Togra drámaíochta Gaeilge nua á fhorbairt in Amharclann na Mainistreach

Tá an grúpa Gaeilge ‘Garraí an Ghiorria’ i measc na gcúig ghrúpa a roghnaíodh faoi ‘Abbey 5x5’, scéim forbartha de chuid na hamharclainne náisiúnta

Togra drámaíochta Gaeilge nua á fhorbairt in Amharclann na Mainistreach

Tá togra drámaíochta Gaeilge nua á fhorbairt ag an ghrúpa ‘Garraí an Ghiorria’ ar stáitse na Péacóige in Amharclann na Mainistreach an tseachtain seo.

Is faoi scéim nua de chuid na hamharclainne náisiúnta ‘Abbey 5×5’, atá an togra drámaíochta á fhorbairt.

Chuir 170 grúpa pobail isteach ar an scéim seo agus is é Garraí an Ghiorria an t-aon ghrúpa atá ag gabháil don obair forbartha i nGaeilge.

Faoin scéim, bronntar buiséad €5,000 ar chúig ghrúpa pobail agus tugtar cúig lá do gach grúpa lena saothar a fhorbairt san amharclann náisiúnta.

‘Téada, Rópaí agus Slabhra: Glór na ndaoine ina dtost’ an t-ainm atá ar thionscnamh Gharraí an Ghiorria agus scéal an fhile Piaras Feiritéar agus an lorg a d’fhág Cromail ar an chruit atá faoi chaibidil.

Is comhfhiontar de chuid Ealaín na Gaeltachta, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus an Chomhairle Ealaíon é Garraí an Ghiorria a cuireadh ar bun i mbliana.

Tá idir aisteoirí, stiúrthóirí, léiritheoirí agus rinceoirí páirteach san fhiontar, ina measc Linda Bhreathnach, James Riordan, Tara Breathnach, Colm Hefferon, Róisín Sheehy, Marianne Kennedy, Beartla Ó Flatharta agus Siobhán Ní Dhuinnín.

Is é an aidhm atá ag Garraí an Ghiorria, a deir siad, ná “dea-chleachtas agus scileanna” a fhorbairt i measc dhrámadóirí na Gaeilge.

Reáchtáil siad dhá cheardlann seachtaine i nGaoth Dobhair agus i gCorca Dhuibhne cheana féin i mbliana.

Dúirt urlabhraí ón ghrúpa Garraí an Ghiorria go bhfuil “an-áthas” orthu gur roghnaíodh iad le bheith páirteach sa scéim mar gur “an-deis” a bhí ann a dtogra a fhorbairt ar stáitse na Péacóige.

“Mar ealaíontóirí le Gaeilge, tá muid scaipthe amach óna chéile ar imeall na tíre. Tá an chuma ar an scéal go bhfuil muid inár dtost agus dofheicthe. Teastaíonn uainn go gcloisfear ár nglór!”.

Fág freagra ar 'Togra drámaíochta Gaeilge nua á fhorbairt in Amharclann na Mainistreach'