TUAIRISC BHEO: Spriocam Stormont agus an Achta Gaeilge

Seo tuairisc bheo ar imeachtaí an lae i Stormont agus an spriocam d'athbhunú an Fheidhmeannais ag teannadh linn

TUAIRISC BHEO: Spriocam Stormont agus an Achta Gaeilge

16.20 Tá síneadh ama curtha leis na cainteanna agus déanfaidh Rúnaí Stáit Thuaisceart Éireann James Brokenshire ráiteas Dé Luain. Dúirt Brokenshire níos luaithe an mhí seo gurb é an lá inniu an “final and immovable deadline” le teacht ar réiteach agus go dtabharfaí isteach riail dhíreach ó Westminster sa chás nach mbeadh aon réiteach ann.


16.10 Tá ráite ag Naomi Long, ceannaire an Alliance Party, go bhfuil “díomá agus frustrachas” uirthi nár éirigh leis na páirithe teacht ar aontú. Dúirt sí go bhfuil drochmheas ag an bpobal ar an bhFeidhmeannas agus gur ar a n-aimhleas féin a bhíonn na polaiteoirí nuair a ligeann siad le spriocam i ndiaidh spriocama sleamhnú tharstu.


16.00 Tá an spriocam istigh agus níl aon réiteach fógartha. Tá na cainteanna le leanúint ar aghaidh go dtí tús na seachtaine seo chugainn. Tá ceist an Achta Gaeilge ar cheann de na cúiseanna ba mhó ar theip ar na cainteanna a bhí ar bun le cúpla seachtain anuas.


15.45 Tá ráite ag an DUP nach dtiocfar ar réiteach ar na ceisteanna atá ag cur bac ar athbhunú Stormont faoi spriocam an lae inniu – 4 a chlog. Bhí an Tionól in ainm is a bheith ag teacht le chéile ag meán lae inniu le hAirí nua a cheapadh ach cuireadh an cruinniú sin siar go dtí an 2 a chlog sular cuireadh ar ceal ar fad é.

Mura dtiocfar ar réiteach faoina 4 a chlog tráthnóna, beidh cinneadh le déanamh ag Rúnaí Stáit Thuaisceart Éireann, James Brokenshire, riail dhíreach ó Westminster a thabhairt isteach, toghchán eile a fhógairt, nó socrú reachtaíochta a réiteach a cheadódh tuilleadh ama do chainteanna amach anseo.

Dúirt Edwin Poots ón DUP go dtabharfaí go dtí Dé Luain don DUP agus do Shinn Féin le teacht ar chomhréiteach, an lá a thabharfaidh Brokenshire ráiteas d’Fheisirí Westminster.

Dúirt Conor Murphy ó Shinn Féin gur mithid don DUP “a n-intinn a shocrú”.

Fág freagra ar 'TUAIRISC BHEO: Spriocam Stormont agus an Achta Gaeilge'