TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Ní haon áibhéil é a rá go bhfuil an daonlathas i mbaol anseo

Agus 55.2 % den vóta aige, tá fear atá i bhfad níos faide amach ar an eite dheis ná Donald Trump i gceannas ar an gceathrú daonlathas is mó ar domhan

TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Ní haon áibhéil é a rá go bhfuil an daonlathas i mbaol anseo

Toghadh an t-iarrthóir pobalach, fíorchoimeádach, ciníoch, homaifóibeach, frithbhanda agus gunna-ghrách Jair Bolsonaro ina uachtarán ar an mBrasaíl. Agus 55.2% den vóta aige, fuair an t-iarchaptaen airm an lámh in uachtar ar Fernando Haddad, iarrthóir na heite clé.

Fágann seo go bhfuil fear atá i bhfad níos faide amach ar an eite dheis ná Donald Trump i gceannas ar an gceathrú daonlathas is mó ar domhan.

Ní haon áibhéil é a rá go bhfuil an daonlathas sin i mbaol anois.

Tá sé ráite níos minice ná uair amháin ag Bolsonaro go raibh an Bhrasaíl níos fearr as le linn na deachtóireachta míleata (1964 – 1985) ná ina dhiaidh sin. Tá sé ráite níos minice ná uair amháin aige freisin go bhfuil sé ar son an chéasta mar mhodh ceistiúcháin.

Cén fáth, mar sin, ar chaith níos mó ná leath de na vótóirí sa Bhrasaíl vóta dó?

Bhí trí chúis leis sin.

Ar an gcéad dul síos, is baolach gur beag an tuiscint atá ag sciar maith de dhaonra na Brasaíle ar an stair. Is é an chaoi gur baineadh an t-ábhar sin – stair – de churaclam na scoileanna le linn na deachtóireachta míleata, an tréimhse inar fhás an ghlúin atá i gcumhacht faoi láthair aníos – Bolsonaro féin san áireamh.

Anuas air sin, tá páirtí Fernando Haddad, céile comhraic Bolsonaro, fite fuaite leis an scannal caimiléireachta is mó i stair na Brasaíle. Is léir go raibh oiread fuatha ag móramh na vótóirí do Pháirtí na nOibrithe (PT) gurbh fhearr leo vóta a thabhairt do Bolsonaro ná do Haddad, fiú mura raibh siad compordach le tuairimí conspóideacha Bolsonaro.

Lena chois sin arís, bhí tionchar as cuimse ag nuacht bhréige a scaipeadh tríd WhatsApp ar thoradh an toghcháin. An tseachtain seo caite, cuireadh i leith 156 comhlacht sa Bhrasaíl gur íoc siad isteach is amach le €3 milliún le WhatsApp d’fhonn nuacht bhréige a scaipeadh a thacódh le feachtas Bolsonaro. Chuir WhatsApp na céadta cuntas ar ceal, ach bhí an dochar déanta.

Is cinnte go bhfiosrófar an scéal áirithe sin a thuilleadh agus seans go mbeidh sé ina bhró mhuilinn anuas ar Bolsonaro fós – ach faoin am sin beidh sé ina uachtarán.

Agus leis sin, táimid tagtha chomh fada leis an mórcheist. An éireoidh leis na cúirteanna, le hinstitiúidí an daonlathais agus leis an bhfreasúra srian a choinneáil ar mhianta Jair Bolsonaro an Bhrasaíl a rialú leis an lámh láidir?

Tá tráchtairí polaitiúla ann a cheapann nach n-éireoidh le Bolsonaro a théarma a chríochnú.

Ach ní gá gur dea-scéal don daonlathas a bheadh ann dá bhfaighfí réidh leis, ar chúis amháin nó eile, idir seo agus an chéad toghchán uachtaránachta eile, sa bhliain 2022.

Sa chás sin, is é an chaoi go dtiocfaidh ginearál de chuid an airm i gcomharbacht air.

Ginearál ar phinsean is ea leathbhádóir Bolsonaro, Hamilton Mourão, a toghadh ina leas-uachtarán inné.

Bhí an lámh láidir fite fuaite le feachtas toghchánaíochta Bolsonaro agus bhí sí fite fuaite leis an gceiliúradh. I gcathair Niterói, gar do Rio de Janeiro, ghlac aonad de chuid an airm páirt sa cheiliúradh i gcuideachta lucht leanta Bolsonaro. In Rio de Janeiro féin, chuir lucht leanta Bolsonaro, mná ina measc, geáitsí orthu féin le gunnaí bréige móra. Cúig nóiméad déag de shiúl na gcos ón áit a bhfuil cónaí orm féin i gcathair Salvador, thug na póilíní míleata drochíde do bhean óg a bhí ag glacadh páirte in imeacht iarthoghcháin de chuid Pháirtí na nOibrithe.

Cúpla pléascóg thine fágtha as an áireamh, bhí sé an-chiúin ar fad i mo chomharsanacht féin. Vótáil nach mór 70 faoin gcéad de mhuintir Salvador do Fernando Haddad, nó i gcoinne Bolsonaro. Bhí an scéal mar an gcéanna ar fud oirthuaisceart na Brasaíle.

Beochraoladh ar Facebook thar dhrochcheangal 3G ab ea an chéad chaint a rinne uachtarán nuathofa na Brasaíle le muintir na tíre, aitheasc inar thug sé geallúint ‘an Bhrasaíl a tharrtháil’.

“Is sibhse m’fhinnéithe go gcosnóidh an rialtas seo an Bunreacht, an daonlathas agus an tsaoirse,” a dúirt Jair Bolsonaro ag preasócáid ina dhiaidh sin.

“Geallúint is ea é sin, ní geallúint pháirtí nó briathar fánach ag fear éigin, is éard atá ann ná móid do Dhia.”

Beidh le feiceáil.

Fág freagra ar 'TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Ní haon áibhéil é a rá go bhfuil an daonlathas i mbaol anseo'

  • Aoife

    Dochreidte.

  • Steven

    Comhghairdeas ar an Uachtarán nua! Tá mé tuirseach den chaoi a ndeachaigh olltoghchán i bhfeidhm ar cuiditheoirí liobrálaithe nuair a chaill a h-iarrthóir nó a gcúis. An bhfuil sé “daonlathas” fíú amhain go bhuafadh an éite chummanaí?