‘Tabharfaimid ar ais toghcháin Údarás na Gaeltachta’ – Micheál Martin

Tabharfaidh Fianna Fáil ar ais toghchán Údarás na Gaeltachta má bhíonn siad i gcumhacht i ndiaidh olltoghchán na bliana seo chugainn, a deir ceannaire an pháirtí le Tuairisc.ie

‘Tabharfaimid ar ais toghcháin Údarás na Gaeltachta’ – Micheál Martin

Tá geallúint tugtha ag ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin go dtabharfaidh a pháirtí ar ais toghchán Údarás na Gaeltachta má bhíonn siad i gcumhacht i ndiaidh olltoghchán na bliana seo chugainn.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt ceannaire Fhianna Fáil go raibh sé féin agus a pháirtí “tiomanta go huile agus go hiomlán” do bhord tofa a bheith ag Údarás na Gaeltachta arís.

Cuireadh deireadh le toghchán an Údaráis faoi Acht na Gaeltachta 2012 agus laghdaíodh líon na gcomhaltaí ar an mbord ó 20 go 12 comhalta. Is é Aire na Gaeltachta a cheapann seachtar comhaltaí, an cathaoirleach san áireamh, agus ainmníonn na comhairlí contae a bhfuil ceantar Gaeltachta ina ndlínse cúigear comhaltaí eile.

Dar le ceannaire Fhianna Fáil gur bhotún mór a bhí ann fáil réidh leis na toghcháin.

“Go dtí 2012 bhíodh ionadaíocht chothrom agus dhaonlathach á déanamh ar phobail na Gaeltachta trí na toghcháin do bhord an Údaráis. Cheap Fine Gael gur cheart é seo a athrú agus fuair siad réidh le toghchán Údarás na Gaeltachta,” arsa Micheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil.

Dúirt Martin go raibh sé tráthúil go mbeifí ag caint ar na toghcháin a thabhairt ar ais in 2020.

“Tá sé 40 bliain anois ó bunaíodh Údarás na Gaeltachta agus ó bhí a gcéad chruinnithe acu. Tá sé tábhachtach go bhfuil ionadaíocht atá tofa ann,” arsa Martin le Tuairisc.ie.

Dúirt Micheál Martin go raibh polasaí “seasmhach” ag Fianna Fáil maidir le ceist an toghcháin Ghaeltachta. “Seo rud atá mé féin agus mo pháirtí tiomanta go huile agus go hiomlán é a chur i gcrích más i rialtas sinn,” a dúirt Martin.

Tá ráite ag Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne nár léir dó go bhfuil aon “cúis ann” go dtabharfaí ar ais toghchán an Údaráis agus go bhfuil an cur chuige atá anois ann ag teacht le treoirlínte an Rialtais maidir le ceapacháin ar bhoird Stáit.

Thug sé le fios chomh maith gur fearr a chinntíonn an córas atá anois ann go mbíonn daoine ar an mbord a mbíonn na cáilíochtaí acu “a aithnítear a bheith tábhachtach sa lá atá inniu ann chun a bheith mar chomhalta ar bhord Stáit ar nós Údarás na Gaeltachta”.

B’ionann chomh maith, a dúirt an tAire Stáit, líon na gcomhaltaí ar an mbord agus an líon comhaltaí “a mholtar de réir taighde idirnáisiúnta” a bheith ar bhord “den chineál atá i gceist le hÚdarás na Gaeltachta”.

Fág freagra ar '‘Tabharfaimid ar ais toghcháin Údarás na Gaeltachta’ – Micheál Martin'

  • Liam

    Is féir an toghchán a reachtáil an lá céanna le cinn na gComhairlí Condae – is fiú triall amháin eile a thabhairt don próiseas daonlathais Gaeltachta. Deineann an tÚdarás obair bhrea agus ardaíonn toghchán an próifíl.