TUAIRISC ÓN SPÁINN: Juan Carlos I ar a theitheadh agus a cháil scriosta

Tá iar-Rí na Spáinne i mbéal an phobail le roinnt mhaith blianta, agus is ag dul i laghad atá a cháil an t-am ar fad

TUAIRISC ÓN SPÁINN: Juan Carlos I ar a theitheadh agus a cháil scriosta

Go tobann Dé Luain seo caite, d’fhógair iar-Rí na Spáinne, Juan Carlos I na mBúrbónach, go bhfuil sé chun an Spáinn a fhágáil agus cur faoi thar lear. Tháinig an scéala aniar aduaidh ar mhuintir na Spáinne agus níl tada eile ach é sna meáin ó shin.

Is ar mhaithe lena mhac Rí Pilib VI, a tháinig i gcomharbacht air in 2014, atá sé ag fágáil na tíre dar leis. Níl sé ag iarraidh go mbeadh a mhíchlú féin ag teacht salach ar obair a mhic mar cheann stáit, a scríobh sé i litir a d’eisigh an chúirt ríoga.

Tá Juan Carlos I i mbéal an phobail anseo le roinnt mhaith blianta, agus is ag dul in olcas atá a cháil an t-am ar fad. Bhí meas air tráth. Bhí ról lárnach aige i bpróiseas aistrithe na Spáinne ón deachtóireacht go daonlathas agus sa mhonarcacht bhunreachtúil a bunaíodh tar éis bhás Franco.

Tugadh isteach leasuithe chun go mbeadh glacadh le páirtithe sóisialacha agus cumannacha a bhíodh ina bpáirtithe toirmiscthe.

Cé go raibh an pobal an-tógtha leis mar rí an fhad agus a bhí sé i gcumhacht, thosaigh sé ag tarraingt trioblóide ar féin sna blianta deireanacha.

In 2012, nuair a bhí an tóin ag titim as eacnamaíocht na Spáinne agus méadú ollmhór ag teacht ar an líon daoine a bhí dífhostaithe, dúirt an Rí go raibh a chroí briste go raibh daoine óga as obair agus go raibh a gcruachás á choinneáil ó chodladh na hoíche. Ach cúpla lá ina dhiaidh sin, tháinig an scéala amach go raibh an rí sínte ar a thóin i bPoblacht na Botsuáine agus a chorróg briste aige. Céard a thug ann é? Ag oscailt dílleachtlainne nó ospidéal? Ag oibriú go deonach? Ní hea, ach ag cur piléar in eilifintí.

€40,000 a chosain an safari agus ba é Mohammed Eyad Kayali, comhairleoir de chuid theaghlach ríoga na hAraibe Sádaí, a d’íoc as. Más ea féin, ba é Juan Carlos a d’íoc as nuair a tháinig sé abhaile. Bhí muintir na Spáinne spréachta leis.

Sceith an scéala freisin nach í an Bhanríon a bhí ina chuideachta san Afraic ach a leannán uaslathach Corinna zu Sayn-Wittgenstein. Thosaigh an pobal ag éirí níos fuarchúisí ina leith ina dhiaidh sin agus tháinig laghdú ar an tacaíocht a léiríodh dó. Sa deireadh thug sé suas a choróin agus is dócha gur shíl an teaghlach ríoga go ndéanfaí dearmad ar a bhaois agus a dhíchéille go luath.

Bhí go maith nó gur thosaigh na húdaráis sa Spáinn agus san Eilvéis ag fiosrú cúrsaí airgeadais.

Nuair a thug sé suas an choróin, chaill sé a dhíolúine ó ionchúiseamh.

De réir cosúlachta, thug  teaghlach ríoga na hAraibe Sádaí $100 milliún d’fhondúireacht sna Bahámaí, agus ba é Juan Carlos a bhí i dteideal an airgid a fháil. D’aistrigh sé €65 milliún isteach i gcuntas bainc Corinna zu Sayn-Wittgenstein, ach dúirt sise nach raibh ann ach bronntanas agus nach raibh baol ar bith gur ag cur airgid i bhfolach a bhí sé.

Cibé fírinne atá sa méid sin, is é Juan Carlos féin anois atá i bhfolach agus na paparazzi á fhiach.

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN SPÁINN: Juan Carlos I ar a theitheadh agus a cháil scriosta'