TOGHCHÁN 2020: Gaeilge ag 11% d’iarrthóirí Olltoghchán 2020 – cé hiad féin?

EISIACH: De réir suirbhé atá déanta ag Tuairisc.ie, is ag Fianna Fáil atá an líon is mó iarrthóirí a bhfuil Gaeilge acu agus Sinn Féin agus Comhaontas Glas atá sa dara háit

TOGHCHÁN 2020: Gaeilge ag 11% d’iarrthóirí Olltoghchán 2020 – cé hiad féin?

Gaeilgeoirí iad ar a laghad 11% den 531 iarrthóir atá ag seasamh sna 39 dáilcheantar in olltoghchán na míosa seo chugainn.

De réir suirbhé atá déanta ag Tuairisc.ie, is ag Fianna Fáil atá an líon is mó iarrthóirí a bhfuil Gaeilge acu. Is é an sainmhíniú atá againn ar líofacht sa chás seo ná dóthain Gaeilge chun agallamh beo a dhéanamh leis na meáin chraolta Ghaeilge.

25% d’iarrthóirí Fhianna Fáil, nó 21 as an 82 iarrthóir atá acu, a thug le fios go raibh Gaeilge acu.

De réir an tsuirbhé a rinne Tuairisc.ie, tá Gaeilge ag breis agus trí scór de na hiarrthóirí toghcháin. Tá Gaeilge ag 59 iarrthóir páirtí ach tá Gaeilge líofa freisin ag neamhspleáigh nach raibh san áireamh sa suirbhé seo.

Bhí Sinn Féin agus Comhaontas Glas gob ar ghob agus 21% dá n-iarrthóirí a thug le fios go raibh dóthain Gaeilge acu le hagallamh a dhéanamh leis an meáin chraolta Ghaeilge.


Céatadán na n-iarrthóirí le Gaeilge…


Tá iarrthóir amháin ag Comhaontas Glas i ngach ceann de na 39 dáilcheantar agus thug ochtar acu le fios go raibh Gaeilge acu.

42 iarrthóir ar fad atá ag seasamh do Shinn Féin sa toghchán agus naonúr díobh, nó 21%, a thug le fios go mbeadh siad ábalta agallamh beo a dhéanamh leis na meáin chraolta Ghaeilge.

Maidir leis na páirtithe eile, thug Páirtí an Lucht Oibre le fios go raibh Gaeilge ag ceathrar den 31 iarrthóir acu. De réir an eolais a chuir na Daonlathaigh Shóisialta agus Pobal Seachas Brabús/Solidarity ar fáil do Tuairisc.ie tá triúr iarrthóirí ag gach ceann de na páirtithe sin a d’fhéadfadh agallamh beo a dhéanamh leis na meáin chraolta Gaeilge. 

Scór iarrthóir atá ag seasamh do na Daonlathaigh Shóisialta i dtoghchán na míosa seo chugainn agus 15% de na hiarrthóirí acu a deir go bhfuil dóthain Gaeilge acu.

31 iarrthóir atá ag seasamh sa toghchán don Lucht Oibre, agus triúr acu, nó 10%, a deir go bhfuil líofacht na Gaeilge acu.

Tá 31 iarrthóir chomh maith ag seasamh do Phobal Seachas Brabús agus Solidarity (Neart le Chéile) agus deir triúr acu go mbeadh siad sásta agallamh beo a dhéanamh leis na meáin chraolta Ghaeilge.

26 iarrthóir ar fad atá ag seasamh don pháirtí Aontú agus thug ceathrar iarrthóirí, nó 15%, le fios sa suirbhé a reáchtáil Tuairisc.ie go bhfuil dóthain Gaeilge acu le labhairt leis na meáin chraolta Ghaeilge.

Fianna Fáil

Fine Gael

Sinn Féin

Comhaontas Glas

An Lucht Oibre

Na Daonlathaigh Shóisialta

Aontú

Pobal Roimh Bhrabús agus Solidarity (Neart le Chéile)

Fág freagra ar 'TOGHCHÁN 2020: Gaeilge ag 11% d’iarrthóirí Olltoghchán 2020 – cé hiad féin?'

  • Gabriel Rosenstock

    Inniu lá breithe Edward Abbey (29 Ean. 1927 – 1989) a dúirt:
    “Caithfidh tírghráthóir a bheith ullamh i gcónaí chun a thír a chosaint in aghaidh an rialtais.”

  • Mairead Ni Oistin

    Níl ach iarrthóirí ó Pháirtithe polaitíochta luaithe anseo – céard faoi na iarrthóirí neamhspleácha?

  • Gan Ainm

    Ní fheicim Catherine Connolly luaite, duine de na polaiteoirí is gaelaí sa Dáil. Ceist eile a gcumas i labhairt na Gaeilge, tá roinnt den dream seo agus is mó de mhuineál ná den teanga atá ar a dtoil acu!

  • Pól Ó Collata

    Is ábhar dóchas do mhuintir Ciarraí go bhfuil cúig iarrthóirí againn le Gaeilge ó gach dream!

  • Con

    Bhí buaireamh orm go bhfeicfinn ainm an Aire Gaeltachta ann!

  • Seán Mag Leannáin

    Alt agus léarscáil spéisiúil anseo. Ritheann sé liom gur léiriú garbh é an léirscáil chéanna ar dhlús na gcainteoirí Gaeilge sna contaetha éagsúla. Taispeánann sé gurb é an limistéar is laige ó thaobh na Gaeilge de ná lár na tíre agus na ceantracha mórthimpeall lár na tíre. Ach is díol suime, agus cúis díomá, é nach bhfuil Gaeilgeoir ar bith i measc na n-iarrthóirí i gCill Dara agus i gCill Mhantáin – contaetha a bhfuil dlús maith Gaeilgeoirí ina gcónaí iontu agus ina bhfuil go leor Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí lonnaithe.

  • Sibéal

    Bíonn 0.5% des na díospóireachtaí i nDáil Éireann tré mheán na Gaeilge.
    Bíonn níos mó ná 10% des na díospóireachtaí i Senedd Cymru Tré mheán na Breatnaise.

  • C

    Gaeilge bhreá ag Rob O’Donnell ag seasamh do na Glasaigh i dTiobráid Árann!

  • Seán Mag Leannáin

    Pointe maith ag Gan Ainm thuas. “Ceist eile a gcumas i labhairt na Gaeilge, tá roinnt den dream seo agus is mó de mhuineál ná den teanga atá ar a dtoil acu!” Dála an scéil cé tusa, Duine gan ainm?

  • Seán Fennell

    Dá labhródh siad uilig beagán níos mó Gaeilge agus iad sa Dáil, bheadh sin níos fearr arís in ionad béalghrá a dhéanamh!
    Uair amháin sa tseachtain, gnó trí mheán na G, go ceann tamaill bhig, fiú leathuair sa tseachtain ag an tús…
    Níos mó Gaeilge i Stormont!!!!!!!!

  • Gaeilge sa Chomhaontas Glas

    Toradh maith don Chomhaontas Glas (ardú áite amháin)!

    Is féidir forbairtí Gaeilge sa Chomhaontas Glas a leanúint ar Facebook ag: https://www.facebook.com/GaeilgeSaChomhaontasGlas agus ar Twitter ag
    https://twitter.com/Gaeilge_sa_CG