A thrí oiread Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí ag brath ar chóiríocht shealadach

29% den 187 Gaelscoil agus Gaelcholáiste sa Stát ag brath ar chóiríocht shealadach, i gcomparáid le 11.5% de scoileanna eile na tíre

RollingNews.ie
RollingNews.ie

Tá nach mór a thrí oiread Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí ag brath ar chóiríocht shealadach ná mar atá i gcás scoileanna eile na tíre.

De réir anailíse atá déanta ag Tuairisc.ie ar fhigiúirí nua ón Roinn Oideachais, tá 29% den 187 Gaelscoil agus Gaelcholáiste sa Stát ag brath ar chóiríocht shealadach, i gcomparáid le 11.5% de scoileanna eile na tíre.

Is Gaelscoileanna nó Gaelcholáistí iad 4.6% den 4,009 scoil sa Stát.

468 scoil ar fad atá ag brath ar chóiríocht shealadach agus is Gaelscoil nó Gaelcholáiste 54 de na scoileanna sin.

Dúirt urlabhraí ón eagraíocht Gaelscoileanna Teo le Tuairisc.ie gur cheart tabhairt faoi chóiríocht bhuan a chur ar fáil láithreach do na scoileanna Gaeilge a bhfuil a leithéid ag teastáil dóibh agus gur cheart tosú láithreach ar scoileanna nua Gaeilge a thógáil chomh maith.

Dúirt an t-urlabhraí, áfach, gur údar dóchais don eagraíocht líon na scoileanna Gaeilge a luadh i bplean caipitil na Roinne Oideachais a foilsíodh ag deireadh na bliana seo caite.

Tá méadú tagtha le cúig bliana anuas ar an maoiniú caipitil atá curtha ar fáil ag an Roinn Oideachais do Ghaelscoileanna.

€23.6 milliún a cuireadh ar fáil do Ghaelscoileanna i 2011 agus €33.6 milliún a cuireadh ar fáil do bhunscoileanna Gaeilge i 2015.

Fág freagra ar 'A thrí oiread Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí ag brath ar chóiríocht shealadach'

  • Aonghus Ó hAlmhain (@aonghusoha)

    Cén sciar de scoileanna a bunaíodh le 30 bliain anuas iad Gaelscoileanna?

  • Lucilita Nic Giolla Chomhaill

    Tá’n sceal seo ró choitianta sna Gaelscoileanna. Bunaíodh Gaelscoil Phádraig i mBaile Breac, co. B.Á.C sa bhliain 1995. Ceannaíodh scoil buan dóibh sa bhliain 2005 nuair a bhí m’iníon sna N. Mhóra. Bhí scoil eile le bogadh isteach go sealdach agus Gaelscoil Phádraig le bheith ar an suíomh buan ó 2008. Anois támar sa bhliain 2006, tá m’iníon i mbliain a chúig sa mhean scoil agus FÓS tá’n scoil sna foirgneamh reamh deanta agus níl aon deifear ar an Roinn iad a bhogadh go dtí an suíomh buan!!!!