Trí seachtaine ó shin a thosaigh an chaint ar Shantaí Rúnda

Cheap na gasúir go mba mhaith an smaoineamh é dá ndéanfadh muid Santaí Rúnda sa mbaile freisin

Trí seachtaine ó shin a thosaigh an chaint ar Shantaí Rúnda

‘Daidí an bhfuair tú an Santaí Rúnda fós?’ a d’fhiafraigh an Cailín Mór Beag  d’Fhear an Tí agus é ar a bhealach isteach an doras ón obair.

‘Heileo Daidí? Ar chuimhnigh tú air sin?’ a d’fhiafraigh sé di.

‘Níl an Nollaig ann fós bíodh a fhios agat!’

‘Ó sea,’ a deir sí, ‘heileo Daidí, an raibh lá deas agat?’ a d’fhiafraigh sí dhe go béasach.

‘Bhí, go raibh maith agat,’ a d’fhreagair sé, ‘agus cén chaoi a raibh do lá fhéin?’ a d’fhiafraigh sé di.

‘Go maith,’ a deir sí, ‘réitigh mé mo bhronntanas le haghaidh Santaí rúnda, an bhfuair tú fhéin deis é a réiteach inniu?’ a d’fhiafraigh sí dhe agus í ag filleadh ar an gceist a bhí ag dó na geirbe aici ó mhaidin.

Tá na bronntanais ó Shantaí Rúnda cumhdaithe agus fágtha ar an bprios in aice leis an teilí agus iad ag fanacht ar an gceann deireanach.

Milseáin an príomhiarratas atá déanta ar na Santaithe rúnda, cé nach léir dom aon ghanntanas milseán a bheith ar éinne ó Oíche Shamhna agus, níl mé ag magadh, stoc na Samhna fós ag imeacht thart ag na púcaí beaga. Ba mhaith an brabach é ar thráthnóna oibre.

Trí seachtaine ó shin a thosaigh an chaint ar Shantaí Rúnda. Déanann siad sa scoil é agus baineann siad go leor cainte agus spraoi as. Cuirtear ainm chuile dhuine isteach sa hata agus tarraingíonn chuile dhuine ainm go rúnda agus ceannaíonn siad bronntanas beag don duine a fhaigheann siad sa tarraingt.

Cheap na gasúir go mba mhaith an smaoineamh é dá ndéanfadh muid ceann sa mbaile freisin. Ghéill muid ar deireadh théis go leor achainí agus iarratas a fháil agus chuir muid teorainn €3.50 leis. Tá an caoga cent sa mbreis ann ar fhaitíos na bhfaitíos, socraíodh air sin i ndiaidh cuid mhaith díospóireachta. Socraíodh nár leor an €3 agus go mbeadh €4 ag dul thar fóir leis an scéal (b’in m’iarracht líon na milseán a laghdú).

Ní fhéadfaidh mé mórán a rá leo agus gan aon údarás morálta agam. Tráthnóna aoibhinn amháin is mé ocht nó naoi mbliana d’aois, chruinnigh mé féin agus mo chol ceathrar trí phunt, pé ar bith cén chaoi a ndearna muid é, agus shocraigh muid 300 black jack a cheannacht (milseáin phingine ainíse) ar an airgead.

Fuair muid spota deas thuas ar chloch mhór sa ngarraí ar chúl an tí is chaith muid tráthnóna deas dúinn féin á gcogaint is ag caint ar chúrsaí an tsaoil.

‘Cé atá agatsa sa Santaí Rúnda, Mamaí?’ a d’fhiafraigh an Babaí díom trí chéad uair ó rinne muid an tarraingt. ‘Nach Santaí rúnda atá ann!’ a dúirt mé. ‘Níl cead agam aon rud a rá!’

‘Sea, ach tá mé a cheapadh go bhfuil mise agatsa Mamaí.’

‘B’fhéidir é,’ a dúirt mé, ‘níl mé ag rá tada.’

‘Tá mé agat mar sin, tá’s agam go bhfuil!’ a deir sé agus é sásta go maith mar go bhfuil tuairim éigin aige go bhfuil mise bog.

Caithfidh mé feachtas poiblíochta a chur ina chéile le m’íomhá a athrú sula i bhfad, sula mbeidh siad ina ndéagóirí ar aon chaoi. B’fhearr liom go mbeadh cáil orm a bheith dian, ach féaráilte, nó beagáinín teasaí.

Séard a chuala mé á rá acu an lá cheana nuair a cheap siad nach raibh mise ag éisteacht leo, ‘ní fiú duit bacadh le Daidí, má deir sé ‘no’ ní athróidh sé é. B’fhéidir go mbeadh seans éigin agat le Mamaí.’

Níl aon mhaith ansin. B’fhearr liom go mbeadh blas na contúirte ag baint le m’íomhá, gráinnín Charlize Theron i Mad Max, go ndéarfaidís rudaí ar nós, ‘fainic thú féin ar Mhamaí, ní bheadh a fhios agat céard a dhéanfadh sí’.

Ag guí Nollaig mhaith oraibh ar fad, tá súil agam go mbeidh Santaí go maith daoibh!

Fág freagra ar 'Trí seachtaine ó shin a thosaigh an chaint ar Shantaí Rúnda'

  • Niall Gòrdan (Niall na Naoi bPionta)

    Maith thú as ucht a scríobhann tú ar fud na bliana a Bhríd :-) 7 beannachtaí na Nollag duit féin 7 dod chuid :-)