Trí lá eile den teaspach geallta agus seans ar theocht níos airde ná 30 céim Celsius

Tá rabhadh buí teochta eisithe don tír go léir don chúpla lá seo chugainn agus é á thuar go bhféadfadh an teocht a bheith níos airde ná 30 céim Celsius

Trí lá eile den teaspach geallta agus seans ar theocht níos airde ná 30 céim Celsius

An ghrian ag scalladh ar Inis Oírr inné. Pictiúr: SÓC/Tuairisc

Lá gréine an-te a bheidh inniu ann agus an teocht idir 25-30 céim Celsius, nó fiú sna tríochaidí luath in áiteanna isteach ón gcósta i gcúige Mumhan agus i gcúige Laighean. Ní bheidh sé chomh te céanna cois cósta agus leis an tráthnóna beidh leoithne farraige againn arís.

Tá rabhadh buí teochta eisithe don tír go léir don chúpla lá seo chugainn. Beidh an stádas buí i bhfeidhm go dtí 6am Dé Domhnaigh.

Táthar ag tathant ar dhaoine a bheith an-chúramach sa bhrothall atá geallta sna laethanta amach romhainn.

Moltar do dhaoine aire a thabhairt do dhaoine eile go háirithe iad siúd go bhféadfadh an ghrian cur isteach go mór orthu, daoine atá amach sna blianta, páistí óga agus leanaí beaga.

Oíche thirim ghlan a bheidh againn anocht agus gan aon chaint go mbeidh sé níos fionnuaire ná idir 13 agus 17 céim. D’fhéadfadh paistí ceo a bheith ann sa ghealghaoth.

Teas agus grian atá á ghealladh arís don Satharn agus leoithne bhog ag séideadh soir ó thuaidh.

Idir 26-30 céim a bheidh an teocht amárach, agus d’fhéadfadh sé a bheith níos airde ná sin fiú in áiteanna isteach ón gcósta. Beidh oíche amárach, idir idir 15 agus 18 céim Celsius. Óiche gheal a bheidh ann den chuid is mó ach ábhairín scamallach agus leoithne bhog ann in áiteanna.

Lá te eile atá á ghealladh don Domhnach ach gur mó seans atá ann go bhfeicfí báisteach tráthnóna, b’fhéidir ceathanna troma in áiteanna. Gaoth bhog anoir atá á tuar agus an teocht idir 25-29 céim. Oíche mheirbh a bheidh ann Dé Domhnaigh agus seans ann go mbeidh ceathanna in áiteanna.

Ceaptar go maolóidh an teocht ón Luan agus sna fichidí luatha a bheidh an teocht.

Lagbhrú atá á thuar luath an tseachtain seo chugainn agus mar is dual dó tabharfaidh sé chugainn na ceathanna. Beidh idir gaoth éadrom agus gaoth mheasartha aniar aduaidh ann agus baol toirní in áiteanna.

Meastar go mbeidh an ghnáth-theocht don tráth seo bliana ar ais againn Dé Máirt agus a thuilleadh ceathanna á ngealladh.

Beifear ábalta tonn teasa a ghairm go hoifigiúil i gcuid den tír sara fada. 

Is é an sainmhíniú a bhíonn ag lucht na haimsire sa tír seo ar thonn teasa nuair a bhíonn teocht an aeir in áit atá sa scáth os cionn 25˚ C cúig lá as a chéile agus an tomhas déanta san áit chéanna.

Fág freagra ar 'Trí lá eile den teaspach geallta agus seans ar theocht níos airde ná 30 céim Celsius'

  • Dónall

    Go dtuga Dia seachtain nó dhó eile di dúinn.
    🌞🙏🌞