ISBN-13: 9781954119246
128 lch
80 Grianghraf
Toisí: 9.5 x 9.5 n-orlaí
Tá fear i mBaile Mheadhain na hAlban (Menie) agus thug Donald Trump cró muc ar a theach cónaithe. “Bíodh sé ina chró,” arsa Mike Forbes, “ach is é mo chrósa é!” Tá na dumhcha loite aige, tá gach aon ní loite aige, a deir Forbes.
Is cuimhin leis an ngrianghrafadóir Alicia Bruce a bheith ag spraoi ar dhumhcha Bhaile Mheadhain ach le sé bliana déag anuas tá slad déanta ag Trump agus, ar ndóigh, na húdaráis áitiúla ag comhoibriú leis. Is é an t-ordú ceannach éigeantach an t-arm is mó in armlón na n-údarás agus na Seoiníní, ar luachmhaire leo an teacht isteach ó ghalfairí ná leas an phobail.
Trump? Píce sa tóin a theastódh uaidh! An meabhródh sé pictiúr cáiliúil duit?

Tragóid na Meiriceánach Dúchasach
Grianghraif le Roswell Angier agus ealaín le Susan Hawley
Iarfhocal le Ramona Emerson.
The MIT Press, a d’fhoilsigh, 2023.
208 lch
I New Mexico atá Gallup agus is deacair eolas a chur ar an áit agus aithne mhaith a chur ar na daoine ann. Baineann sé sin le go leor pobal coilínithe. Thugas féin faoi deara, babhtaí, in Éirinn é: casadh daoine dúnárasacha orm nach raibh sásta faic a rá mar gheall orthu féin ná faoina n-áit chónaithe.
Leabhar neamhghnách é seo, grianghraif le Roswell Angier agus uiscedhathanna lena bhean chéile Susan Hawley chomh maith le sleachta as cín lae na beirte acu sna 1970idí déanacha agus sna luath-1980idí. Is leabhar é a chíorann gnéithe d’fhéiniúlacht na Meir-Indiach, na Navajo ach go háirithe, agus a bhfuil i ndán dóibh.
Cailleadh Angier i mbliana. In agallamh leis, dúirt sé gurbh iad na daoine is mó a chuaigh i bhfeidhm air ná na filí William Carlos Williams agus Charles Baudelaire.
Fág freagra ar 'Trump? Píce sa tóin a theastódh uaidh! '