Fainic curtha ar dhaoine a bheith ‘an-chúramach’ sa bhrothall

Mhol an Príomhoifigeach Leighis eatramhach do dhaoine aire a thabhairt do dhaoine eile, go háirithe iad siúd go bhféadfadh an ghrian cur isteach go mór orthu

Fainic curtha ar dhaoine a bheith ‘an-chúramach’ sa bhrothall

Tá an Príomhoifigeach Leighis eatramhach, Breda Smyth, ag tathant ar dhaoine a bheith an-chúramach sa bhrothall atá geallta sna laethanta amach romhainn.

Mhol sí do dhaoine aire a thabhairt do dhaoine eile go háirithe iad siúd go bhféadfadh an ghrian cur isteach go mór orthu, daoine atá amach sna blianta, páistí óga agus leanaí beaga.

Mhol sí a bheith tuisceanach faoin ngrian agus ualach uachtar gréine a chur ort féin go minic, fachtóir 30+ do dhaoine fásta agus 50+ do pháistí.

Ba chóir a mhol sí gan tréimhsí fada a chaitheamh san áit a mbíonn an ghrian ag soilsiú go díreach, go háirithe idir 11am agus 3pm nuair is láidre don solas UV.

Moltar éadaí éadroma a bhfuil déanamh scaoilte orthu a chaitheamh chomh maith le spéaclaí gréine agus hata. Ba chóir dóthain uisce a ól chomh maith – dhá lítear gach 24 uair an chloig i gcás an duine fhásta.

Ní foláir chomh maith, a dúradh, a bheith ar an eolas faoin tnáitheadh ón teas agus faoin stróc teasa.

De ghnáth ní baol rómhór duit an tnáitheadh teasa má éiríonn leat tú féin a fhuarú taobh istigh de leathuair an chloig. Is iad na comharthaí a bhaineann leis an tnáitheadh teasa ná tinneas cinn, meadhrán agus mearbhall, goile laghdaithe, breoiteacht, análú nó cuisle tapa, tart mór agus teocht 38C nó níos airde.

Mura dtéitear i ngleic leis an tnáitheadh teasa d’fhéadfadh go bhfaigheadh duine stróc teasa. Tarlaíonn sin nuair nach féidir leis an gcorp é féin a fhuarú agus cás éigeandála atá i gceist leis an stróc teasa.

Mura mbíonn tú ar fónamh nó má tá na comharthaí sin ort féin nó ar pháiste atá faoi do chúram, moltar duit bogadh láithreach go dtí áit éigin fionnuar, do scíth a ligin agus uisce a ól. Más gá ba chóir comhairle leighis a lorg, a deirtear.

Moltar slite éagsúla chun tú féin a choimeád fionnuar – beagán uisce a chur ar an gcraiceann, an teas agus na soilse a mhúchadh agus na fuinneoga a oscailt.

Dúradh gur gá a bheith cúramach faoi scaipeadh Covid-19 agus chuige sin gur cheart a chinntiú gur aer úr atá in úsáid sa chóras aerchóirithe.  Ba chóir a bheith cúramach chomh maith leis an bhfean leictreach mar d’fhéadfadh nach mbeadh a leithéid sábháilte nuair atá an teocht an-ard nó nuair atá duine atá buailte ag an Covid-19 sa timpeall.

Tá comhairle ann chomh maith don té atá ag dul ag snámh. Níor cheart riamh dul ag snámh i d’aonar, a deirtear. Ba cheart súil a choimeád ar na páistí i gcónaí. Níor cheart fanacht rófhada san uisce agus ba chóir snámh gar don chladach agus comhthreomhar leis. Níor cheart a deirtear snámh i ndiaidh rudaí atá ag imeacht le sruth agus ba cheart a bheith ar d’fhaichill maidir le sruthanna agus contúirtí ceilte eile.

Lá gréine an-te an-tirim atá inniu ann agus tréimhse bhrothaill i ndán don chuid eile don tseachtain.

Idir 23-27 céim Celsius a bheidh an teocht is airde inniu agus d’fhéadfadh go mbeidh sí chomh hard le 29 céim amárach Déardaoin. Cúige Mumhan agus Cúige Laighean na háiteanna is teo a bheidh agus beidh stádas buí aimsire i bhfeidhm sa dá chúige sin ó mheán lae amárach go dtí 6am Dé Domhnaigh.

Fág freagra ar 'Fainic curtha ar dhaoine a bheith ‘an-chúramach’ sa bhrothall'

  • Antóin

    Moltaí ciallmhara maidir le togha an aireachais a thabhairt do páistí óga, do sheandaoine agus do leanaí. Moltaí ciallmhara maidir le daoine atá ag dul isteach san uisce.

    Agus ansin ar eagla go rachadh sé i ndearmad agus i ndíchuimhne, seo chugainn arís Covid-19. Ar fhaitíos go mbeadh an chosmhuintir ag baint sult as an aimsir. Ach an ceangal idir fean leictreach agus Covid. Sin ceann nua!

    Caithfidh go bhfuil scríbhneoirí ‘Ar son na Cúise’ ag déanamh ragoibre.