TUAIRISC Ó LONDAIN: Na soiscéalaithe ag súil go bhfuil Dia láidir agus ‘Boris’ i mbun an ‘Bank Of Brexitlies’

Bréagnaíonn sorcas an Bhreatimeachta an sean-steiréitíopa gur dream fuarchúiseach, beagfhoclach iad na Sasanaigh

TUAIRISC Ó LONDAIN: Na soiscéalaithe ag súil go bhfuil Dia láidir agus ‘Boris’ i mbun an ‘Bank Of Brexitlies’

Bhí sé osréalach a bheith timpeall ar Westminster an tseachtain seo. Is minic é ráite gur dream fuarchúiseach, beagfhoclach iad na Sasanaigh a choimeádann guaim orthu féin in am an ghátair. Is mó duine, mar sin féin, a chonac thart timpeall Westminster le cúpla lá anuas a bhréagnaigh an seansteiréitíopa sin.

Bhí na mílte de lucht agóide lasmuigh den bParlaimint iad feistithe go hildaite i gcultacha na Breataine nó an Aontais Eorpaigh. Póstaeir agus cláir ina nglac acu agus iad ag béicíl in ard a ngutha ar son imeachta nó fanachta. Chuaigh roinnt acu in adharca a chéile agus bhí teannas ceart ann ó am go chéile a d’fhág gurbh éigean do na póilíní grúpaí a scarúint óna chéile.

Bhí an dream a bhí lán d’aer an tsaoil ann leis. Leathcheann Boris Johnson ag tabhairt amach nótaí £350 milliún ón ‘Bank Of Brexitlies’. Bhí an tAthair Neil Horan, ceol gaelach á thionlacan, i mbun steipeadaíola ar bhalla agus culaith déanta as dathanna na hÉireann air. “Yes I know Neil,” arsa ‘Boris’, “he’s a fellow fruitcake.”

Bhí na soiscéalaithe go láidir ann freisin, ag insint dom aon uair a shiúileas tharstu, go bhfuil Dia láidir agus máthair mhaith aige agus go bhfuair Íosa bás ar mo shon.

Laistigh d’fhaiche an Choláiste, faoi scáth Westminster, bhí sorcas eile ar siúl. Na meáin bailithe as na ceithre hairde, iad ar fad i mbun na tuairimíochta céanna ag iarraidh meabhair a bhaint as an dímheabhair. Na stáisiúin nuachta i mbun craolacháin go síoraí seasta ag iarraidh an t-am a líonadh le tuairimíocht gan bhunús agus buillí faoi thuairim.

Ba gheall le faoiseamh é ar shlí nuair a tháinig toradh an vóta déanach oíche aréir. Ar a laghad anois, tuigeann an pobal agus na polaiteoirí cá seasann cúrsaí. Níl glacadh beag ná mór le socrú Theresa May agus tá sé deacair a dhéanamh amach cén fáth ar bhac sí leis an vóta a chur ar athló ar feadh míosa. Ní fhéadfadh an toradh a bheith níos measa.

Tá sprioc an Bhreatimeachta, an 29 Márta, ar leic an dorais againn anois agus rogha le déanamh ag Theresa May. An bhfuil sí le fanacht faoi chuing na mBreatimeachtóirí is diongbháilte, nó an sínfidh sí lámh i dtreo an mhóraimh sa Pharlaimint atá ag iarraidh go mbeadh socrú stuama ann a bheidh chun leas na Breataine? An fhadhb atá aici, dar ndóigh, gurb iad na bunphrionsabail sin, ar chloígh sí go daingean leo agus í i mbun idirbheartaíochta leis an Aontas Eorpach, na bunphrionsabail chéanna a mbeidh uirthi iad a chaitheamh i dtraipisí chun feisirí a thabhairt léi. An mbeidh sí in ann é sin a dhéanamh agus a páirtí féin a thabhairt léi?

Is minic creidiúint tugtha do Theresa May as a bheith stuifiúil uasal nuair is gá di cruachan in aghaidh na hanachana in aghaidh fórsaí dorcha ar mhaith leo an Bhreatain a chur ar strae.

Tá an port sin ag athrú anois áfach agus amhras ar dhaoine nach mbeidh Theresa May in ann treo a athrú ar iompú boise agus an tsúil a chaochadh orthu siúd arbh fhearr leo caidreamh níos dlúithe leis an Eoraip.

Mar a dúirt cúlbhinseoir amháin ó Pháirtí an Lucht Oibre, níl sé inti comhréiteach a dhéanamh le páirtithe eile toisc  go mbíonn sí meallta arís agus arís eile i dtreo na mBreatimeachtóirí crua, í “fossilized in the strata of her own party”.

Ar shlí amháin, ní raibh sa vóta Dé Máirt ach cor eile i scéal an Bhreatimeachta atá ina chíor thuathail le fada agus is iomaí cor eile a bheidh ann sula mbeidh an fhadhb áirithe seo réitithe. Deirtear go minic go bhfuil tromlach in Westminster atá ag iarraidh imeacht gan socrú a sheachaint ach d’fhéadfadh sé tarlú fós dá n-ainneoin féin.

Tá Micheál Ó Leidhin ina Eagraí Polaitiúil le RTÉ Raidió na Gaeltachta

Fág freagra ar 'TUAIRISC Ó LONDAIN: Na soiscéalaithe ag súil go bhfuil Dia láidir agus ‘Boris’ i mbun an ‘Bank Of Brexitlies’'

  • Des O Murchu

    Ba choir do labhairt le NAMA,! Conas Cocaireacht Leabhair a dheanamh?