Tomás Ó Síocháin ceaptha ina Phríomhfheidhmeannach ar Údarás na Gaeltachta

Is é Tomás Ó Síocháin, arb as contae an Chláir ó thús dó ach a bhfuil cónaí air i mBearna i nGaeltacht Chonamara, an chéad duine riamh ó lasmuigh den eagraíocht a ceapadh ina phríomhfheidhmeannach

Tomás Ó Síocháin ceaptha ina Phríomhfheidhmeannach ar Údarás na Gaeltachta

Tá Tomás Ó Síocháin, ceannasaí Choimisiúin Forbartha an Iarthair, an WDC, ceaptha ina Phríomhfheidhmeannach ar Údarás na Gaeltachta.

Is é an chéad duine riamh ó lasmuigh den eagraíocht a ceapadh ina phríomhfheidhmeannach.

Sular ceapadh ina cheannasaí ar an WDC é, bhí Ó Síocháin, arb as contae an Chláir ó thús dó ach a bhfuil cónaí air i mBearna i nGaeltacht Chonamara, ag obair  in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, mar a raibh sé ina bhainisteoir ag plé leis an bhforbairt réigiúnda.

Sular aistrigh sé go dtí OÉ, Gaillimh, chaith Ó Síocháin 14 bliana ina eagarthóir agus iriseoir le TG4 agus RTÉ.

Thréaslaigh Anna Ní Ghallachair, Cathaoirleach Bhord an Údaráis, a cheapachán le Tomás Ó Síocháin.

“Tá ról lárnach ag an Údarás i bhforbairt agus i gcur chun cinn na Gaeltachta agus beidh de chúram ar an Phríomhfheidhmeannach nua, i gcomhar leis an mBord, stiúir a thabhairt don obair thábhachtach atá idir lámha ag an eagraíocht.  Rachaidh an taithí leathan agus an méid atá bainte amach aige i róil shinsearacha go mór chun sochair do phobal na Gaeltachta agus don teanga sa tréimhse amach romhainn.”

Cuirfidh an Príomhfheidhmeannach nua, atá tagtha i gcomharbacht ar Mhicheál Ó hÉanaigh, tús lena théarma conartha ar an 7 Nollaig. Idir an dá linn, beidh Stiúrthóir Seirbhísí Corporáideacha Údarás na Gaeltachta, Colm Ó Coisdealbha ina phríomhfheidhmeannach eatramhach ar an eagraíocht fiontraíochta agus pleanála teanga.

Fág freagra ar 'Tomás Ó Síocháin ceaptha ina Phríomhfheidhmeannach ar Údarás na Gaeltachta'