Ní vóta agóide atá ag Sinn Féin a thuilleadh ach vóta muiníne

Ní raibh aon tráchtaire ag súil leis an rabharta tacaíochta do Shinn Féin, ná ní raibh Sinn Féin, ag súil leis ach an oiread

Ní vóta agóide atá ag Sinn Féin a thuilleadh ach vóta muiníne

Agus an phobalbhreith iarvótála, a rinne RTÉ in éindí leis an Irish Times agus TG4 curtha san áireamh agam, seo a leanas mo thuar maidir le toradh an toghcháin. Tá dáileadh na suíochán tar éis olltoghchán 2016 tugtha freisin.

An borradh a tháinig faoi thacaíocht Shinn Féin le linn an fheachtais an ghné ba shuntasaí den olltoghchán. Cé go bhfuil geilleagar na tíre ag déanamh go maith, níl aon cheist faoi ach gur cheap daoine nach raibh dóthain á dhéanamh ag an rialtas le réiteach a fháil ar an dá fhadhb ollmhóra atá ag cur as do dhaoine: easpa tithíochta agus an brú ar an gcóras sláinte poiblí a fhágann go mbíonn fanacht fada ar dhaoine atá tinn ar liostaí feithimh nó ar thralaithe sna hospidéil.

Cé go bhfuil feabhas ar chúrsaí eacnamaíochta, níl daoine sásta leis an staid ina bhfuil an tír, tír ina bhfuil na mílte páiste á gcur thart ó óstán go hóstán gan aon áit bhuan chónaithe acu.

Níor ghlac na daoine le leithscéalta an rialtais. Cuireadh cuid den locht ar Fhianna Fáil as bheith sásta Fine Gael a choinneáil i gcumhacht leis an soláthar muiníne agus tacaíochta. Bhí sé suntasach gur fhógair beirt airí rialtais ón eite chlé, na Neamhspleáigh Finian McGrath agus John Halligan, nach mbeidís ag seasamh arís. Agus iad ag brath ar dhaoine nach bhfuil chomh maith sin as sa saol dá vótaí, seans gurbh fhearr a thuig siad ná go leor eile go raibh míshástacht i measc an phobail agus go mbainfí díoltas amach ar aon duine a bhí mar chuid den rialtas. B’fhearr rith maith ná drochsheasamh.

Ach ní raibh aon tráchtaire ag súil leis an rabharta tacaíochta do Shinn Féin, ná ní raibh Sinn Féin ag súil leis ach oiread. Dá mbeadh, is cinnte go gcuirfidís an dara duine san iomaíocht i roinnt dáilcheantar ina bhfuil siad láidir go maith cheana. Dá gcuirfeadh, bheadh ceithre nó cúig shuíochán breise acu.

Níl ach ocht mí ann ó chaill Sinn Féin os cionn leath de na suíocháin a bhí acu ar chomhairlí ar fud na tíre. Mí na Bealtaine seo caite, thit vóta Shinn Féin sna toghcháin áitiúla ó 15.4% go 9.6%. Ach tá an páirtí tagtha ar ais go tréan agus is deacair argóint a dhéanamh nár chóir iad a bheith i gcomhrialtas nuair atá an oiread céanna tacaíochta ón bpobal acu is atá ag Fianna Fáil agus ag Fine Gael.

Le linn an fheachtais, ní hamháin go raibh go leor á gheallúint ag Sinn Féin a chuirfeadh airgead i bpócaí daoine atá ar meánioncam – deireadh a chur leis an USC ar an gcéad €30,000 agus deireadh leis an gcáin mhaoine – ach d’éirigh lena n-urlabhraithe, Eoin Ó Broin agus Pearse Doherty ina measc, a chur ina luí ar an bpobal go raibh réiteach na bhfadhbanna móra acu. Thug siad le fios go n-athrófaí cur chuige an stáit i leith cúrsaí tithíochta agus sláinte dá mbeadh Sinn Féin sa rialtas. Ní vóta agóide a bhí acu a thuilleadh ach vóta chun go mbeadh siad i gcumhacht. Má bhí athrú á iarraidh ag daoine, sheas Sinn Féin amach mar pháirtí a chuirfeadh an t-athrú i bhfeidhm. 

Níor thaitin sé le go leor daoine, go raibh an dá pháirtí mhóra ag rá nach raibh Sinn Féin feiliúnach mar pháirtí a bheith sa rialtas. Ag an am céanna, bhí Simon Coveney ag súil go dtabharfaí creidiúint don rialtas as athbhunú an fheidhmeannais i dTuaisceart Éireann, ina bhfuil Sinn Féin páirteach.

Tá an chuma ar an scéal gur thit tacaíocht an Chomhaontais Ghlais le linn an fheachtais. Mar sin féin, tiocfaidh ardú suntasach ar líon na dTeachtaí Dála a bheas ag an gComhaontas Glas sa Dáil agus pé cineál rialtais a chuirfear le chéile, seans maith go mbeidh siad ann.

Tá an tuar náisiúnta bunaithe ar an mbriseadh síos seo a leanas sna dáilcheantair éagsúla.

Na Dáilcheantair FF FG SF LO CG DS NLC/PRB Eile
Baile Átha Cliath Láir (4) 1 1 1 1
Baile Átha Cliath Thiar Meán (4) 1 1 2
Cuan Bhaile Átha Cliath Theas (4) 1 1 1 1
Baile Átha Cliath Theas-Lár (4) 1 1 1 1
Baile Átha Cliath Thiar Theas (5) 1 1 1 1 1
Baile Átha Cliath Ráth an Dúin (3) 1 1 1
Baile Átha Cliath Thiar (4) 1 1 1 1
Cuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh (5) 1 1 1 1 1
Baile Átha Cliath Fine Gall (5) 1 1 1 1 1
Baile Átha Cliath Thiar Thuaidh (3) 1 1 1
Cabhán- Muineachán (5) 2 1 2
Ceatharlach-Cill Channaigh (5) 2 2 1
Ciarraí (5) 2 1 1 1
Cill Dara Theas (4)* 2 1 1
Cill Dara Thuaidh (4) 1 1 1 1
Cill Mhantáin (5) 1 1 1 1 1
An Clár (4) 2 1 1
Corcaigh Theas-Lár (4) 2 1 1
Corcaigh Thiar Theas (3) 1 1 1
Corcaigh Thoir (4) 1 1 1 1
Corcaigh Thuaidh-Lár (4) 1 1 1 1
Corcaigh Thiar Thuaidh (3) 1 2
Dún Laoghaire (4) 1 1 1 1
Dún na nGall (5) 2 1 2
Gaillimh Thiar (5) 1 1 1 1 1
Gaillimh Thoir (3) 1 1 1
Laois-Uibh Fhailí (5) 2 1 1 1
Loch Garman (5) 2 1 1 1
An Longfort–An Iarmhí (4) 1 1 1 1
An Lú (5) 1 1 2 1
Cathair Luimnigh (4) 1 1 1 1
Contae Luimnigh (3) 1 1 1
Maigh Eo (4) 1 2 1
An Mhí Thiar (3) 1 1 1
An Mhí Thoir (3) 1 1 1
Port Láirge (4) 1 1 1 1
Ros Comáin-Gaillimh (3) 1 2
Sligeach-Liatroim (4) 1 1 1 1
Tiobraid Árann (5) 1 1 1 2
Iomlán (160) 47 39 33 7 12 3 4 15

* Níl ach trí shuíochán le líonadh sa toghchán i gCill Dara Theas, mar go bhfuil ceann coinnithe don Cheann Comhairle, Seán Ó Fearghaíl (FF).

Nóta 1: Tá suíochán Pheadair Tóibín (Aontú) san áireamh sa 15 Eile

Fág freagra ar 'Ní vóta agóide atá ag Sinn Féin a thuilleadh ach vóta muiníne'