Tráchtaireacht Mhichíl Uí Mhuircheartaigh á húsáid chun cuimhní geala a spreagadh i ndaoine a bhfuil néaltrú orthu

Tá tráchtaireacht Mhichíl Uí Mhuircheartaigh ar chluichí ceannais peile agus iomána na hÉireann bailithe le chéile ar shuíomh nua

Tráchtaireacht Mhichíl Uí Mhuircheartaigh á húsáid chun cuimhní geala a spreagadh i ndaoine a bhfuil néaltrú orthu

Tá glór an chraoltóra Micheál Ó Muircheartaigh á úsáid chun tacú le daoine a bhfuil néaltrú orthu.

Tá cuimhní geala ar thráchtaireacht Uí Mhuircheartaigh, a d’imigh ar shlí na fírinne in 2024, ar chluichí peile agus iomána thar na blianta agus tá cuid de na craoltaí sin anois bailithe le chéile mar chuid de chomhthogra idir Cumann Lúthchleas Gael. Cartlanna RTÉ agus Cumann Alzheimer na hÉireann.

Bhí tráchtaireacht an chraoltóra mar fhuaimrian an tsamhraidh ag daoine fud fad na tíre agus iad spreagtha ag na scéalta agus na nathanna cainte a bhí aige. Tá súil anois go spreagfaidh agus go ndúiseoidh glór aitheanta an Chiarraígh agus a chur síos ar chluichí móra cuimhní i ndaoine a bhfuil néaltrú orthu.

Ar shuíomh nua, ‘The Replay’, is féidir teacht ar thráchtaireacht Uí Mhuircheartaigh ar gach cluiche ceannais peile agus iomána na hÉireann idir 1985 agus 2010 agus súil ann cur leis na craoltaí de réir a chéile. Is féidir an chartlann a chuardach de réir dáta nó de réir contae chun teacht ar na cluichí go héasca.

Tá súil ann go mbeidh cúramóirí agus teaghlaigh in ann an suíomh a úsáid chun cabhrú leo siúd a bhfuil néaltrú orthu.

Tá lántacaíocht tugtha ag clann Uí Mhuircheartaigh don togra. Agus é ag labhairt ar An Saol ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt mac Mhichíl, Éamonn, go raibh trácht cloiste cheana aige faoin úsáid a bhaintear as an gceol sa ‘teiripe athchuimhne’, mar a thugtar uirthi, agus gur mheas sé gur smaoineamh iontach a bhí ann nuair a luadh leis go bhféadfaí tráchtaireacht a athar a úsáid ar an gcaoi chéanna.

“Is slí iontach é chun smaoineamh arís ar dhaid. Beidh sé fós beo amuigh ansin timpeall na tíre,” a dúirt Éamonn Ó Muircheartaigh. “Beidh muid féin in ann éisteacht leis arís. De ghnáth nuair a bhímse ag rothaíocht, bím ag éisteacht le podchraoladh éigin ach beidh mé in ann éisteacht le daid anois agus mé ag rothaíocht.”

Tá 64,000 duine in Éirinn a bhfuil néaltrú orthu agus dúirt príomhfheidhmeannach Chumann Alzheimer na hÉireann, Andy Heffernan, go bhféadfadh an togra cabhrú le go leor daoine.

Go leor daoine a bhfuil an néaltrú orthu, a dúirt sé, d’fhéadfadh glór Mhichíl Uí Mhuircheartaigh an glas a bhaint dá gcuimhní ar na cluichí móra a mbíodh siad ag breathnú orthu lena muintir Domhnaigh breátha samhraidh, agus an spórt agus an mórtas a bhain leis na cluichí á mbíogadh.

“Is é atá i gceist le ‘The Replay’ teacht i dtír ar an gceangal sin. Sonas is comhrá bríomhar is bonn le ‘The Replay’ agus bealach é le meabhrú do theaghlaigh go mbíonn na mothúcháin agus an ceangal sin fós beo fiú nuair a bhíonn scaipeadh ar an gcuimhne.

“Údar bróid dúinn a bheith bainteach leis an togra seo a nascann an cultúr, an spórt agus an eolaíocht ar bhealach tuisceanach,” arsa Andy Heffernan.

Chaith Micheál Ó Muircheartaigh, arbh as Dún Síon i gCorca Dhuibhne dó, breis is trí scór bliain i mbun tráchtaireachta do RTÉ, idir 1949 agus 2010.

Fág freagra ar 'Tráchtaireacht Mhichíl Uí Mhuircheartaigh á húsáid chun cuimhní geala a spreagadh i ndaoine a bhfuil néaltrú orthu'