Triúr san iomaíocht don toghchán uachtaránachta, an sprioc caillte ag Steen

Seo an líon is lú iarrthóirí i dtoghchán uachtaránachta ó 1990 nuair a d’éirigh le hiarrthóir Pháirtí an Lucht Oibre Mary Robinson

Triúr san iomaíocht don toghchán uachtaránachta, an sprioc caillte ag Steen

Triúr a bheidh san iomaíocht i dtoghchán uachtaránachta na hÉireann agus an sprioc d’ainmniúcháin caite – an t-iarrthóir neamhspleách Catherine Connolly, iarrthóir Fhianna Fáil Jim Gavin agus Heather Humphreys atá ag seasamh d’Fhine Gael.

Seo an líon is lú iarrthóirí i dtoghchán uachtaránachta ó 1990 nuair a d’éirigh le hiarrthóir Pháirtí an Lucht Oibre Mary Robinson an ceann is fearr a fháil ar Brian Lenihan Fhianna Fáil agus Austin Currie Fhine Gael.

Agus gan ach mí fágtha go dtí toghchán na bliana seo chonacthas na chéad phóstaeir á gcrochadh ar maidin don triúr iarrthóirí.

Níor éirigh sa deireadh le feachtas Maria Steen a hainm a chur ar an bpáipéar ballóide.

Maria Steen (ar dheis) ag labhairt leis na meáin. Pic: Leah Farrell/RollingNews.ie

Scór ainmniúchán ó bhaill an Oireachtais a theastaigh roimh mheán lae inniu ón abhcóide a sheasann ar son luachanna sóisialta coimeádacha, ach níor éirigh léi ach 18 a fháil.

Bhí tacaíocht ag Steen ó Aontú, Independent Ireland agus roinnt neamhspleách eile, cuid acu a dúirt nach mbeidís ag vótáil di ach go raibh sé tábhachtach go mbeadh sí ar an mballóid.

Dé hAoine an 24 Deireadh Fómhair a bheidh an toghchán ar siúl agus Dé Máirt an 7 Deireadh Fómhair an sprioc le clárú chun vóta a chaitheamh. Dé Luain seo chugainn, an 29 Meán Fómhair, an sprioc do vótaí poist agus do dhaoine a bhfuil socruithe vótála speisialta eile acu.

Ag labhairt dó ar Morning Ireland ar RTÉ ar maidin, dúirt ceannasaí An Choimisiúin Toghcháin, Art O’Leary, go raibh an-chuid daoine ann nach raibh cláraithe go fóill chun vóta a chaitheamh.

D’achainigh sé ar dhaoine óga go háirithe clárú in am don toghchán.

Fág freagra ar 'Triúr san iomaíocht don toghchán uachtaránachta, an sprioc caillte ag Steen'

  • Dr Liam P. Ó Murchú

    Ní raibh aon bhaol ann, dar ndóigh, go bhféadfadh Maria Stein toghchán na hUachtarántachta a bhuachan, ach níor theastaigh ón bPáirtí Coimeádach (i. e. Fianna Fáil + Fine Gael) go mbeadh sí sna díospóireachtaí mar go ndéanfadh sí file caoch dá n-iarrathóirí laga féin iontu. Dheineadar a seacht ndícheall chun ná raghadh a hainm ar an bpáipéar ballóide agus d’éirigh leo. Ní raibh an rud a dheineadar neamhdhaonlathach ná frithdhaonlathach, bhí sé de réir na rialacha. Ach ba chothú agus neartú ar phlanda an daonlathais in Éirinn dá mb’fhéidir í a ainmniú ina hiarrathóir. Beart leithleiseach ab ea beart na bpolaiteoirí a bhlocáil Maria Stein.

    Liam P. Ó Murchu.