Trealamh a dhéanfar i nGaeltacht Chonamara le seoladh chuig an spás

Tá conradh sínithe ag ÉireComposites in Indreabhán chun páirteanna a dhéanamh do shatailít de chuid Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa

Trealamh a dhéanfar i nGaeltacht Chonamara le seoladh chuig an spás

Tá trealamh a dhéanfar i nGaeltacht Chonamara le lainseáil sa spás mar chuid de mhisean chun teacht ar thuiscint níos fearr ar an athrú aeráide.

Tá conradh sínithe ag ÉireComposites, atá lonnaithe in Indreabhán i gConamara, chun páirteanna a dhéanamh do shatailít de chuid Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa.

Le OIP Sensor Systems, comhlacht as an mBeilg, a shínigh an comhlacht Gaeltachta an conradh chun sciatha a dhearadh agus a dhéanamh don tsatailít Altius. 

Seolfar Altius chun an spáis as Guáin na Fraince roimh dheireadh 2023.

Ceanglófar na sciatha a dhéanfar in Indreabhán le taobh na satailíte chun a cuid lionsaí a chosaint ó sholas strae.

An sciath seo an píosa trealaimh infheidhme is mó a rinneadh in Éirinn riamh le seoladh sa spás agus an chéad pháirt a bheidh taobh amuigh de shatailít.    

Is é is aidhm le misean spáis Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa ná ózón an strataisféir a dhianscrúdú le tuiscint níos fearr a fháil ar an tionchar a bhíonn ag an ardú ar gháis ceaptha teasa ar an atmaisféar.

Dúirt Tomás Flanagan, Príomhfheidhmeannach ÉireComposites go raibh togra na satailíte Altius “ina chloch mhíle shuntasach” maidir le scéal na hÉireann agus na spástaiscéalaíochta.  

“Is éacht iontach é seo don chomhlacht agus tá súil agam go mbeidh muid ag déanamh tuilleadh páirteanna don iomaí misean spástaiscéalaíochta amach anseo,” arsa Príomhfheidhmeannach ÉireComposites.

Cliantchomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta é ÉireComposites, agus chuir an eagraíocht fiontraíochta agus pleanála teanga an-fháilte roimh an scéal.

Dúirt Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Bhord Údarás na Gaeltachta gur léiriú  é “ar fhís nuálaíochta an chomhlachta” agus ar chaighdeán gcuid oibre. 

“Ina theannta sin, is vóta muiníne é i saineolas agus in obair na foirne i gcomhlacht atá i dtús cadhnaíochta san earnáil seo go hidirnáisiúnta,” arsa Anna Ní Ghallachair.

Dúirt Stiúrthóir Fiontraíochta, Fostaíochta agus Innealtóireachta Údarás na Gaeltachta, Mark de Faoite go raibh “éacht” déanta ag foireann ÉireComposites. 

“Tá muid thar a bheith mórtasach as a bheith ag tacú leis an gcomhlacht seo atá ag cur le forbairt eacnamaíochta an réigiúin le poist ar ardchaighdeán i gceantar Gaeltachta.  Léiriú é an togra seo le OIP agus Gníomhaireacht Spáis na hEorpa ar thallann na foirne sa gcomhlacht…  Tá ríméad orainn go mbeidh trealamh déanta sa nGaeltacht ag dul chuig an spás.”

Tá Éirecomposites lonnaithe ar Pháirc Ghnó Choill Rua in Indreabhán ón mbliain 2002 agus tá os cionn 60 duine fostaithe ann.  

Fág freagra ar 'Trealamh a dhéanfar i nGaeltacht Chonamara le seoladh chuig an spás'

  • Pádhraic Ó Ciardha

    Tháinig an tuar faoin tairngreacht ! Bhíodh dán ag Na Gibstirí (cuid de Chumann Éigse ague Seanchais Chois Fharraige) agus muide inár ngasúir. Ba mhór an t-iontas Sputnik na Rúiseach ag an am. Craoladh an dán seo ar Radio Éireann tuairim 1962, cheapfainn. Seo an véarsa fáistineach:

    “Déanfaidh mé “rocket” as teainceanna teara,
    Feicfear i nGaillimh mé is thart ar Áth Cinn.
    Déanfaidh mé “forty” ‘dul timpeall na gealaí,
    Is ó chasfar an bealach mé, feicfidh mé Dia.”

    An cuimhneach libh aon véarsa eile ?