Triúr á gceistiú ag na Gardaí faoi ionsaí Kevin Lunney

Tá beirt fhear agus bean á gceistiú ag Gardaí sa Chabhán, i Muineachán agus i gcontae na Mí 

Triúr á gceistiú ag na Gardaí faoi ionsaí Kevin Lunney

Tá beirt fhear agus bean amháin gafa ag na Gardaí mar chuid den fhiosrúchán faoi fhuadach agus chéasadh Kevin Lunney, duine de stiúrthóirí Quinn Industrial Holdings. 

Tá duine de na fir sna fichidí agus an duine eile os cionn an dá scór. Tá an bhean sna caogaidí. 

Tá siad á gceistiú i stáisiúin i gCabhán, i Muineachán agus i gCeannanas Mór, contae na Mí, faoi alt 30 den Acht um Chionta in Aghaidh an Stáit, 1939.

Chuardaigh na Gardaí roinnt láithreacha sa Chabhán, sa Longfort agus i mBaile Átha Cliath mar chuid den fhiosrúchán céanna. 

Tá comhfhoireann bunaithe ag na Gardaí agus ag an PSNI le dul i ngleic leis na hionsaithe, bagairtí báis agus imeaglú atá ar bun le tamall anuas in aghaidh stiúrthóirí Quinn Industrial Holdings. 

Cuireadh drochbhail ar Kevin Lunney, 50, atá ar dhuine de stiúrthóirí Quinn Industrial Holdings nuair a fuadaíodh agus nuair a ionsaíodh go brúidiúil é agus é ag filleadh óna chuid oibre i Doire Loinn, contae Fhear Manach ar an 17 Meán Fómhair. 

Briseadh a chos, gearradh le scian é agus doirteadh ábhar tuartha air sular fágadh ar thaobh an bhóthair é faoin tuath i gcontae an Chabháin.  

Bhásaigh Cyril McGuinness, an té mó a raibh amhras faoi maidir le fuadach Kevin Lunney  le linn do phóilíní Derbyshire a bheith ag cuardach a thí i Sasana. 

Fág freagra ar 'Triúr á gceistiú ag na Gardaí faoi ionsaí Kevin Lunney'