuirce agus Coirdínigh ó am go chéile. Ba mhaith leis an Tuirc an Stát Ioslamach a úsáid, más fíor, i dtreo deireadh a chur le feachtas neamhspleáchais na gCoirdíneach, agus tá an Rúis ag cur ina coinne.

Tháinig páirtithe agus grúpaí éagsúla le chéile in Ankara, ardchathair na Tuirce i mí Dheireadh Fómhair i mbliana le cur i gcoinne na coimhlinte leanúnaí idir airm na Tuirce agus grúpaí éagsúla Coirdíneacha laistigh den Tuirc. Bhí sin go breá ach cad a bhí an uair sin ach ionsaí sceimhlitheoireachta ar an tionóil; timpeall le céad a maraíodh, agus tuairim is ceithre chéad leonta.

Bhí Putin – cé eile? – i measc na dtaidhleoirí a d’eisigh ráiteas tathagach poiblí chun comhbhrón a dhéanamh le muintir na Tuirce, ag tabhairt le fios gur náisiún cairdiúil don Rúis í an Tuirc, agus é ag rá gur mhithid dos na náisiúin go léir tarrac le chéile i gcoinne bhagairt na sceimhlitheoireachta. Níl aon ráiteas oifigiúil ar cé a bhí freagrach as ionsaí Ankara, ach tá Turcaigh ann a déarfadh leat gurb iad na Coirdínigh féin fé ndear an ionsaí céanna, agus gan dabht tá Coirdínigh ann a déarfadh leat gur grúpaí Turcacha a bhí ann.

Ní fheadair éinne.

Fág freagra ar 'Tuairisc ón Tuirc: Dhá thír ardmhíleata i mbun mionchogadh eacnamaíoch'