Tuairimí an phobail le lorg go luath faoi thoghchán Údarás na Gaeltachta

Theip ar an dá iarracht a rinneadh go dtí seo teacht ar chomhairleoirí chun athbhreithniú a dhéanamh ar cheist thoghchán Údarás na Gaeltachta agus struchtúr an Bhoird

Tuairimí an phobail le lorg go luath faoi thoghchán Údarás na Gaeltachta

Beidh tuairimí an phobail á lorg an mhí seo faoi thoghchán Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais.

Tuigtear do Tuairisc go bhfógróidh Roinn na Gaeltachta go luath próiseas comhairliúcháin poiblí faoi struchtúr bhord an Údaráis agus an tslí a roghnaítear comhaltaí an bhoird.

Theip ar an dá iarracht a rinneadh go dtí seo teacht ar chomhairleoirí chun athbhreithniú a dhéanamh ar cheist an toghcháin agus struchtúr an bhoird.

Tuigtear go bhfoilseoidh an Roinn go luath plécháipéis faoina bhfuil i ndán don bhord agus go lorgófar moltaí agus aighneachtaí an phobail fúithi.

Nuair a bheidh na haighneachtaí sin faighte ag an Roinn déanfar iad a aistriú go Béarla agus súil acu comhlacht comhairleoireachta a bheith ceaptha acu faoin tráth sin chun anailís neamhspleách a dhéanamh orthu.

I measc na n-ábhar a luafar sa phlécháipéis faoi cheist an Bhoird, tá cúrsaí cothromaíochta ó thaobh inscne agus na scileanna a shíltear atá riachtanach do Bhord nua-aimseartha atá ag freastal ar an nGaeltacht.

Luafar chomh maith na cúraimí nua atá ar Údarás na Gaeltacht ó ceapadh an Bord deireanach, cúram na pleanála teanga ina measc. Meastar go mbeidh gá lena chinntiú go mbeidh duine nó daoine le saineolas i réimse na pleanála teanga ar Bhord an Údaráis feasta.

Thart ar mhí a mhairfidh an próiseas comhairliúcháin.

Tá an Roinn ag brú ar aghaidh leis an bpróiseas comhairliúcháin cé nár éirigh leis an dá iarracht a rinne siad teacht ar chomhlacht chun athbhreithniú a dhéanamh ar struchtúr bhord an Údaráis.

Nuair nár léirigh aon dream spéis sa chéad phróiseas tairisceana a bhí acu, shocraigh an Roinn go ndéanfaidís féin an próiseas comhairliúcháin a reáchtáil agus go n-eagrófaí comórtas eile chun teacht ar chomhlacht neamhspleách chun anailís agus moltaí a dhéanamh ar thorthaí an phróisis sin.

Dé hAoine seo caite an sprioc a bhí ann don dara babhta tairisceana ar theip chomh maith air comhlacht a fháil.

Chuir Acht na Gaeltachta 2012 deireadh le toghchán phobal na Gaeltachta ach gealladh i gclár an rialtais go bhféachfaí ar an gceist arís.

Chuige sin lorg Roinn na Gaeltachta tairiscintí ó chomhairleoirí chun athbhreithniú a dhéanamh ar struchtúr an bhoird.

€144,000 a bhí á thairiscint do chomhlachtaí comhairleoireachta chun tabhairt faoin athbhreithniú atá geallta i gClár an Rialtais.

Tá brú á chur ag polaiteoirí ar Aire Stáit na Gaeltachta beart a dhéanamh i dtaobh thoghchán an Údaráis a thabhairt ar ais.

Dúirt an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív ar Raidió na Gaeltachta inné nach raibh aon bhac ar an aire cinneadh a dhéanamh é féin i dtaobh an scéil.

Meastar, áfach, gurb é an dearcadh atá ag an Aire Stáit go bhfuil sé sé tábhachtach go bhfaighfí tuairimí an phobail faoin scéal agus go ndéanfaí anailís neamhspleách ar na tuairimí sin.

Nuair a cuireadh deireadh le toghchán an Údaráis faoi Acht na Gaeltachta 2012 laghdaíodh líon na gcomhaltaí ar an mbord ó 20 go 12 comhalta. Is é Aire na Gaeltachta a cheapann seachtar comhaltaí, an cathaoirleach san áireamh, agus ainmníonn na comhairlí contae a bhfuil ceantar Gaeltachta ina ndlínse cúigear comhaltaí eile.

In agallamh le Tuairisc.ie roimh an olltoghchán deireanach, gheall ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin go dtabharfadh sé ar ais toghchán an Údaráis dá mbeadh sé ina Thaoiseach, ach níor tháinig an gealltanas sin slán sna comhráite maidir le bunú an chomhrialtais.

Gealladh sa Chlár Rialtais a d’aontaigh Fianna Fáil le Fine Gael agus an Comhaontas Glas go ndéanfaí athbhreithniú ar struchtúr rialachais an Údaráis agus ar an gcinneadh deireadh a chur leis an toghchán.

In agallamh a rinne Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers le Tuairisc.ie anuraidh dúirt sé gurb é “a thuairim phearsanta” go bhféadfadh an tÚdarás a bheith “níos gaire fós do na pobail Ghaeltachta a n-oibríonn sé dóibh”.

Bíodh is go bhfuil an t-athbhreithniú fós le déanamh ar struchtúr Bhord an Údaráis, tá leid tugtha ag an Aire Stáit gur meascán de thoghchán agus próiseas ainmniúcháin atá uaidh féin.

Dúirt sé go mbeadh sé “réasúnta” iarracht a dhéanamh “ionadaíocht phobail a neartú ag leibhéal an Bhoird”.

Dúirt Chambers go ndéanann an córas ainmniúcháin atá i bhfeidhm i láthair na huaire “é sin go pointe áirithe”, ach nach bhfuil an córas sin gan locht.

“Is dóigh liom gur féidir é a fheabhsú tuilleadh agus sílim go gcaithfimid gníomhú chun é sin a dhéanamh,” a dúirt na tAire Stáit anuraidh.

Fág freagra ar 'Tuairimí an phobail le lorg go luath faoi thoghchán Údarás na Gaeltachta'

  • Donncha Ó hEallaithe

    “Nuair a bheidh na haighneachtaí sin faighte ag an Roinn déanfar iad a aistriú go Béarla agus súil acu comhlacht comhairleoireachta a bheith ceaptha acu faoin tráth sin chun anailís neamhspleách a dhéanamh orthu.”

    Más sin an scéal nach fearr tuairimí faoin toghchán a chur ar fáil i mBéarla don Roinn, nuair nach bhfuil sé i gceist ag an Roinn comhairleoirí le Gaeilge a fhostú!

  • DAL

    Seafóid an rud uilig. Abair amach é – níl dóthain fir meánaosta ar theip orthu dul chun cinn a dhéanamh sa bpolaitíocht ar an mBord anois a d’fhéadfadh a bheith ag fáil costaisí agus ag déanamh “favours” dá gcairde.