TUAIRISC BHEO: An comhaireamh críochnaithe in Olltoghchán 2020 agus 160 suíochán líonta

Tuairisc Bheo ar chomhaireamh na vótaí d’Olltoghchán 2020 ar Tuairisc.ie. Bígí linn anseo do na scéalta is déanaí i gcaitheamh Dé Domhnaigh agus Dé Luain...

TUAIRISC BHEO: An comhaireamh críochnaithe in Olltoghchán 2020 agus 160 suíochán líonta

An comhaireamh críochnaithe in Olltoghchán 2020 agus 160 suíochán líonta

Agus an comhaireamh déanta in Olltoghchán 2020, ag Fianna Fáil ar éigean atá an líon is mó suíochán agus 38 ceann acu, i gcomparáid le 37 suíochán ag Sinn Féin, a bhí chun cinn ar Fhine Gael a ghnóthaigh 35 suíochán.

Ba ar an gcomhaireamh deireanach sa dáilcheantar deireanach a chuaigh Fianna Fáil chun cinn ar Shinn Féin ó thaobh líon na suíochán, nuair a toghadh Brendan Smith agus Niamh Smyth d’Fhianna Fáil i gCabhán-Muineachán.

Ag Sinn Féin atá an céatadán is airde de vótaí céadrogha, 24.5%.

D’éirigh leis an gComhaontas Glas 12 suíochán a bhuachan, an toradh is fearr riamh acu.

Ba é scéal mór an toghcháin, áfach, ná an dul chun cinn a rinne Sinn Féin.

D’éirigh le 88% den 42 iarrthóir a bhí ag Sinn Féin suíochán a bhuachan.

Dúirt ceannaire an pháirtí Mary Lou McDonald go raibh “seans maith ann” go mbeadh sí féin ina Taoiseach.

Fágann an toradh stairiúil sin go bhfuil seans maith ann go mbeidh Sinn Féin i gcumhacht, thuaidh agus theas 100 bliain ó chríochdheighilt na hÉireann.

Ach ní léir fós cé a bheidh sa chéad rialtas eile agus cainteanna casta achrannacha ar na bacáin idir na páirtithe.

Cé go raibh díomá ar Fhianna Fáil nach mbeidh oiread suíochán acu is a bhí á dtuar ag tús an fheachtais, údar beag faoisimh dóibh go mbeidh siad ar an bpáirtí is mó ó thaobh líon na suíochán Dála i ndiaidh an toghcháin.

Is í an cheist mhór anois ná cé a rachaidh ag caint lena chéile faoi bhunú rialtais agus cén toradh a bheidh ar na cainteanna sin.

Dúirt Micheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil, go minic le linn an fheachtais nach rachadh sé i gcomhrialtas le Sinn Féin ná le Fine Gael, ach níor chuir sé a leithéid as an áireamh nuair a ceistíodh é lá an chomhairimh.

Bhí beirt óna bhinse tosaigh Jim O’Callaghan agus Michael McGrath níos diongbháilte faoi gan dul i mbun cainte le Sinn Féin ach thug baill eile den pháirtí le fios go mbeidís sásta dá ndéanfaí amhlaidh.

Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald go raibh fáilte aici roimh an mbogadh a dúirt sí a bhí déanta ag Fianna Fáil maidir lena bpolasaí i leith chomhrialtais lena páirtí,

Chuir an Taoiseach Leo Varadkar agus baill shinsearacha eile d’Fhine Gael comhrialtas le Sinn Féin as an áireamh arís.

Dúirt ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald gurb é a rogha ná rialtas a bhunú gan Fianna Fáil ná Fine Gael ach go mbeadh sí sásta dul i mbun cainte le gach páirtí.

Chaill a thuilleadh polaiteoirí mór le rá a suíocháin inniu, ina measc aire stáit na Gaeltachta Seán Kyne i nGaillimh Thiar agus an polaiteoir Gaeltachta seanbhunaithe Pat ‘the Cope’ Gallagher a chaill a shuíochán i nDún na nGall. Ar na hairí agus iar-airí eile a chaill a suíocháin bhí Shane Ross, Neamhspleách, Regina Doherty, Catherine Byrne, Pat Breen agus Michael D’arcy, Fine Gael, John Curran agus Timmy Dooley, Fianna Fáil, Jan O’Sullivan, Páirtí an Lucht Oibre agus Ruth Coppinger, Neart le Chéile/Pobal Roimh Bhrabús.

Ábhar grinn chugainn ó chleas Ar Son na Cúise…


Gaeilgeoir líofa eile tofa chun na Dála

Tá 35 Gaeilgeoir tofa chun an 33ú Dáil go dtí seo:

Dara Calleary Maigh Eo Fianna Fáil
Darragh O’Brien Baile Átha Cliath Fine Gall Fianna Fáil
Éamon Ó Cuív Gaillimh Thiar Fianna Fáil
Jim O’Callaghan Cuan Bhaile Átha Cliath Theas Fianna Fáil
Micheál Martin Corcaigh Theas-Lár Fianna Fáil
Norma Foley Ciarraí Fianna Fáil
Pádraig O’Sullivan Corcaigh Thuaidh-Lár Fianna Fáil
Thomas Byrne An Mhí Thoir Fianna Fáil
Seán Ó Fearghaíl Cill Dara Theas Fianna Fáil
Aengus Ó Snodaigh Baile Átha Cliath Theas-Lár Sinn Féin
Dessie Ellis Baile Átha Cliath Thiar Thuaidh Sinn Féin
Donnchadh Ó Laoghaire Corcaigh Theas Lár Sinn Féin
Mairéad Farrell Gaillimh Thiar Sinn Féin
Mary Lou McDonald Baile Átha Cliath Láir Sinn Féin
Pa Daly Ciarraí Sinn Féin
Ruairí Ó Murchú An Lú Sinn Féin
Pearse Doherty Dún na nGall Sinn Féin
Fergus O’Dowd An Lú Fine Gael
Brendan Griffin Ciarraí Fine Gael
Joe McHugh Dún na nGall Fine Gael
Hildegarde Naughton Gaillimh Thiar Fine Gael
Patrick O’Donovan Contae Luimnigh Fine Gael
Fergus O’Dowd An Lú Fine Gael
Leo Varadkar Baile Átha Cliath Thiar Fine Gael
Catherine Martin Baile Átha Cliath Ráth an Dúin Comhaontas Glas
Marc Ó Cathasaigh Port Láirge Comhaontas Glas
Ossian Smyth Dún Laoghaire Comhaontas Glas
Aodhán Ó Ríordáin Cuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh An Lucht Oibre
Brendan Howlin Loch Garman An Lucht Oibre
Catherine Connolly Gaillimh Thiar Neamhspleách
Mattie McGrath Tiobraid Árann Neamhspleách
Bríd Smith Baile Átha Cliath Theas-Lár Neart le Chéile
Peadar Tóibín An Mhí Thiar Aontú

A shuíochán caillte ag Pat ‘the Cope’ agus Joe McHugh tagtha slán

Tá a shuíochán caillte i nDún na nGall ag an Teachta Dála aitheanta Pat ‘the Cope’ Gallagher, Leas-Cheann Comhairle an 32ú Dáil agus iar-aire stáit.

Toghadh ar an naoú comhaireamh i nDún na nGall tráthnóna an tAire Oideachais Joe McHugh, an neamhspleách Thomas Pringle agus leathbhádóir Gallagher, Charlie McConalogue.

Bhí Pat ‘the Cope’ Gallagher ina Theachta Dála idir 1981-1997, idir 2002-2009 agus ó 2016 i leith. Bhí sé ina fheisire i bParlaimint na hEorpa idir 1994-2002 agus idir 2009-2014. Thug sé dhá thréimhse ina aire stáit Gaeltachta i ndeireadh na n-ochtóidí agus i dtús na nóchaidí.

Bhí an toradh i nDún na nGall idir dhá cheann na meá agus ceathrar san iomaíocht do na trí shuíochán deireanach. Cé nár éirigh chomh maith le Thomas Pringle leis an triúr eile sa chéad chomhaireamh, rinne sé an-teacht aniar de réir mar a aistríodh na vótaí. Toghadh Pringle ina Theachta Dála den chéad uair in 2011.

Cé gur síleadh ag pointe amháin go bhféadfadh an tAire Oideachais Joe McHugh, rinne sé an beart le cuidiú vótaí aistrithe go leor óna chomhghleacaí Martin Harley. Toghadh McHugh chun na Dála gan teip ó 2007.

Tá Charlie McConalogue, urlabhraí talmhaíochta Fhianna Fáil sa 32ú Dáil, ó 2011.

Tá an comhaireamh thart i gCiarraí…

Toghadh Michael Healy-Rae (Neamhspleách), Pa Daly (Sinn Féin), Danny Healy-Rae (Neamhspleách), Brendan Griffin (Fine Gael) agus Norma Foley (Fianna Fáil) chun an 33ú Dáil.

Healy-Rae Michael (NS) 16,818, Tofa

Daly, Pa (SF) 15,733, Tofa

Griffin, Brendan (FG)  (+2,448) 14,703, Tofa

Healy-Rae, Danny (NS) (+336) 13,000, Tofa

Foley, Norma (FF) 11,989, Tofa

 

An toradh fós idir dhá cheann na meá i nDún na nGall

Tá an naoú comhaireamh faoi lán seoil i nDún na nGall agus gan ach 800 vóta idir an ceathrar iarrthóirí atá fágtha sa rás do na trí shuíochán atá fós le líonadh.

Seo mar atá líon na vótaí acu tar éis an ochtú comhaireamh:

Joe McHugh, Fine Gael, 10,920

Thomas Pringle, Neamhspleách, 10,755

Charlie McConalogue, Fianna Fáil, 10,270

Pat ‘the Cope’ Gallagher, Fianna Fáil, 10,146

John O’Donnell, neamhspleách, 7,106

Tá John O’Donnell curtha as an áireamh anois agus an 7,106 vóta aigesean á roinnt.

Mar sin, cé go bhfuil an tAire Oideachais Joe McHugh beagnach 800 vóta chun cinn ar an duine is ísle faoi láthair, Pat ‘the Cope’ Gallagher, is ar éigean go mbeidh McHugh ná aon duine den triúr eile ag déanamh talamh slán de go mbeidh suíochán acu.

Suíochán amháin le líonadh i gCiarraí i ndiaidh thoghadh Brendan Griffin agus Danny Healy-Rae

Toghadh an t-aire stáit Brendan Griffin agus Danny Healy-Rae i gCiarraí nuair a dáileadh vótaí Mike Kennelly Fhine Gael ar an séú comhaireamh i gCiarraí.

Bhí amhras faoina raibh i ndán do Danny Healy-Rae le linn an fheachtais nuair a thug pobalbhreith de chuid TG4 le fios nach mbeadh aige ach 4% de na vótaí céadrogha.

“I congratulate them on their consistency in being incorrect,” a dúirt Michael Healy-Rae inné maidir leis na  pobalbhreitheanna, a dhein vóta a dhearthár, Danny, a mheas faoina luach in 2016 agus arís in 2020. Ba i bpobalbhreith TG4 in 2016 a tháinig maidhm tacaíochta mhuintir Healy Rae chun solais ar dtús.

An pláinéad seachas na pobalbhreitheanna a bhí ag déanamh tinnis do Danny Healy-Rae le cúpla lá anuas.

“Bíodh an diabhal ag an bpláinéad agus ag na boic a deir linn go gcaithfimid an pláinéad a thabhairt slán agus dearmad a dhéanamh ar na daoine,” ar sé inné.

Ghabh sé leithscéal as an ráiteas sin inniu.

Ag Norma Foley, Fianna Fáil, a bheidh an suíochán deireanach i gCiarraí agus caillfidh a comhghleacaí John Brassil a shuíochán. Dúirt Brassil gurb amhlaidh gur cinneadh a pháirtí triúr iarrthóirí a chur san iomaíocht is cúis lena theip.

Toghlach: 16,885

Vótaí bailí: 77,666

Cuóta:12,945

Brassil John (FF) (+482) 7,230

Foley, Norma (FF)  (+482) 9,593

Griffin, Brendan (FG)  (+2,448) 14,703 (Tofa)

Healy-Rae, Danny (NS) (+336) 13,000 (Tofa)

Murphy Cleo (CG) (+207) 5,811

Healy-Rae Michael (NS) 16,818 (Tofa)

Daly, Pa (SF) 15,733 (Tofa)

Naughton tofa agus a shuíochán caillte ag Aire Stáit na Gaeltachta i nGaillimh Thiar

Toghadh sa 13ú comhaireamh i nGaillimh Thiar Hildegarde Naughton nuair a cuireadh aire stáit na Gaeltachta Seán Kyne as an áireamh.

Mar a bhí á thuar, d’fhan Hildegarde Naughton chun cinn ar a comhghleacaí.

Níos túisce tráthnóna, chinntigh a cumas maidir le vótaí aistrithe a mhealladh go mbeidh Catherine Connolly, neamhspleách, ag filleadh ar an Dáil.

Buille trom é an toradh seo do Shéan Kyne a chaith beagán le cois dhá bhliain go leith ina Aire Stáit Gaeltachta. Bhí dhá thréimhse aige sa phost sin, bliain agus trí mhí ó Iúil 2017 agus bliain agus ceithre mhí ón uair gur fhill sé ar Roinn na Gaeltachta i nDeireadh Fómhair 2018.

Le linn na dtréimhsí sin cuireadh bonn níos láidre faoin gcóras pleanála teanga sa Ghaeltacht, cé nach léir go fóill cén éifeacht a bheidh leis an gcóras sin. Foilsíodh lena dhara tréimhse mar aire chomh maith an bille le hAcht na dTeangacha Oifigiúla a leasú, bille a rabhthas ag fanacht ocht mbliana air. Foilsíodh an bille ródhéanach i dtéarma an rialtais le go n-achtófaí é.

Dúirt an Rialtas gur “ré úr don Ghaeilge” a bhí sa bhille atá le leasú a dhéanamh ar an acht teanga, ach mhaígh an freasúra gur údar mór “díomá” a bhí ann.

Cuireadh le buiséad Údarás na Gaeltacha le linn théarma Sheáin Kyne agus gheall sé €10 milliún breise don Údarás le linn an fheachtais olltoghcháin. Bhí sé lárnach chomh maith i réiteach na ndeacrachtaí le seirbhís aeir go hoileáin Árann agus ba é a stiúir ceannach aerfort Chonamara ón bhfear gnó Padraig Ó Céidigh.

Bhí seacht mbliana caite ag Seán Kyne ina bhall de Chomhairle Chontae na Gaillimhe sular toghadh chun na Dála é.

Tá ceathrar den chúigear iarrthóirí i nGaillimh Thiar a bhain áit amach sa chéad Dáil eile ar liosta na nGaeilgeoirí a chuir Tuairisc.ie le chéile roimh an toghchán.

Danny Healy-Rae agus Brendan Griffin tofa i gCiarraí

Báire buailte é ag Aire Stáit na Gaeltachta Séan Kyne i nGaillimh Thiar

Is báire buailte é ag Aire Stáit na Gaeltachta Séan Kyne i nGaillimh Thiar agus é ar tí a shuíochán a chailliúint.

Tá a leathbhádóir Hildegarde Naughton 1,016 vóta chun cinn air tar éis an 11ú comhaireamh agus aici a bheidh an t-aon suíochán ag Fine Gael sa toghcheantar Gaeltachta seo.

Tá 6,403 vóta Niall Uí Thuathail (DS) á n-aistriú faoi láthair agus is é Seán Kyne an duine deireanach a chuirfear as an áireamh. Faoi láthair tá 8,906 ag Catherine Connolly, neamhspleách, 7,509 atá ag Naughton agus gan ag Kyne ach 6,493.

Toghadh ar maidin i nGaillimh Thiar Éamon Ó Cuív, Fianna Fáil, Noel Grealish, neamhspleách, agus Mairéad Farrell, Sinn Féin. Mar sin, Teachta Dála amháin an pháirtí a bheidh ag na trí mhórpháirtí i nGaillimh Thiar agus cuirfear beirt neamhspleách chun na Dála ina dteannta.

Tá 23 Gaeilgeoir líofa anois tofa chun an 33ú Dáil

Os cionn 20 Gaeilgeoir tofa chun an 33ú Dáil go dtí seo 

Bunaithe ar an taighde réamhthoghcháin a rinne Tuairisc.ie tá 21 Teachta Dála ar Gaeilgeoirí iad tofa go dtí seo chun an 33ú Dáil.

D’fhéadfadh go mbeadh os cionn 30 Teachta Dála a bhfuil Gaeilge acu sa chéad Dáil eile.

Tá a suíocháin caillte ag cuid de Ghaeilgeoirí an 32ú Dáil, ina measc Jan O’Sullivan agus Kate O’Connell.

An tslat tomhais atá ag Tuairisc.ie maidir le cad is Gaeilgeoir ann sa chás seo ná aon iarrthóir a thug le fios dúinn go bhfuil dóthain Gaeilge acu chun agallamh beo a dhéanamh leis na meáin chraolta Ghaeilge.

Is iad seo na hiarrthóirí a toghadh go dtí seo a thug an méid sin le fios dúinn:

Sinn Féin

Fianna Fáil

Fine Gael

 

An Comhaontas Glas

Neart le Chéile/Pobal Roimh Bhrabús

Aontú

Cor sa scéal i nDún na nGall?

Táthar ag fanacht ar thoradh an cheathrú comhaireamh i nDún na nGall agus ceathrar a bhí ina dTeachtaí Dála sa 32ú Dáil sa tóir ar na trí shuíochán atá fós le líonadh – Charlie McConalogue, Fianna Fáil, Pat ‘the Cope’ Gallagher, Fianna Fáil, Thomas Pringle, neamhspleách agus Joe McHugh, Fine Gael. Tá an ceathrar iarrthóirí i bhfoisceacht 850 vóta dá chéile ach is cosúil gur cinnte go mbeidh suíochán ag McConalogue. Idir McHugh, an tAire Oideachais agus iar-aire stáit Gaeltachta, Gallagher, iar-aire stáit Gaeltachta eile agus an neamhspleách Pringle a bheidh sé don dá shuíochán deireanach.

Toghadh Pearse Doherty agus Pádraig Mac Lochlainn ó Shinn Féin sa chéad chomhaireamh aréir.

An 15 duine is déanaí a toghadh chun an 33ú Dáil

Helen McEntee – An Mhí Thoir – Fine Gael
Thomas Byrne – An Mhí Thoir – Fianna Fáil
John McGuinness – Ceatharlach-Cill Chainnigh – Fianna Fáil
Richard O’Donoghue – Contae Luimnigh – Neamhspleách
Denis Naughten – Gaillimh-Ros Comáin – Neamhspleách
James O’Connor – Corcaigh Thoir – Fianna Fáil
David Stanton – Corcaigh Thoir – Fine Gael
Seán Sherlock – Corcaigh Thoir – An Lucht Oibre
Christopher O’Sullivan – Corcaigh Thiar Theas – Fianna Fáil
Holly Cairns – Corcaigh Thiar Theas – Daonlathaigh Shóisialta
Dara Calleary – Maigh Eo – Fianna Fáil
Alan Dillon – Maigh Eo – Fine Gael
Mary Butler – Port Láirge – Fianna Fáil
Matt Shanahan – Port Láirge – Neamhspleách
Marc Ó Cathasaigh – Port Láirge – An Comhaontas Glas

Ó Cuív, Grealish agus Farrell tofa i nGaillimh Thiar

Tá triúr Teachtaí Dála tofa do dháilcheantair Ghaillimh Thiar san ochtú comhaireamh: Éamon Ó Cuív, Fianna Fail, Noel Grealish, neamhspleách. Maireád Farrell, Sinn Féin.

Teachta Dála nua í Maireád Farrell a chaill a suíochán ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe i mí na Bealtaine anuraidh agus gan ach 522 vóta aici.

Tá Éamon Ó Cuív ag filleadh ar an Dáil don seachtú huair – toghadh den chéad uair é sa bhliain 1992. Seo an cúigiú huair ag pobal Ghaillimh Thiar Noel Grealish a thoghadh mar Theachta Dála. Mar Theachta Dála de chuid an Pháirtí Dhaonlathaigh a toghadh ar dtús é ach is teachta neamhspleách anois é.

Seo mar a bhí na vótaí san ochtú comhaireamh: Éamon Ó Cuív (11,910), Noel Grealish (10,393), Máiread Farrell (10,340), Catherine Connolly (8,089), Hildegarde Naughton (7,009), Sean Kyne (6,049) agus Niall Ó Tuathail (5,979).

Tá farasbarr vótaí Éamoin Uí Chuív á roinnt anois sa naoú comhaireamh ach níl mórán amhrais ann ach go dtoghfar Hildegarde Naughton, Fine Gael agus Catherine Connolly, neamhspleách.

Os cionn 85% d’iarrthóirí Shinn Féin le toghadh chuig Dáil Éireann ar lá stairiúil

Tá an chuma ar chúrsaí agus an comhaireamh faoi lán seoil i gcónaí in Olltoghchán 2020 go dtoghfar os cionn 85% d’iarrthóirí Shinn Féin.

Bunaithe ar na torthaí atá fógartha go dtí seo, agus cás na n-iarrthóirí atá fós san iomaíocht, tá an-seans ann go mbeidh 36 suíochán Dála ag Sinn Féin, an páirtí leis an gcéatadán is airde de na vótaí céadrogha, 24.5%.

42 iarrthóir a bhí ag an bpáirtí agus is cosúil go n-ardóidh an tonn mhór tacaíochta a tháinig ina dtreo a bhformhór mór isteach i nDáil Éireann.

Mar nach bhfuil ag Sinn Féin ach iarrthóir amháin i bhformhór na dtoghcheantar tá formhór a n-iarrthóirí tofa cheana féin, nó an-ard sa chomhaireamh.

Ag an bpointe seo tá 29 iarrthóir de chuid an pháirtí tofa agus cuma na maitheasa ar sheachtar iarrthóirí eile: Mairéad Farrell,  Gaillimh Thiar; Pauline Tully  An Cabhán-Muineachán; Chris Andrews, Cuan Bhaile Átha Cliath Theas ; Réada Croinin, Cill Dara Thuaidh;, Patricia Ryan, Cill Dara Theas; Claire Kerrane, Ros Comáin-Gaillimh agus Martin Browne, Tiobraid Árann.

Cé go raibh díomá ar Fhianna Fáil nach mbeidh oiread suíochán acu is a bhí á dtuar ag tús an fheachtais, is cosúil go mbeidh siad ar an bpáirtí is mó ó thaobh líon na suíochán Dála i ndiaidh an toghcháin.

Is í an cheist mhór anois ná cé leis a rachaidh siad chun cainte maidir le comhrialtas a bhunú.

Dúirt Micheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil, go minic le linn an fheachtais nach rachadh sé i gcomhrialtas le Sinn Féin ná le Fine Gael, ach níor chuir sé a leithéid as an áireamh nuair a ceistíodh inné é.

Bhí beirt óna bhinse tosaigh Jim O’Callaghan agus Michael McGrath níos diongbháilte faoi gan dul i mbun cainte le Sinn Féin ach thug baill eile den pháirtí le fios go mbeidís sásta dá ndéanfaí amhlaidh.

Chuir an Taoiseach Leo Varadkar agus baill shinsearacha eile d’Fhine Gael comhrialtas le Sinn Féin as an áireamh arís.

Dúirt ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald gurb é a rogha ná rialtas a bhunú gan Fianna Fáil ná Fine Gael ach go mbeadh sí sásta dul i mbun cainte le gach páirtí.

D’fhéadfadh gurbh é an t-aon rogha a bheadh ann nuair atá an comhaireamh thart ná comhrialtas ina mbeadh Sinn Féin agus Fianna Fáil nó Fine Gael, nó comhrialtas ina mbeadh Fianna Fáil agus Fine Gael.

D’fhág an borradh faoi Shinn Féin gur tháinig laghdú ar thacaíocht an phobail d’Fhine Gael, d’Fhianna Fáil agus do Pháirtí an Lucht Oibre, a raibh drochlá eile acu. Rinne Comhaontas Glas dul chun cinn ach ní raibh an dul chun cinn chomh mór agus a bhí á thuar. Mar sin féin, d’fhéadfadh os cionn 10 suíochán a bheith acu.

Chaill roinnt polaiteoirí aitheanta a suíocháin inniu agus tá airí agus airí stáit eile, Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne, go mór i mbaol.

Ar na daoine a chaill a suíocháin, bhí Shane Ross, Regina Doherty, Joan Burton, Ruth Coppinger agus Mary Mitchell O’Connor.

Ábhar grinn chugainn ó chleas Ar Son na Cúise…

An ndéanfaidh Micheál Martin U-turn maidir le Mary Lou?

A chuid ráite faoin toghchán ag páirtí an Taoisigh… i nGaeilge líofa

Chuir Irene Ní Nualláin ó Nuacht TG4 faoi agallamh an Dr Matt Barrett, páirtí Leo Varadkar san ionad comhairimh i mBaile Átha Cliath. As Gaeltacht Mhaigh Eo do Barrett.

An comhaireamh críochnaithe don oíche i gCiarraí 

Bhí cad é bús san ionad comhairimh i gCiarraí feadh an lae mar a raibh campaí Healy-Rae agus Daly san iomaíocht lena chéile féachaint cé acu is mó a dhéanfadh gleo is a thógfadh dreas amhrán.

Faoi mar a bhí á thuar ó mhaidin, ní dócha go mbeidh athrú ó thaobh na bpáirtithe i gCiarraí.

Toghadh Michael Healy-Rae, Neamhspleách, agus Pa Daly Shinn Féin sa chéad chomhaireamh agus mura dtarlóidh rud éigin an-aisteach coimeádfaidh Brendan Griffin agus Danny Healy-Rae a suíocháin siúd. Lena chois sin, is cosúil go dtógfaidh Norma Foley suíochán a comhghleacaí ó Fhianna Fáil, John Brassil.

Seo iad na hiarrthóirí ag barr an chomhairimh.

Michael Healy-Rae, Neamhspleách: 16,818 (tofa)
Pa Daly, Sinn Féin: 15,733 (tofa)
Brendan Griffin, Fine Gael: 10,296
Danny Healy-Rae, Neamhspleách: 8,663
Norma Foley, Fianna Fáil: 6,856
John Brassil, Fianna Fáil: 5,431

Tá an comhaireamh críochnaithe don oíche agus déanfar farasbarr Healy-Rae agus Daly a dháileadh maidin amárach.

Tá an comhaireamh críochnaithe ar fad i ndáilcheantar Ghaillimh Thoir agus na trí shuíochán líonta. Bhí cúis cheiliúrtha ag Seán Canney, Neamhspleách, Ciarán Cannon, Fine Gael, agus Anne Rabbitte, Fianna Fáil, agus iad triúr ag filleadh ar Dháil Éireann. Gaillimh Thoir an chéad dáilcheantar sa tír inar críochnaíodh comhaireamh na vótaí in olltoghchán 2020.

An pictiúr ag éirí níos soiléire i nDún na Gall…

 

Tá an pictiúr i nDún na nGall níos soiléire anois tar éis an chéad chomhairimh inar toghadh beirt iarrthóirí Shinn Féin, Pearse Doherty agus Pádraig Mac Lochlainn.  Tá Charlie McConalogue , Fianna Fáil sa tríú háit agus seans an-mhaith aige an tríú suíochán a fháil. Tá an tAire Oideachais Joe McHugh, Fine Gael, réasúnta sábháilte agus tá seans an-mhaith ag Pat ‘the Cope’ Gallagher ar an suíochán deireanach. Má tharlaíonn sin, beidh a shuíochán caillte ag an neamhspleách Thomas Pringle.

An teannas ag an gcomhaireamh i nGaillimh Thiar. Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne, atá i mbaol a shuíochán a chailliúint, ag faire go géar ar chúrsaí. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Ní bheidh aon socrú muiníne agus soláthair eile ann – Simon Coveney

Tá sé ráite ag an Tánaiste Simon Coveney gur dóigh leis nach mbeidh socrú muiníne agus soláthair i gceist i mbunú an chéad rialtais eile. Thug sé le fios go raibh ceacht foghlamtha ag Fine Gael agus Fianna Fáil a raibh a leithéid de shocrú eatarthu ó bhí 2017 ann agus go ndearna an socrú sin dochar don dá pháirtí.

Dúirt Simon Coveney go dtógfaidh sé “roinnt mhaith seachtainí” rialtas a bhunú agus gur cheart d’Fhine Gael labhairt le gach páirtí seachas Sinn Féin. Ní bheadh aon dul siar ar chinneadh a pháirtí gan aon bhaint a bheith acu le Sinn Féin, a dúirt sé.

Dúirt Coveney gurbh fhearr le Fine Gael a bheith “ina pháirtí gníomhach sa bhfreasúra” ná a bheith i mbun rialtais le Sinn Féin.

Dúirt Simon Coveney freisin go bhfuil sé “fíordheacair go deo” ag aon pháirtí an tríú téarma a fháil i mbun rialtais.

Éamon Ó Cuív agus Sinn Féin

Dhá pháirtí phoblachtánacha iad Fianna Fáil agus Sinn Féin agus tagann siad  ó na préamhacha céanna, a deir Éamon Ó Cuív. Tá Fianna Fáil imithe beagáinín ar strae, dar leis.

Ó 800 go 18,000 vóta – trí léiriú ar lá mór Shinn Féin…

1) A ghasta is a rinne Micheál Martin u-chasadh maidir le dul i gcomhrialtas leo..

Cé gur mhaígh ceannaire Fhianna Fáil go minic le linn an fheachtais toghcháin nach rachadh sé i mbun comhrialtais le Sinn Féin tar éis an toghcháin, níor chuir sé a leithéid as an áireamh tráthnóna. Ba chóir ligean do chúrsaí “ciúnú” sula dtosófar ag caint ar rialtas a bhunú, a dúirt sé nuair a tugadh deis dó comhrialtas le Sinn Féin nó Fine Gael a chur as an áireamh.

2) A choimeádaí is a bhí Sinn Féin ina gcur chuige…ag breathnú siar anois air

D’fhéadfadh an dara hiarrthóir a bheith tofa do Shinn Féin i roinnt dáilcheantar dá mbeadh a leithéid acu. Meastar go mbeadh ar a laghad sé shuíochán eile ag an bpáirtí dá mbeadh a thógáil dá mbeadh iarrthóirí acu chun na suíochán a líonadh.

3) A airde is a bhí an tonn tacaíochta…

B’iomaí léiriú a bhí againn go n-uige seo ar neart an bhorrtha, bua Paul Donnelly ar an Taoiseach Leo Varadkar ach i mBaile Átha Cliath Thiar, mar shampla. Ba é Leo Varadkar an chéad Taoiseach nár toghadh sa chéad chomhaireamh é ina dháilcheantar.

Léiriú maith eile ar an mborradh atá faoi Shinn Féin é scéal triúr iarrthóirí dá gcuid ar theip orthu suíocháin a fháil sna toghcháin áitiúla sé mhí ó shin, ach a bheidh ag dul chun an 33ú Dáil. Is iad na hiarrthóirí sin ná Mairéad Farrell i nGaillimh Thiar a fuair 522 vóta i mí Bealtaine ach a fuair 8,486 vóta inné, Violet Ann Wynn i gcontae an Chláir a fuair 385 sna toghcháin áitiúla agus 8,700 inné agus Johnny Mythen a fuair 18,717 inné, i gcomparáid le 818 sna toghcháin áitiúla.

Léargas maith ar an gcomhaireamh i nGaillimh Thiar ó Sheán Ó Mainnín. Catherine Connolly, neamhspleách, i mbun scagtha ar na figiúirí lena lucht tacaíochta.

Catherine Martin ag súil go mbeidh a fear céile agus deartháir léi sa Dáil

Tá seans ann nach í Catherine Martin, leascheannaire an Chomhaontais Ghlais a toghadh ar an gcéad chomhaireamh i mBaile Átha Cliath Rath an Dúin, an t-aon duine dá muintir a bheidh ag dul chun na Dála.

Tá a fear céile Francis Noel Duffy sa cheathrú háit i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Thiar Theas, áit a bhfuil cúigear Teachtaí Dála le toghadh agus dóchas aige go ndéanfaidh sé an beart.

Agus tá deartháir Catherine Murphy san iomaíocht i gCill Dara Thuaidh. Meastar seans réasúnta maith a bheith aigesean freisin ar shuíochán a fháil. Tá sé sa cheathrú háit agus thart ar 5,000 vóta (11%) atá aige.

Tá an triúr acu san iomaíocht don Chomhaontas Ghlas.

23 suíochán ag Sinn Féin, an líon céanna a bhí acu ag deireadh an chomhairimh in 2016 

Tá Sinn Féin fós ag teacht go tréan agus 23 as 30 suíochán buaite acu go dtí seo.

Le cúpla uair an chloig anuas tá suíochán tugtha leo ag Seán Crowe (Baile Átha Cliath Thiar Theas), Mark Ward (Baile Átha Cliath Thiar Meán), Rose Conway-Walsh (Maigh Eo), Aengus Ó Snodaigh (Baile Átha Cliath Theas-Lár), Louise O’Reilly (Baile Átha Cliath Fine Gall), Imelda Munster (An Lú), Ruairí Ó Murchú (An Lú), Maurice Quinlivan (Cathair Luimnigh), Darren O’Rourke (An Mhí Thoir), Denise Mitchell (Cuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh) agus John Brady (Cill Mhantáin). Is iarrthóirí de chuid Shinn Féin ar fad iad.

Toghadh triúr neamhspleách; Michael Fitzmaurice (Gaillimh-Ros Comáin), Michael Collins (Corcaigh Thiar Theas), agus Michael Lowry (Tiobraid Árann).

Tá a suíochán coinnithe ag leascheannaire an Chomhaontais Ghlais Catherine Martin i mBaile Átha Cliath Ráth an Dúin.

Bíodh an diabhal ag an bpláinéad agus ag pobalbhreitheanna TG4…

“I congratulate them on their consistency in being incorrect.”

B’in a bhí le rá ag Michael Healy-Rae maidir le pobalbhreitheanna TG4, a dhein vóta a dhearthár, Danny, a mheas faoina luach in 2016 agus arís in 2020. Ba i bpobalbhreith TG4 in 2016 a tháinig maidhm tacaíochta mhuintir Healy Rae chun solais ar dtús, ach fuair Danny Healy-Rae vóta i bhfad níos mó sa toghchán féin ná mar a fuair sé sa phobalbhreith.

An phláinéid seachas na pobalbhreitheanna a bhí ag déanamh tinnis do Danny Healy-Rae inniu.

“Bíodh an diabhal ag an bpláinéad agus ag na boic a deir linn go gcaithfimid an pláinéad a thabhairt slán agus dearmad a dhéanamh ar na daoine,” ar sé.

Murab ionann agus Michael Healy-Rae, bhí an Neamhspleách i nGaillimh Thiar Noel Grealish buíoch de TG4. Agus é ag trácht ar phobalbhreith an stáisiúin i nGaillimh Thiar, dúirt Grealish gurbh é an drochthoradh a bhí aige inti a spreag a lucht canbhasála chun gnímh. Ghéaraigh siad go háirithe ar a gcuid iarrachtaí in oirthear na cathrach i ndiaidh na pobalbhreithe. Os cionn 12% a bhí ag Grealish sa chéad chomhaireamh, i gcomparáid le 7% sa phobalbhreith a rinne Ipsos MRBI do TG4 le linn an fheachtais.

Tharla an rud céanna i gcás Grealish in 2016.

Míshásamh agus mímhuinín curtha in iúl ag an bpobal – Cathal Mac Coille 

Tá míshásamh an phobail follasach ó thosaigh comhaireamh na vótaí. Faraor, dá mhéad a míshásamh, níl muinín róláidir á léiriú acu as páirtí ar bith. Agus ní ligfear dár dTeachtaí Dála nuathofa neamhshuim a dhéanamh dá míshásamh.

Tá gach cosúlacht ar phatrún na vótála go mbeidh 30 suíochán nó níos mó ag Sinn Féin sa Dáil nua, suas le daichead suíochán ag Fine Gael, agus beagán lena chois, b’fhéidir, ag Fianna Fáil.

Ní féidir éirim na dtorthaí a mheá go mbeidh gach Teachta Dála tofa, ach ní léir aon rogha maidir le comhrialtas seasmhach.

Fine Gael agus Fianna Fáil, nó Fine Gael agus Sinn Féin, nó Fianna Fáil agus Sinn Féin.

Ón gcur síos atá á dhéanamh ag cuid mhór de lucht leanúna Shinn Féin, ar na meáin shóisialta go háirithe, ar dhul chun cinn an pháirtí, déarfá go bhfuil an toghchán buaite acu. Níl, ar ndóigh. Ní foláir fainic den sórt céanna a chur ar lucht leanúna Fhine Gael agus Fhianna Fáil. Is féidir talamh slán a dhéanamh de nach mbeidh aon difríocht shuntasach idir tionchar agus tacaíocht na bpríomhpháirtithe faoi dheireadh an chomhairimh.

Ní thosóidh an chaint ar bhunú rialtais (seachas bunú lagrialtais mionlaigh eile) go dtabharfaidh dhá cheann de na príomhpháirtithe ar a laghad aghaidh ar an tírdhreach nua. Tá Mary Lou McDonald ag labhairt le ceannairí na bpáirtithe eile ar an eite chlé, ach ní cóir róbhéim a chur ar na cainteanna sin. Fiú dá mbeadh rath ar an idirbheartaíocht eatarthu, ní bheadh ar a gcumas ach rialtas mionlaigh lán easaontais a chur le chéile.

Ní thosóidh “iomáint na sinsear” (mar a thug Seamus Brennan ar na cainteanna rialtais idir Fianna Fáil agus na Glasaigh in 2007) go mbeidh Fianna Fáil nó/agus Fine Gael toilteanach labhairt le Sinn Féin, mar atá Sinn Féin toilteanach labhairt leo.

Ní gan stró a dhéanfar margadh eatarthu, is é sin más féidir é a dhéanamh. Mar a dúirt an saineolaí toghcháin Adrian Kennedy ar RTÉ tráthnóna, is ar éigean a bheidh Sinn Féin sásta a bheith páirteach i rialtas mura mbeidh a gcéilí rialtais toilteanach seal mar Thaoiseach a thairiscint do Mary Lou McDonald.

Má thosaíonn an chaint dáiríre, is ar bhonn cothromaíochta a chuirfear comhrialtas nua le chéile.

Sin nó olltoghchán eile.

Éamon Ó Cuív ar bharr an chomhairimh i nGaillimh Thiar agus suíochán Sheáin Kyne i mbaol

Tá Aire Stáit na Gaeltachta in áit a bhuailte agus é go mór faoi bhrú i nGaillimh Thiar i gcónaí.

Bhí Éamon Ó Cuív ar bharr an chéad chomhaireamh i ndáilcheantar Ghaillimh Thiar agus 8,522 vóta aige. Ní raibh iarrthóir Shinn Féin, Mairéad Farrell, ach leathchéad vóta taobh thiar de agus 8,464 vóta ag an mbean óg a chaill a suíochán ar Chomhairle Cathrach na Gaillimhe mí na Bealtaine seo caite.

10,057 an cuóta sa dáilcheantar seo ina bhfuil cúig shuíochán le líonadh.

Bhí Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne sa séú háit sa chéad chomhaireamh le 5,284 vóta agus amhras ann an éireoidh leis a shuíochán a choinneáil.

An t-iarrthóir neamhspleách Noel Grealish atá sa tríú háit sa chéad chomhaireamh agus 8,043 vóta aige agus tá Hildegarde Naughton, Fine Gael, sa cheathrú háit le 5,609 vóta. An t-iarrthóir neamhspleách Catherine Connolly atá sa chúigiú háit agus meastar buntáiste a bheith aici ar Sheán Kyne mar go meallfaidh sí vótaí aistrithe go leor ó iarrthóirí de chuid na heite clé agus iarrthóirí sa chathair.

Comhrialtas le Sinn Féin curtha as an áireamh arís ag Varadkar

Deir Leo Varadkar gur léir go bhfuil córas trí pháirtí i réim sa tír anois. Deir sé go mbeidh sé an-deacair rialtas a bhunú agus nach bhfuil aon athrú tagtha ar an seasamh atá aige féin agus a pháirtí maidir le comhrialtas le Sinn Féin. Dar leis gur ar an mbonn sin a vótáil daoine dóibh agus go bhfuil siad chun cloí leis an méid a dúradh.

San idirlinn, dúirt Brendan Byrne, Stiúrthóir Toghchánaíochta Fhianna Fáil i nDún na nGall le RTÉ Raidió na Gaeltachta go raibh dualgas ar an bpáirtí gach iarracht a dhéanamh rialtas a bhunú, agus comhrialtas le Sinn Féin a chur san áireamh.

Cé dóibh ar vótáil muintir Chonamara?

 Tá léargas ag Cóilín Ó Neachtain ó RTÉ Raidió na Gaeltachta ar chúrsaí i gConamara. Is léir gur tháinig tonn tacaíochta Shinn Féin i dtír i gConamara.

Idir an dá linn, is é Éamon Ó Cuív, rí na nOileán.

De réir an teailí fuair Éamon Ó Cuív 59 vóta ar Inis Meáin, dhá oiread líon na vótaí is a fuair gach iarrthóir eile curtha le chéile. Fuair sé 100 ar Inis Oírr, nach mór dhá oiread líon na vótaí gach iarrthóir eile curtha le chéile. Ba í Mairéad Farrell an t-iarrthóir ba ghaire dó i gCill Rónáin; 70 vóta a fuair Ó Cuív agus 30 vóta a fuair bean Shinn Féin. Tá iarrthóir Gaeltachta eile, Aindrias Moynihan, ar cheann an chomhairimh i gCorcaigh Thiar Thuaidh.

An chéad bhean tofa chun an 33ú Dáil

Is í Kathleen Funchion an chéad bhean atá tofa chun an 33ú Dáil agus suíochán buaite aici do Shinn Féin i gCeatharlach Chill Chainnigh. Sna sála ar Funchion, toghadh a ceannaire, Mary Lou McDonald, i mBaile Átha Cliath Láir.

12 den chéad 13 a toghadh is iarrthóirí de chuid Shinn Féin iad, léiriú ar an mborradh atá faoi thacaíocht an pháirtí ar fud na tíre:

Donnchadh Ó Laoghaire (Corcaigh Theas-Lár)

Johnny Guirke (An Mhí Thiar)

Eoin Ó Broin (Baile Átha Cliath Thiar Meán)

Paul Donnelly (Baile Átha Cliath Thiar)

Johnny Mythen (Loch Garman)

Pat Buckley (Corcaigh Thoir)

Dessie Ellis (Baile Átha Cliath Thiar Thuaidh)

David Cullinane (Port Láirge)

Kathleen Funchion (Ceatharlach-Cill Chainnigh)

Mary Lou McDonald (Baile Átha Cliath Láir)

Thomas Gould (Corcaigh Thuaidh-Lár)

Brian Stanley (Laois-Uíbh Fhailí)

‘Tógfaidh sé roinnt seachtainí Rialtas a bhunú agus ní drochrud é sin’ – Eamon Ryan

Féadfaidh sé go dtógfaidh sé roinnt seachtainí rialtas nua a bhunú tar éis an olltoghcháin, dar le ceannaire an Chomhaontais Ghlais, Eamon Ryan.

Tá sé deacair comhdhéanamh an Rialtais sin a thuar, a dúirt sé, ach beidh seisean agus a pháirtí sásta labhairt le haon pháirtí eile maidir le bunú rialtais.

Dúirt sé nach bhfuil aon chúis ann go ndéanfaí cinneadh róthobann agus gur gnáthrud é i bpolaitíocht na hEorpa go gcaitear roinnt ama i mbun idirbheartaíochta tar éis olltoghcháin.  “Ní drochrud é sin ar chor ar bith,” a dúirt Ceannaire an Chomhaontais Ghlais.

Cainteanna le páirtithe beaga amhail Pháirtí an Lucht Oibre, na Daonlathaigh Shóisialta agus Neart le Chéile/ Pobal Roimh Bhrabús a bheadh mar chéad rogha aige féin, ach ní chuirfeadh sé aon pháirtí as an áireamh.

Dúirt Ceannaire an Chomhaontais Ghlais go mbeadh an ghéarchéim aeráide ar bharr an chláir oibre aige féin sna cainteanna sin.

An Taoiseach ag fanacht ar vótaí aistrithe Shinn Féin

D’fhéadfadh gur vótaí aistrithe ó iarrthóir de chuid Shinn Féin a thabharfaidh an Taoiseach Leo Varadkar thar an gcuóta. Níor toghadh sa chéad chomhaireamh Leo Varadkar i mBaile Átha Cliath Thiar, mar a raibh Paul Donnelly Shinn Féin ar cheann an chomhairimh agus 12,456 vóta céadrogha aige. 8,478 vóta a bhí ag Varadkar agus 248 vóta eile a theastaíonn ón Taoiseach leis an gcuóta a bhaint amach.

Sa dáilcheantar céanna, tá sé soiléir anois go gcaillfidh iarcheannaire Pháirtí an Lucht Oibre Joan Burton a suíochán agus gan aici ach an ceathrú cuid de cuóta, 2,096 vóta. Coinneoidh Jack Chambers agus 6,892 aige, a shuíochán d’Fhianna Fáil agus beidh an suíochán deireanach idir Neart le Chéile/Pobal roimh Bhrabús agus an Comhaontas Glas. Tá 4,901 ag an nGlasach Roderic O’Gorman agus 4,353 vóta céadrogha atá ag Ruth Coppinger.

Idir an dá linn, toghadh ceannaire an Chomhaontais Ghlais Eamon Ryan ar an gcéad chomhaireamh i gCuan Bhaile Átha Cliath Theas.

A chosa nite i mBaile Átha Cliath Ráth an Dúin ag Shane Ross

Dealraíonn sé go bhfuil a chosa nite i mBaile Átha Cliath Ráth an Dúin ag Shane Ross. Bunaithe ar an gcéad chomhaireamh, níl seans na ngrást ag an Aire Iompair sa rialtas deireanach a shuíochán a choimeád sa dáilcheantar trí shuíochán seo agus é sa séú háit. Le 3,419 vóta céadrogha tá sé i bhfad ón gcuóta de 10,601. Is í Catherine Martin, leascheannaire an Chomhaontais Ghlais agus duine de Ghaeilgeoirí an 32ú Dáil, atá ag ceann an chomhairimh le 8,958 vóta. Is é is dóichí ná a mhalairt ná gurb iad beirt iarrthóirí Fhine Gael, Neale Richmond agus Josepha Madigan a thógfaidh an dá shuíochán eile.

Idir an dá linn, is cosúil go mbeidh Mary Hanafin, iar-aire rialtais de chuid Fhianna Fáil agus Gaeilgeoir líofa, ar an trá fholamh i nDún Laoghaire. Níl ag Hanafin a chaill a suíochán in 2011 ach 4,196 vóta céadrogha i ndáilcheantar arb é 12,459 an cuóta. Tá sí san ochtú háit sa dáilcheantar ceithre shuíochán.

Níl comhrialtas le Sinn Féin ná Fine Gael curtha as an áireamh ag Micheál Martin

Cé go ndúirt sé go minic roimh an toghchán nach rachadh sé i mbun comhrialtais le Sinn Féin ná Fine Gael tar éis an toghcháin, níor chuir ceannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin, ceachtar den dá rogha sin as an áireamh tráthnóna.

Agus é faoi agallamh ar RTÉ tráthnóna dúirt Martin go raibh a chuid ráite ag an bpobal inné agus go dtabharfadh sé cluas le héisteacht don mhéid a dúirt siad. Ní fhéadfaí fáil réidh “thar oíche” leis na difríochtaí ó thaobh polasaí agus prionsabal idir Fianna Fáil agus na páirtithe a chuir sé as an áireamh roimhe seo, a dúirt sé. Mar sin féin, dhiúltaigh sé a rá nach ndéanfaí iarracht teacht ar shocrú leo sna laethanta amach romhainn. Chaithfí ligean do rudaí “ciúnú” ar feadh cúpla lá ach bhí teachtaireacht an phobail cloiste aige, a dúirt sé.

Bhí díomá ar Martin, a dúirt sé, nach ndearna Fianna Fáil an dul chun cinn a raibh súil acu leis in áiteanna áirithe. Dúirt sé go raibh sé róluath a rá cé a thógfadh na suíocháin dheireanacha i ndáilcheantair go leor ná a rá cé a bheadh ar an bpáirtí is mó i ndiaidh an chomhairimh.

Gaeilgeoir líofa é an chéad Teachta Dála a toghadh chun an 33ú Dáil agus an lá le Ó Laoghaire

Is é Donnchadh Ó Laoghaire Shinn Féin an chéad Teachta Dála atá tofa chun an 33ú Dáil. Bhain Ó Laoghaire an cuóta amach sa chéad chomhaireamh i gCorcaigh Theas-Lár agus é ar cheann an chomhairimh. Gaeilgeoir líofa é agus iarbhall de bhord Fhoras na Gaeilge. Ba é inné a bhreithlá.

Beidh ar a laghad 30 suíochán Dála ag Sinn Féin – Mary Lou McDonald

Beidh ar a laghad 30 suíochán ag Sinn Féin sa chéad Dáil eile, dar le ceannaire an pháirtí sin, Mary Lou McDonald.

Dúirt sí freisin go mbeadh sé “mícheart” dá bhfágfaí Sinn Féin as an áireamh sa Rialtas nua.

Dúirt ceannaire Shinn Féin gurb é a céad rogha ná Rialtas a bhunú gan Fianna Fail agus Fine Gael agus go raibh teagmháil déanta aici cheana féin le lucht ceannais na bpáirtithe beaga, an Comhaontas Glas, na Daonlathaigh Shóisialta, agus Pobal roimh Bhrabús, lena mbarúil siúd a fháil.

Maidir le comhghuaillíocht le Fianna Fáil nó Fine Gael dúirt sí go mbeadh sí sásta “labhairt le gach dream”.

Móramh ag iarraidh reifreann faoi aontú na tíre laistigh de chúig bliana

Ar eagla gur chaill sibh an scéal, tá tromlach den phobal ar son reifreann a bheith ann thuaidh agus theas sna cúig bliana seo romhainn maidir le haontú na tíre, de réir phobalbhreith iarvótála an lae inné.

57% a dúirt go mbeidís ar son na reifreann agus 40% a bhí ina n-aghaidh.

Ní raibh aon bharúil ag 3% de na daoine a ceistíodh.

Daoine óga is mó a léirigh tacaíocht do na reifrinn. Dúirt triúr as gach ceathrar (75%) de dhaoine idir 18- 25 bliana d’aois go mbeidís i bhfabhar reifrinn. Bhí níos lú na leath (47%) de na daoine os cionn 65 bliana d’aois ar son reifrinn.

Idir an dá linn tá ráite ag Gerry Adams go bhfuil Sinn Féin tosaithe ag pleanáil do ‘Éire Aontaithe’ agus gur mhaith leo a bheith i gcomhrialtas. Thug sé le fios go bhfuil scéala curtha ag Mary Lou McDonald chuig na ceannairí eile le cuireadh chun cainte a thabhairt dóibh. An tosaíocht atá ag Sinn Féin ná rialtas a chur ar bun gan Fianna Fáil agus Fine Gael, arsa iar-uachtarán an pháirtí.

Ar cheart go mbeadh reifrinn thuaidh agus theas sna cúig bliana seo romhainn maidir le haontú na tíre?

Ar son reifreann 57%
In aghaidh reifreann 40%
Gan tuairim 3%

Céatadán níos airde Gaeilgeoirí i measc lucht tacaíochta na bpáirtithe beaga

Cuireadh ceist i bpobalbhreith iarvotála Ipsos MRBI an lae inné faoi labhairt na Gaeilge.

Dúirt beirt as gach triúr (65%) go raibh Gaeilge acu ach duine as gach deichniúr (10%) a dúirt go labhraíonn siad an teanga go rialta. Dúirt os cionn an cheathrú cuid (26%) go labhraíonn siad Gaeilge anois agus arís ach dúirt 29% nach n-úsáideann siad an teanga riamh.

Duine as gach triúr (33%) a dúirt nach raibh aon Ghaeilge acu.

Maidir le lucht tacaíochta na bpáirtithe dúirt 8% de lucht vótála Fhianna Fáil go labhraíonn siad Gaeilge go rialta. Is cosúil gur 8% de lucht vótála  Fhine Gael atá ina nGaeilgeoirí ‘rialta’ agus 9% de lucht Shinn Fein a thug le fios go labhraíonn siad an teanga go rialta.

Céatadán na nGaeilgeoirí i measc lucht tacaíochta na bpáirtithe 

Is cosúil gur i measc lucht tacaíochta na bpáirtithe beaga agus na neamhspleách atá an céatadán is airde de chainteoirí rialta Gaeilge.

Dúirt 16% de lucht vótála Neart le Chéile/ Pobal Roimh Bhrabús gur cainteoirí rialta Gaeilge iad agus 16% a bhí i gceist freisin i gcás an pháirtí nuabhunaithe Aontú. 13% a bhí i gceist i gcás na nDaonlathach Sóisialta agus 12% de lucht vótála Pháirtí an Lucht Oibre a mhaígh gur cainteoirí rialta Gaeilge iad. 5% a bhí ann i gcás an Chomhaontais Ghlais agus 15% de na daoine a thug vóta céadrogha d’iarrthóirí neamhspleácha inné a dúirt go labhraíonn siad Gaeilge go rialta.

Beirt as Sinn Féin le toghadh sa chéad chomhaireamh i nDún na nGall?

Tá teailí iomlán ar fáil do thoghcheantar Dhún na nGall anois agus an chuma ar an scéal go dtoghfar Pearse Doherty agus Pádraig Mac Lochlainn do Shinn Féin ar an gcéad chomhaireamh.

Beidh an tríú suíochán ag Charlie McConalogue, Fianna Fáil agus seans maith ag an Aire Oideachais Joe Mc Hugh, Fine Gael, ar an gceathrú suíochán.

Pat ‘the Cope’ Gallagher, Fianna Fáil agus Thomas Pringle, Neamhspleách a bheidh san iomaíocht don suíochán deireanach agus an chuma ar an scéal go mbeidh fear Fhianna Fáil cuid mhaith chun cinn ar an iarrthóir neamhspleách.

Mar sin is cosúil go mbeidh dhá shuíochán ag Sinn Féin, dhá cheann ag Fianna Fáil agus ceann amháin ag Fine Gael i nDún na nGall. An Neamhspleách Thomas Pringle a bheith thíos le dul chun cinn Shinn Féin.

Teailí deireanach i nDún na nGall –

Pearse Doherty (Sinn Féin) 27%
Pádraig Mac Lochlainn (Sinn Féin) 18%
Charlie McConalogue (Fianna Fáil) 11%
Joe McHugh (Fine Gael)  10%
Pat the Cope Gallagher (Fianna Fáil) 10%
Thomas Pringle (Neamspleách) 7%
John O’Donnell (Neamspleách) 6%

Idir an dá linn, tá teailí iomlán déanta i Maigh Eo agus dealraíonn sé gurb iad an chéad triúr a thoghfar Michael Ring, Fine Gael, Rose Conway-Walsh, Sinn Féin, agus Dara Calleary, Fianna Fáil. Beidh iomaíocht ghéar ann don suíochán deireanach idir Lisa Chambers, Fianna Fáil agus Michelle Mulherin, Fine Gael. Tá bean Fhianna Fáil ar 10% sa teailí agus í chun cinn ar bhean Fhine Gael, a bhfuil 8.5% aici. Meastar gurb í Chambers is mó atá i mbaol mar go mbeidh níos mó vótaí aistrithe ag Mulherin óna leathbhádóir, Alan Dillon. Tuairiscítear go bhfuil “díomá” ar Shaoirse McHugh ón gComhaontas Glas nár éirigh léi ach 6.4% de na vótaí céadrogha a fháil.

Céimí óg Gaeilge ina léiriú ar bhorradh Shinn Féin i gcontae Luimnigh

Tá lánbhuntáiste á bhaint ag cuid de na Gaeilgeoirí óga atá ag seasamh do Shinn Féin in Olltoghchán 2020 as an taoide tacaíochta atá ag dul i dtreo an pháirtí. De réir an teailí i gContae Luimnigh, 15% de na vótaí céadrogha atá faighte ag an gcéimí Gaeilge óg Séighin Ó Ceallaigh.

Toghcheantar é seo a mbíodh an lámh in uachtar i gcónaí nach mór ag na mórpháirtithe traidisiúnta Fianna Fáil agus Fine Gael agus is ar éigean gur éirigh le Sinn Féin aon dul chun cinn a dhéanamh in iarthar Luimnigh go nuige seo.

Meastar go mbeidh Ó Ceallaigh san iomaíocht don suíochán deireanach sa toghcheantar trí shuíochán seo le Tom Neville, Fine Gael, an Neamhspleách Richard O’Donoghue agus Michael Collins, Fianna Fáil.

Beidh suíochán ag Gaeilgeoir óg eile de chuid Shinn Féin Mairéad Farrell, atá ag cruthú an-mhaith i nGaillimh Thiar. Beidh suíochán ag Pa Daly don pháirtí i gCiarraí, iarrthóir nua eile de chuid Shinn Féin ar Gaeilgeoir é.

Idir an dá linn, tá cuma na maitheasa ar Ghaeilgeoir aitheanta eile i gCuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh agus an chosúlacht ar an teailí ansin go mbeidh an Seanadóir de chuid Pháirtí an Lucht Oibre Aodhán Ó Ríordáin ag filleadh ar an Dáil.

Teailí deireanach 9 i gContae Luimnigh –

Patrick O’Donovan (FG) 20%, Niall Collins 18% (FF) Séighin O’Ceallaigh (SF) 15% , Richard O’Donoghue (NS) 13%, Tom Neville (FG) 13%, Michael Collins (FF) 11%, Claire Keating (CG) 5%

Michael Healy-Rae agus Pa Daly le bheith ar cheann an chomhairimh i gCiarraí

Tá teailí iomlán i gCiarraí agus tá an chuma ar an scéal go bhfuil a mbó curtha thar abhainn ag Michael Healy-Rae agus Pa Daly Shinn Féin.  Dealraíonn sé go mbeidh Michael Healy-Rae ag ceann an chomhairimh le 16,765 (22%) vóta céadrogha agus 15,693 vóta céadrogha (20%) ag Daly.

Dealraíonn sé gur mar a bhí a bheidh ó thaobh na bpáirtithe: beirt Healy-Rae agus suíochán an pháirtí ag Fianna Fáil, Fine Gael agus Sinn Féin.

Teailí iomlán – Michael Healy Rae (NS) 16,765 (22%); Pa Daly (SF) 15,693 (20%); Brendan Griffin (FG) 10,273 (13%); Danny Healy-Rae (NS) 8,655 (11%); Norma Foley (FF) 6,876 (9%); John Brassil (FF) 5,413 (7%); Cleo Murphy (CG) 4,074 (5%); Mike Kennelly (FG) 3,972 (5%).

Gan Teachta Dála ar bith ag FF ná FG i nGaillimh Thoir-Ros Comáin?

De réir lucht teailí, d’fhéadfadh toradh stairiúil a bheith ar an toghchán i nGaillimh Thoir-Ros Comáin agus seans ann nach dtoghfar aon duine ó na mórpháirtithe Fianna Fáil agus Fine Gael.

Tá an t-iarrthóir neamhspleách Michael Fitzmaurice ar bharr an chomhairimh faoi láthair agus an t-iar-aire Denis Naughten, Neamhspleách, ina dhiaidh. Tá iarrthóir Shinn Féin, Claire Kirrane, sa tríú háit, de réir lucht teailí.

Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne i mbaol a shuíochán a chailliúint i nGaillimh Thiar

Tá suas le cúig oiread vótaí á bhfáil ag Noel Grealish as boscaí Uachtar Ard is atá á bhfáil ag Seán Kyne agus a rian fágtha, b’fhéidir, ar an toradh ansin ag an gconspóid faoi thearmann do dhídeanaithe. Beidh Aire Stáit na Gaeltachta san iomaíocht i nGaillimh Thiar ach rachaidh sé dian air a shuíochán a choimeád.

Tá a leathbhádóir, Hidegarde Naughton, beagáinín chun cinn ar Sheán Kyne faoi láthair agus meastar gur fearr a éireoidh léi vótaí aistrithe a mhealladh i gcathair na Gaillimhe.

Tá na boscaí ar fad oscailte i nGaillimh Thiar le tamaillín anuas ach níl teailí iomlán ar fáil fós.

Tá an chuma ar an scéal gur Mairéad Farrell, Sinn Féin, nó Éamon Ó Cuív, Fianna Fáil, a bheidh ar bharr an chomhairimh agus gurb é Noel Grealish, neamhspleách, a bheidh sa tríú háit.

Beidh ceathrar ag fiach ar an dá shuíochán eile; Catherine Connolly, Neamhspleách, Hildegarde Naughton, Fine Gael, Sean Kyne, Fine Gael agus Ollie Crowe, Fianna Fáil. Beidh suíochán amháin den phéire sin ag Fine Gael go cinnte agus is í Catherine Connolly rogha na coitiantachta don cheann eile.

Tonnbhriseadh an tseanghnáthaimh sa pharóiste is faide siar in Éirinn

Tá i bhfad níos mó vótaí faighte ag Sinn Féin agus ag an gComhaontas Glas le chéile i nDún Chaoin ná mar atá faighte ag Fianna Fáil, Fine Gael, an Lucht Oibre agus muintir Healy-Rae le chéile.


Shane Ross agus Regina Doherty i mbaol

Tá teailí iomlán déanta i mBaile Átha Cliath Ráth an Dúin agus an chuma ar an scéal go bhféadfadh Shane Ross a bheith go mór i mbaol. Tá sé sa séú háit agus gan ach 8.28% den vóta aige. Níl ach trí shuíochán sa dáilcheantar seo. Tá aire eile, Regina Doherty, i mbaol sa Mhí Thoir. Tá 72% de na boscaí oscailte sa Mhí Thoir agus níl aici ach 9.97%. Trí shuíochán atá sa dáilcheantar seo agus tá sí sa chúigiú háit.

Ring ar bharr an chomhairimh ar éigean i Maigh Eo

Tá na boscaí ar fad oscailte i dtoghcheantar Mhaigh Eo agus iomaíocht an-ghéar idir Michael Ring, Fine Gael, agus Rose Conway-Walsh Shinn Féin don chéad áit. Tá 23% den vóta acu beirt,de réir lucht teailí, agus an chosúlacht air go mbeidh Ring ar bharr an chomhairimh ar éigean agus é 100 vóta nó mar sin chun cinn ar bhean Shinn Féin.

Tá Dara Calleary, Fianna Fáil ar 14% agus Lisa Chambers, Fianna Fáil, ar 10%.

8% atá ag Michelle Mulherin, Fine Gael, agus tá Saoirse McHugh ón gComhaontas Glas ar 6%.

Is cosúil go mbeidh an-iomaíocht don suíochán deireanach idir Michelle Mulherin agus Saoirse McHugh.

Fine Gael –  22.7% (14,448)
Conway Walsh – Sinn Féin –  22.6% (14,387)
Calleary – Fianna Fáil – 14%  (9,068)
Chambers – Fianna Fáil – 10% (6,352)
Mulherin – Fine Gael –  8.4% (5,346)
Dillon – Fine Gael –  8% (5,114)
McHugh – Comhaontas Glas – 6% (4,041)
Lawless – Aontú 4% (2,837)

Idir an dá linn, tá teailí déanta ar 40% de na boscaí i ndáilcheantar Dhún na nGall. I dtuaisceart an chontae atá formhór na mboscaí seo, ceantar Phádraig Mhic Lochlainn agus Charlie McConalogue.

Pádraig Mac Lochlainn (Sinn Féin) 34%
Charlie McConalogue (Fianna Fáil) 21%
Pearse Doherty (Sinn Féin) 14%
Joe McHugh (Fine Gael)  11%
Pat the Cope Gallagher (Fianna Fáil) 2%
Martin M Harley (Fine Gael) 1%
Niall McConnell (Neamspleách) 1%
John O’Donnell (Neamspleách) 4%
Thomas Pringle (Neamspleách) 3%
Mary T Sweeney (Aontú) 3%
Michael White (An Comhaontas Glas) 3%
Peter Casey (Neamhspleách) 3%
Arthur Desmond McGuinness (Neamhspleách) 0%

Vótaí aistrithe…

I dtoghchán ina mbeidh iomaíocht ghéar do na suíocháin dheireanacha i ndáilcheantair go leor, beidh béim ar leith ar vótaí aistrithe.

De réir na bhfigiúirí ó phobalbhreith iarvotála Ipsos MRBI mar a chéile atá Fianna Fáil agus Fine Gael maidir lena neart i dtaobh vótaí aistrithe. Dúirt 22% go dtabharfaidís d’Fhianna Fáil a ndara rogha agus 21% a thabharfadh an dara rogha d’Fhine Gael. Más fíor don phobalbhreith beidh Sinn Féin cuid mhaith níos laige ag mealladh vótaí aistrithe agus agus 11% a mhaígh go dtabharfaidís a ndara rogha don pháirtí sin.

Dúirt 9% go raibh an Comhaontas Glas mar dhara rogha acu, 6% a dúirt amhlaidh faoi Pháirtí an Lucht Oibre agus 6% a bhí ag Neart le Chéile/Pobal Roimh Bhrabús freisin.

Dúirt 13% gur thug siad a ndara rogha d’iarrthóirí neamhspleácha agus bhí 4% nár thug dara rogha do dhuine ar bith.  

Vótaí aistrithe (céad agus dara rogha)

Fianna Fáil 22%
Fine Gael 21%
Sinn Féin 11%
An Comhaontas Glas 9%
Páirtí an Lucht Oibre 6%
Neart le Chéile/Pobal Roimh Bhrabús 6%
Daonlathaigh Shóisialta 4%
Aontú 2%
Neamhspleáigh 13%
Gan dara rogha 4%

‘Níl aon ghá ag Sinn Féin le Ferris i gCiarraí a thuilleadh’ – Toiréasa Ferris

Rinne Sinn Féin agus a stiúrthóir toghchánaíochta, Pearse Doherty, botún maidir le líon na n-iarrthóirí a chuir Sinn Féin san iomaíocht sa toghchán, dar leis an iarchomhairleoir contae Toiréasa Ferris. Níl aon chathú uirthi nár sheas sí féin. Níl aon ghá ag Sinn Féin le Ferris i gCiarraí a thuilleadh, a deir sí. Tá an chuma ar an scéal go mbuafaidh Pa Daly suíochán go bog don pháirtí i gCiarraí agus é gob ar ghob le Michael Healy-Rae don chéad suíochán.

Tá muintir Healy-Rae ar a gcúilín seamhrach arís.

Tá beagnach 70% de na boscaí oscailte i gCiarraí. Dar le Michael Healy-Rae tá breis agus 11,000 vóta aige agus breis is 6,300 ag Danny. Breis agus 40% den vóta céadrogha eatarthu beirt.

Mairéad Farrell chun cinn i nGaillimh Thiar

Agus beagnach leath de na boscaí oscailte i nGaillimh Thiar,  bhí Mairéad Farrell chun cinn ar na hiarrthóirí eile agus 14% de na vótaí céadrogha aici.

Maireád Farrell Sinn Féin 14%
Éamon Ó Cuív Fianna Fáil 12%
Oliver Crowe Fianna Fáil 10%
Catherine Connolly Neamhspleách 10%
Noel Grealish Neamhspleách 10%
Hildegarde Naughton Fine Gael 9%
Seán Kyne Fine Gael 8%
Niall Ó Tuathail Daonlathaigh Shóisialta 7%
Patricia O’Reilly Comhaontas Glas 7%

Idir an dá linn, de réir an teailí is déanaí i mBaile Cliath Thiar, tá Pádraig Donnelly Shinn Féin chun cinn ar an Taoiseach Leo Varadkar. Idir an dá linn, tá géillte ag John Brassil go bhfuil a shuíochán go mór i mbaol.

Cén uair a rinneadh cinneadh agus cén fáth?

Bhí cinneadh déanta ag 48% den phobal cé dó a dtabharfaidís a vóta sular thosaigh an feachtas ar chor ar bith, de réir eolais ón bpobalbhreith iarvotála. Ba le linn an fheachtais a rinne 28% a gcinneadh agus ní raibh 16% den phobal cinnte cén rogha a dhéanfaidís go dtí na laethanta roimh lá na vótála. D’fhág 8% an cinneadh go dtí an nóiméad deireanach ar fad agus ní raibh a fhios acu cé a gheobhadh a vóta go dtí go raibh siad san ionad vótála féin. 

Cinneadh déanta roimh ré 32%
Cinneadh le linn an fheachtais 28%
Le cúpla lá anuas 16%
San ionad vótála 8%

Maidir leis na rudaí a bhí ar intinn daoine agus a vóta á chaitheamh acu, bhí an Breatimeacht an-íseal ar a liosta tosaíochta. 1% den phobal a thug le fios go raibh tábhacht leis an mBreatimeacht agus a rogha á déanamh acu.

Cúrsaí Sláinte 32%
Cúrsaí Tithíochta 26%
Cúrsaí Pinsin 8%
Fostaíocht 6%
Athrú Aeráide 6%
Coiriúlacht 3%
Cúrsaí Leanaí 3%
Breatimeacht 1%

Tuar deireanach na suíochán le Donncha Ó hÉallaithe

Agus an phobalbhreith iarvótála, a rinne RTÉ in éindí leis an Irish Times agus TG4 curtha san áireamh agam, seo a leanas mo thuar maidir le toradh an toghcháin. Tá líon na suíochán tar éis olltoghchán 2016 tugtha freisin.

Tá anailís Dhonncha Uí Éallaithe le léamh anseo.

Tuar náisiúnta

Na Dáilcheantair FF FG SF LO CG DS NLC/PRB Eile
Baile Átha Cliath Láir (4) 1 1 1 1
Baile Átha Cliath Thiar Meán (4) 1 1 2
Cuan Bhaile Átha Cliath Theas (4) 1 1 1 1
Baile Átha Cliath Theas-Lár (4) 1 1 1 1
Baile Átha Cliath Thiar Theas (5) 1 1 1 1 1
Baile Átha Cliath Ráth an Dúin (3) 1 1 1
Baile Átha Cliath Thiar (4) 1 1 1 1
Cuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh (5) 1 1 1 1 1
Baile Átha Cliath Fine Gall (5) 1 1 1 1 1
Baile Átha Cliath Thiar Thuaidh (3) 1 1 1
Cabhán- Muineachán (5) 2 1 2
Ceatharlach-Cill Channaigh (5) 2 2 1
Ciarraí (5) 2 1 1 1
Cill Dara Theas (4)* 2 1 1
Cill Dara Thuaidh (4) 1 1 1 1
Cill Mhantáin (5) 1 1 1 1 1
An Clár (4) 2 1 1
Corcaigh Theas-Lár (4) 2 1 1
Corcaigh Thiar Theas (3) 1 1 1
Corcaigh Thoir (4) 1 1 1 1
Corcaigh Thuaidh-Lár (4) 1 1 1 1
Corcaigh Thiar Thuaidh (3) 1 2
Dún Laoghaire (4) 1 1 1 1
Dún na nGall (5) 2 1 2
Gaillimh Thiar (5) 1 1 1 1 1
Gaillimh Thoir (3) 1 1 1
Laois-Uibh Fhailí (5) 2 1 1 1
Loch Garman (5) 2 1 1 1
An Longfort–An Iarmhí (4) 1 1 1 1
An Lú (5) 1 1 2 1
Cathair Luimnigh (4) 1 1 1 1
Contae Luimnigh (3) 1 1 1
Maigh Eo (4) 1 2 1
An Mhí Thiar (3) 1 1 1
An Mhí Thoir (3) 1 1 1
Port Láirge (4) 1 1 1 1
Ros Comáin-Gaillimh (3) 1 2
Sligeach-Liatroim (4) 1 1 1 1
Tiobraid Árann (5) 1 1 1 2
Iomlán (160) 47 39 33 7 12 3 4 15

* Níl ach trí shuíochán le líonadh sa toghchán i gCill Dara Theas, mar go bhfuil ceann coinnithe don Cheann Comhairle, Seán Ó Fearghaíl (FF).

Nóta 1: Tá suíochán Pheadair Tóibín (Aontú) san áireamh sa 15 Eile

Cuma na maitheasa ar Danny Healy-Rae

Tá an chosúlacht air go gcoimeádfaidh Danny Healy-Rae a shuíochán i gCiarraí. Meastar go mbeidh cuóta de 13,300 i gceist. Deir Seán Mac an tSíthigh, Nuacht TG4, go bhfuil dhá theailí ann. Fianna Fáil, Fine Gael agus Sinn Féin ag comhoibriú ar cheann amháin agus a dteailí féin ag muintir Healy-Rae. Is é Michael Healy-Rae atá in uachtar. Tá Pa Daly (SF) sna sála air agus tá Danny sa tríú háit.

Idir an dá linn, is cosúil go bhféadfadh suas le dhá chuóta a bheith ag Pearse Doherty i nDún na nGall. D’fhéadfadh thart ar 24,000 vóta céadrogha a bheith aige. Tá an chuma ar an scéal go mbeidh suíochán chomh maith ag leathbhádóir Doherty agus Pádraig Mac Lochlainn ag cruthú níos fearr ná mar a rinne sé in 2016 nuair a chaill sé a shuíochán.


An t-athrú is mó ó 1918 – Éamon Ó Cuív

“An t-athrú is mó ó 1918,” a deir Éamon Ó Cuív is é ag caint ar TG4 ar na torthaí atá ar na bioráin don olltoghchán seo.

Theip ar Fhianna Fáil fad a chur idir iad féin agus Fine Gael, arsa an t-iar-aire Gaeltachta.

“Glúin na géarchéime airgeadais,” a chaith vóta do Shinn Féin, dar le hÉamon Ó Cuív.

Tá Mairéad Farrell chun cinn i nGaillimh Thiar de réir an teailí is déanaí. Sciar 17.1% aici agus 23 bosca as 212 oscailte, a bhformhór ag teacht ón gcathair.

Tá beagnach an tríú cuid (30%) de na boscaí i dtoghcheantair Ghaillimh Thiar oscailte anois. Seo iad na figiúirí is deireanaí ón teailí go dtí seo:

Maireád Farrell, Sinn Féin 15%

Oliver Crowe, Fianna Fáil 11%

Catherine Connolly, neamhspleách, 11%

Noel Grealish, neamhspleách, 10%

Hildegarde Naughton, Fine Gael, 9%

Éamon Ó Cuív, Fianna Fáil, 9%

Sean Kyne, Fine Gael, 7%


‘This is seismic’ – tharla crith talún polaitiúil inné, léireofar a éifeacht stairiúil inniu – Cathal Mac Coille

Ní raibh aon áibhéil sa chur síos gonta a rinne Eoin Ó Broin ar thorthaí an tsuirbhé iarvótála a foilsíodh ar RTÉ. “This is seismic,” a scríobh sé i ngiolc faoin bpobalbhreith a thug le fios go raibh tacaíocht Fhine Gael (22.4%), Fhianna Fáil (22.2%) agus Shinn Féin (22.3%) ar aon chéim beagnach.

Ar ndóigh, ní bhíonn comhdhéanamh na Dála faoi dheireadh an chomhairimh riamh ar aon dul le toradh pobalbhreithe, dá fheabhas í. Nochtfar scéal fada casta sula mbeidh neart na bpáirtithe sa 33ú Dáil soiléir.

Mar sin féin, is léir cheana féin gur cosúil le crith talún polaitiúil an rogha a rinne toghthóirí san olltoghchán seo. Tá fianaise iontaofa ar fáil, a bhuí leis an bpobalbhreith inar cheistigh foireann Ipsos/MRBI 5,376 vótóir i ngach dáilcheantar sa stát. Ní raibh toradh mar é againn in olltoghchán ar bith ó bunaíodh an stát.

Cibé bail a bheidh ar na príomhpháirtithe sa Dáil nua tar éis an chomhairimh, beidh dualgas orthu go léir aghaidh a thabhairt ar an tírdhreach polaitiúil nua. Roimhe seo, bhí dhá phríomhpháirtí sa stát. Tá trí cinn anois ann. 

Sam Boal/Rollingnews.ie

Dá laige an tacaíocht iomlán (beagán faoi bhun 50%) a tugadh d’Fhine Gael agus d’Fhianna Fáil in éineacht san olltoghchán deireanach, is i laghad a chuaigh meas an phobail orthu ó shin i leith. Níl ach 44% ag tacú leo anois, de réir na pobalbhreithe.

Dá ghéire an cáineadh mar sin a rinne Fine Gael agus Fianna Fáil ar Shinn Féin agus ar dhintiúir Shinn Féin mar pháirtí comhrialtais, thug na vótóirí an chluas bhodhar dóibh. Tá trí pháirtí sa stát anois atá ar aon chéim beagnach ó thaobh tacaíochta de.

Faraor, is doiléire ná an freagra a tugadh ceithre bliana ó shin an freagra a tugadh inné ar an gceist is tábhachtaí a bhíonn le réiteach i ngach olltoghchán: cé a bheas i mbun rialtais ina dhiaidh?

Is léir cheana féin gur rialtas mionlaigh eile a bhunófar mura mbeidh dhá phríomhpháirtí toilteanach teacht le chéile. Níl fonn ar Fhianna Fáil ná ar Fhine Gael dul i gcomhrialtas le chéile. Ní bhfaighfear réidh láithreach ach oiread leis an mímhuinín a nocht ceannairí an dá pháirtí as Sinn Féin agus comhrialtas leo á chur as an áireamh acu. Ach cá bhfios cén t-athrú intinne a fheicfear tar éis tamaill?

Tá a rogha déanta ag na toghthóirí, ach níl tuairim ag duine ar bith fós conas ciall rialtais a bhaint as. Ní gan stró ná gan mhoill a thiocfaidh ceannairí na bpáirtithe ar an athrú meoin a theastóidh chun olltoghchán eile i mbliana a sheachaint.

Tá rud amháin cinnte cheana féin áfach. Ní bheadh Mary Lou baileach chomh h-imníoch le Leo ná le Micheál dá mbeadh olltoghchán eile dosheachanta. Ábhar dianmhachnaimh don triúr acu.

Faic idir Fine Gael, Fianna Fáil agus Sinn Féin in Olltoghchán 2020 – pobalbhreith iarvótála

Níl oiread na fríde idir Fine Gael, Fianna Fáil agus Sinn Féin in Olltoghchán 2020, de réir na pobalbhreithe iarvótála a rinne Ipsos MRBI do RTÉ, TG4, an Irish Times agus UCD.

I bhfianaise na pobalbhreithe iarvótála cathair mar a tuairisc an rabharta tacaíochta a tháinig i dtreo Shinn Féin le linn an fheachtais agus an leibhéal tacaíochta céanna acu is atá ag Fine Gael agus Fianna Fáil.

22.4% a thug le fios gur thug siad vóta céadrogha d’Fhine Gael. De réir na pobalbhreithe 22.3% de na vótaí céadrogha atá ag Sinn Féin agus 22.2% atá ag Fianna Fáil.

Cuirfear tús maidin amárach le comhaireamh na vótaí sa 39 dáilcheantar agus is cinnte go mbeidh sé ina chogadh dearg do go leor den 159 atá le líonadh.

80 suíochán a theastaíonn do mhóramh sa Dáil agus dá mba amhlaidh na torthaí sna laethanta amach romhainn bheadh sé fíor-dheacair rialtas a bhunú.

Grafaic: TG4

Bunaithe ar an bpobalbhreith, is cosúil go ndéanfaidh an Comhaontas Glas dul chun cinn agus 7.9% acu.

4.6% a thacaigh le Páirtí an Lucht Oibre agus gan aon chomharthaí téarnáimh sa phobalbhreith seo.

Tá an chéad éachtaint ar fáil i dtorthaí na pobalbhreithe, inar ceistíodh 5,000 duine ar fud an stáit agus a vóta díreach caite acu, ar mhianta an phobail in Olltoghchán 2020.

Bhí daoine ag triall ar na botháin vótála ar fud na tíre ó mhaidin in Olltoghchán 2020 agus in ainneoin na drochaimsire, tuairiscíodh gur vótáil céatadán réasúnta ard de na daoine a bhí ar an gclár vótála.

Fág freagra ar 'TUAIRISC BHEO: An comhaireamh críochnaithe in Olltoghchán 2020 agus 160 suíochán líonta'

  • Conchubhar Ó Briain

    Seans gur chuir Scanradh Dearg laethanta deiridh an fheactais votòirí ó FF go FG. Ní cosúil go ndearna sé morán dochar do SF. Beidh ana spòirt againn amárach.