Tá Príomhfheidmeannach Eatramhach ceaptha ar Údarás na Gaeltachta tráth a meastar go bhfuil an eagraíocht ar tí duine ón taobh amuigh a cheapadh den chéad uair riamh sa phost is sinsearaí san eagraíocht.
Scaip Cathaoirleach Bhord an Údaráis nóta ar fhoireann na heagraíochta aréir ag cur in iúl dóibh go raibh Colm Ó Coisdealbha, Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha, le ceapadh ina Phríomhfheidhmeannach ar bhonn sealadach.
Dúirt an Cathaoirleach, Anna Ní Ghallachair, go ndéanfaí fógra go luath faoi cheapachán buan.
Bhí an ceapachán eatramhach á dhéanamh “le haon fholús a sheachaint” go dtí go mbeidh “an ról líonta”, a dúirt sí.
Amárach a thagann deireadh le conradh Mhichíl Uí Éanaigh mar Phríomhfheidhmeannach ar an eagraíocht fiontraíochta agus pleanála teanga.
Ba é an duine ón taobh amuigh is mó a bhí á lua leis an bpost ná Tomás Ó Síocháin, atá ina Phríomhfheidhmeannach ar Choimisiún Forbartha an Iarthair, an WDC.
Bhí Ó Síocháin, arb as contae an Chláir ó thús dó ach a bhfuil cónaí air i mBearna i nGaeltacht Chonamara, ag obair roimhe sin in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, mar a raibh sé ina bhainisteoir ag plé leis an bhforbairt réigiúnda. Tá cáilíochtaí acadúla gnó ag Ó Síocháin chomh maith.
Sular aistrigh sé go dtí OÉ, Gaillimh, chaith Ó Síocháin 14 bliain ina eagarthóir agus ina iriseoir le TG4 agus RTÉ.
Sa nóta inmheánach a scaip an Cathaoirleach ar bhaill foirne an Údaráis, ghabh sí buíochas le Micheál Ó hÉanaigh as an méid a chuir sé i gcrích le linn a thréimhse mar Phríomhfheidhmeannach le cúig bliana anuas.
“D’oibrigh Mike go dian dícheallach ar mhaithe le cuspóirí an Údaráis a chur i gcrích agus beidh lorg a láimhe le feiceáil ar an Ghaeltacht de thoradh na hoibre sin.
“I gcomhar leis an fhoireann ar fad, d’éirigh leis an eagraíocht a stiúradh tríd na dúshláin mhóra a bhronn an Breatimeacht agus COVID-19. In ainneoin na ndúshlán sin, agus cinn eile nach iad, tá an Ghaeltacht ag dul ó neart go neart de thoradh na hoibre a rinne sibhse faoi stiúir an Phríomhfheidhmeannaigh agus an Bhoird.”
Conradh cúig bliana ar théarma seasta a bheidh ag Príomhfheidhmeannach nua Údarás na Gaeltachta agus tuarastal €145,000 sa bhliain atá ag dul leis an bpost.
Tá Colm Ó Coisdealbha, atá le bheith ina phríomhfheidhmeannach eatramhach ar an Údarás go dtí go líonfar an post go buan, ina Stiúrthóir Seirbhísí Corparáideacha san eagraíocht ó 2020.
Roimhe sin bhí Ó Coisdealbha, arb as Baile na mBrabhach i nGaeltacht Chois Fharraige dó, ina Stiúrthóir ar Oifig an Choimisinéara Teanga,
Thug Colm Ó Coisdealbha 12 bliain ag obair in Oifig an Choimisinéara Teanga agus ardmheas air mar gheall ar a ról lárnach in obair na hoifige sin. Cúlra cuntasaíochta atá aige agus iarbhainisteoir é ar Chomhar Creidmheasa Cholm Cille.
Fág freagra ar 'Príomhfheidmeannach nua Údarás na Gaeltachta roghnaithe'