Tóraíocht mhall leadránach fheallmharfóir Lincoln

Tá an mhionsraith ‘Manhunt’ ró-ata ach tá taispeántas breá ón bhFeirsteach Anthony Boyle

Tóraíocht mhall leadránach fheallmharfóir Lincoln

Ba scannán ar leith é Lincoln (2012); saothar tathagach, toirtiúil ón gceardaí Steven Spielberg. Ghnóthaigh sé dhá dhuais Oscar, ceann do thaispeántas iontach Daniel Day-Lewis sa phríomhról. Is saothar leantach í an mhionsraith Manhunt (Apple TV+) ar shlí, agus ar shlí eile ní hea. Níl éınne ón gcéad saothar úd páirteach anseo agus níl meitheal an tsaothair úir ag maíomh aon nasc lena réamhtheachtaí. Ar ábhar eile, áfach, tá nasc nádúrtha sna scéalta. Chríochnaigh saothar Spielberg le feallmharú Lincoln, tosnaíonn an saothar seo leis an bhfeallmharú. Dírítear ansan ar thóraíocht John Wilkes Booth (Anthony Boyle).

Ach oiread le saothair theilifíse eile na laethanta seo ceann de phríomhlaigeachtaí an tsaothair seo ná go bhfuil sé ata amach. Tá an mhionsraith seo bunaithe ar an an leabhar  Manhunt: The 12-Day Chase for Lincoln’s Killer.

Tá seacht ngála againn san áit go ndéanfadh saothar dhá uair an chloig an cúram. Ar mhaithe le beagán teannais a chothú déantar amlíne bhriste a thabhairt dúinn. Tosnaímid amach ar lá an fheallmharaithe, bímid 30 nóiméad roimh an eachtra, 10 nóiméad roimh an eachtra, ansin 10 lá, ansin 5 lá agus mar sin de. Cuireann an léimt gan ghá seo mearbhall ort agus ní chuireann sé leis an saothar ar aon tslí. Bogann an saothar ar aghaidh rómhall agus téann cúrsaí chun leadráin go minic. B’fhéidir go gcabhródh sé dá mbeadh an amlíne fágtha díreach agus go gcaithfí níos mó ama sa tréimhse roimh an bhfeallmharú leis an gcomhthéacs a léiriú go cuimsitheach dúinn.

Níl an saothar seo gan a mhaitheasaí, áfach. Déantar an tréimhse a shamhlú go paiteanta dúinn; ós na cultacha go dtí na seiteanna. Lena chois sin déantar cúrsaí polaitíochta na tréimhse a chíoradh go críochnúil, sollúnta.

Sé Edward Stanton (Tobias Menzies) ceann feadhna an tsaothair seo. Ba é an Rúnaí Cogaidh ag Lincoln mar aon le bheith mar dhlúthchara aige agus ba é a bhí ar thosach cadhnaíochta sa tóraíocht dhá lá dhéag ar Booth. Tá eachtraíocht de shaghas ag baint leis an tóraíocht sin cé go bhfuil a fhios againn cá bhfuil ár dtriall. Déanann Menzies a chúram go slachtmhar, mar is dual dó. Tá Hamish Linklater cuibheasach gan a bheith maíteach mar Lincoln. Snámh in aghaidh easa é a bheith ag iarraidh lorg Day-Lewis a leanúint.

Tugann Anthony Boyle Bhéal Feirste taispeántas iontach mar Wilkes Booth. Fear a bhí gafa le mianta na Cónaidhme. Lena chois sin bhí sé gafa leis an mian a bheith cáiliúil agus an tuiscint aige go raibh rudaí tábhachtacha ina chinniúint.

Carachtar suimiúil eile ná Mary Simms (Lovie Simone), bean den chine dubh atá ag tindeáil ar Booth agus a chos briste aige. Bean chalma atá ag tnúth lena saoirse ach a chaithfidh aghaidh a thabhairt ar an gciníochas i gcónaí.

Tá a mhaitheasaí féin ag an saothar seo ach tá sé ró-ata.

Fág freagra ar 'Tóraíocht mhall leadránach fheallmharfóir Lincoln'